Ginealas

Taighde ar stair theaghlaigh

Cad is mian leat a fháil amach?

An mian leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi stair do theaghlaigh nó an bhfuil doiciméad an-sonrach á lorg agat maidir le duine aonair, is é sin, doiciméad amhail uacht?

Cén fáth go measann tú go bhfuil gá le cuairt a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta?

Tá taifid ag an gCartlann Náisiúnta a bhaineann le stát nua-aoiseach na hÉireann ón tráth a bunaíodh é go dtí thart ar an mbliain 1988 agus, ina theannta sin, tá roinnt mórbhailiúchán eile aici a fuarthas mar thoradh ar chónascadh Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn agus Oifig na Stát-Pháipéar sa bhliain 1986 tráth ar bunaíodh an Chartlann Náisiúnta. I measc na mbailiúchán sin, áirítear ábhair chartlainne de chuid lucht riaracháin na Breataine in Éirinn ar ábhair iad a bhaineann leis an 18ú haois, leis an 19ú haois agus leis an 20ú haois agus arb é an bailiúchán is mó díobh Páipéir Chláraithe Oifig an Phríomh-Rúnaí.

Ina theannta sin, tá roinnt bailiúchán príobháideach ag an gCartlann Náisiúnta, lena n-áirítear taifid ghnó, roinnt bailiúchán eastát talún agus deonacháin phríobháideacha. Is díol spéise ar leith iad ár mbailiúcháin d’aon duine ar spéis leo taighde a dhéanamh ar fhorbairt pholaitíochta, shóisialta agus eacnamaíochta na hÉireann ón 18ú haois go dtí an lá atá inniu ann. Tá roinnt dár mbailiúcháin, lena n-áirítear na bailiúcháin a bhaineann le Coimisinéirí an Oideachais Náisiúnta, leis an tSuirbhéireacht Ordanáis agus leis an Oifig Luachála, fóinteach go háirithe le haghaidh taighde ar stair áitiúil ós rud é go gcuimsíonn siad ábhair chartlainne a bhaineann le beagnach gach cuid d’Éirinn.

An bhfuil aon taighde cúlra déanta agat?

Is minic a thugann taighdeoirí cuairt ar an gCartlann Náisiúnta gan aon taighde tánaisteach a bheith déanta acu faoin duine aonair nó faoin teaghlach ar leith atá á lorg acu. Mholfaimis go mór do thaighdeoirí tús a chur lena gcuardach trí bhunfhíorais faoin duine aonair nó faoin teaghlach ar leith a bhfuil spéis acu ann nó inti a bhailiú.

Faigh an fhaisnéis ó fhoinsí teaghlaigh, lena n-áirítear litreacha nó doiciméid oifigiúla, amhail pasanna, ar nithe iad sin ar féidir faisnéis úsáideach a fháil uathu faoi litriú ainm teaghlaigh, faoi shloinnte roimh phósadh i gcás mná pósta, faoin gcontae, faoin bparóiste nó faoin mbaile fearainn arb as don duine atá i gceist agus faoin tráth ar fhág siad Éire agus faoin tír a ndeachaigh siad ar imirce chuici. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh faisnéis ann faoin tráth ar fhág duine Éire i dtaca lena fháil amach cén cineál taifead ar dóigh tagairt dóibh a bheith iontu. Tá sé úsáideach freisin chun duine a aimsiú nuair a d’fhéadfadh sé a bheith gur bhog siad chuig áit eile sa tír.

Baineann cuid mhór de na foinsí atá ann sa Chartlann Náisiúnta leis an tréimhse ó lár an 19ú haois go dtí tús an 20ú haois, ach d’fhéadfadh foinsí eile, amhail taifid eaglaise nó taifid faoi phóstaí sibhialta, a bheith fóinteach. Tá sé fóinteach freisin a fháil amach an raibh an duine atá á lorg bainteach le gairm nó le ceird. Mar shampla, tá faisnéis luachmhar ag an gCartlann Náisiúnta atá fóinteach dóibh siúd atá ag iarraidh sinsir a bhí ina múinteoirí scoile náisiúnta a aimsiú.

Roimh an gCuairt

Déan roinnt taighde cúlra trí úsáid a bhaint as foinsí digitithe amhail daonáirimh na mblianta 1901 agus 1911 nó taifid na hOifige Luachála atá ar fáil saor in aisce ar ár láithreán gréasáin ginealais. Bain úsáid as foinsí eile ar líne saor in aisce lena n-áirítear www.irishgenealogy.ie, ina gcuimsítear cuid mhór taifead de chuid na Príomh-Oifige Clárúcháin, agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, a bhfuil digitiú déanta aici ar chláir pharóiste na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí suas go dtí an bhliain 1880.

Má shainaithníonn tú ábhar cartlainne ar mian leat é a cheadú, arb ábhar é nach bhfuil digitiú déanta air, déan seiceáil i dtaobh an bhfuil sé ar fáil sa Chartlann Náisiúnta nó i bhforas eile, amhail Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Bunfíorais a mbeidh gá agat leo

Le go mbeidh seans maith ann go n-éireoidh le do chuardach, agus go n-éireoidh leat sinsear a shainaithint inár gcuid ábhar cartlainne nó inár gcuid foinsí eile faisnéise, tá sé inmholta de ghnáth trí rud ar leith a bheith ar eolas agat:

  • ainm an teaghlaigh;
  • an paróiste nó an baile fearainn a raibh cónaí orthu ann;
  • an tréimhse, go garbh, inar mhair siad.

Má bhíonn ainm, áit agus tréimhse gharbh ar eolas agat is mó an seans a bheidh ann go n-aimseoidh tú nasc. Mura mbíonn an paróiste nó an baile fearainn a raibh cónaí ar shinsear ann ar eolas agat, tá roinnt cuardach agus innéacsanna saor in aisce ar fáil ar líne agus is féidir iad a úsáid chun cabhrú leat an cuardach a dhíriú ar limistéar geografach ar leith. Tá tuilleadh faisnéise faoi fhoinsí ar fail faoi Foinsí le haghaidh stair theaghlaigh & áitiúil.

Tá digitiú déanta ar chuid mhór foinsí ginealais de chuid na Cartlainne Náisiúnta agus tá siad ar fáil saor in aisce ar ár láithreán gréasáin ginealais. Is féidir tuilleadh mionsonraí faoi na bailiúcháin a fháil ansin agus is féidir faisnéis faoin leas a d’fhéadfaí a bhaint astu le haghaidh taighde teaghlaigh a fháil faoi Foinsí le haghaidh stair theaghlaigh & áitiúil.

Comhairle fhóinteach maidir le dul i mbun taighde ar líne

Cé go bhfuil cuid mhór láithreán gréasáin ann an bhaineann le stair theaghlaigh agus a bhfuil acmhainní digiteacha agus saoráidí cuardaigh ar fáil orthu chun ligean duit sloinnte a chuardach, tá sé tábhachtach a chuimhneamh gur ceart duit, ar mhaithe le do chuardach a dhíriú ar bhealach níos cruinne, faisnéis bhreise a bheith agat faoin bparóiste ina raibh cónaí ar do shinsear agus faoin tréimhse gharbh lena mbaineann. Cuireann cuid mhór foras náisiúnta, agus an Chartlann Náisiúnta agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann san áireamh, rochtain saor in aisce ar bhailiúcháin dhigitithe ar fáil ar líne. Tá sé inmholta na hacmhainní saor in aisce sin a cheadú sula n-íocann tú síntiús le láithreáin ghréasáin phríobháideacha.

Ní ghearrann an Chartlann Náisiúnta táille i leith rochtain a fháil ar aon cheann dá láithreáin ghréasáin.

Cén tuiscint is ceart a bheith agam, roimh mo chuairt, faoi úsáid na Cartlainne Náisiúnta?

Is gá duit tuiscint a bheith agat faoin gcineál taifead a choinnímid agus faoin gcúis leis na taifid sin a choinneáil. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh tuairim agat faoin méid is mian leat a fhoghlaim le linn do chuairte. D’fhéadfadh taighde cartlainne a bheith deacair agus d’fhéadfadh sé cuid mhór ama a thógáil. Is faoin taighdeoir atá sé a chinntiú go mbíonn dóthain ama acu chun a dtaighde a dhéanamh. Tá tuilleadh faisnéise faoi dhul i mbun taighde cartlainne, agus faoi thuiscint a fháil ar an tslí ina bhfuil eagar curtha ar bhailiúcháin, ar fáil faoi Tús a chur le taighde cartlainne.

Aon chomhairle eile?

Soláthraímid seirbhís ghairmiúil chomhairleach ghinealais saor in aisce do thaighdeoirí. Bíonn an tseirbhís sin ar fáil ó Luan go hAoine, ó 10:00 go 17:00 (seachas sos lóin idir 13:00 agus 14:00), d’aon duine a bhfuil ticéad léitheora bailí aige/aici. Ginealeolaithe gairmiúla a chuireann an tseirbhís sin ar fáil agus is baill iad go léir de Accredited Genealogists of Ireland. Tá tuilleadh faisnéise faoi chuairt a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta agus faoi úsáid a bhaint as an tSeirbhís Ghinealais ar fáil faoi Tabhair cuairt orainn.