Taifid stairiúla

Ceisteanna a chuirtear go minic

Is ceart do mhic léinn tús a chur lena dtaighde trí fhoinsí tánaisteacha a cheadú ar mhaithe le comhthéacs a chur ar fáil i leith an ábhair nó an imeachta a bhfuil taighde á dhéanamh acu ina leith. Is fiú freisin leabharliostaí atá ann i bhfoilseacháin a cheadú d’fhonn foinsí a úsáideadh roimhe seo a aimsiú, lena n-áirítear na cóid tagartha lena mbaineann. Tógann taighde cartlainne cuid mhór ama uaireanta agus tá sé inmholta do thaighdeoirí an oiread ullmhúcháin agus is féidir a dhéanamh roimh chuairt a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thús a chur le do thaighde féach Tús a chur le taighde cartlainne.

Coimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid nua-Stát na hÉireann ón tráth ar bunaíodh é go dtí thart ar an mbliain 1988. Is é atá sa sainmhíniú ar thaifid roinne ná na taifid go léir a chruthaíonn, a fhaigheann agus a choimeádann gach roinn rialtais, na cúirteanna agus 61 chomhlacht atá liostaithe sa sceideal a ghabhann leis an Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 i gcúrsa a ngnó. Níl a gcuid oibleagáidí faoin Acht comhlíonta ag roinnt Ranna Stáit ná ag roinnt comhaltaí sceidealta, rud a fhágann nach ndearnadh riaráistí i ndáil le taifid atá níos sine ná 30 bliain a aistriú riamh chuig an gCartlann Náisiúnta. Sna cásanna sin, ní mór iarrataí ar rochtain a dhíriú chuig an roinn nó chuig an gcomhlacht lena mbaineann.

Ina theannta sin, tá taifid againn a fuarthas ó Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn agus ó Oifig na Stát-Pháipéar, ar oifigí iad sin a cónascadh chun an Chartlann Náisiúnta a fhoirmiú. Bhí na comhlachtaí sin ann roimh bhunú an Stáit agus cuimsíonn a gcuid sealúchas ábhar a bhaineann le riaradh na hÉireann ag na Briotanaigh. Baineann an chuid is mó de na taifid sin leis an 19ú haois agus leis an 20ú haois, ach baineann roinnt bailiúchán leis an 17ú haois agus leis an 18ú haois. Is é atá sa bhailiúchán is mó, agus is tábhachtaí, de na bailiúcháin sin ná Páipéir Chláraithe Oifig an Phríomh-Rúnaí (CSO/RP) ina bhfuil taifid ionadaí lucht riaracháin na Breataine i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Baineann an bailiúchán leis an tréimhse idir na blianta 1818 agus 1923. Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach Páipéir Chláraithe Oifig an Phríomh-Rúnaí.

Ina theannta sin, glacann an Chartlann Náisiúnta le bailiúcháin phríobháideacha a chomhlánaíonn ár gcuid sealúchas láithreach. I measc na mbailiúchán den sórt sin, áirítear taifid de chuid gnóthaí príobháideacha, taifid de chuid ospidéal, bailiúcháin de chuid aturnaetha agus bailiúcháin a bhaineann le heastáit talún. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi shealúchais na Cartlainne Náisiúnta féach Treoirleabhair & Foinsí Taighde.

Ní choimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid atá níos lú ná 30 bliain d’aois. Ní bhaineann an tAcht um Chartlann Náisiúnta 1986 ach amháin le taifid stáit atá níos sine ná 30 bliain.

Níl aon bhailiúcháin de chineál fótagrafaíochta nó litríochta againn. De ghnáth, faightear bailiúcháin den sórt sin i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann nó i gcartlanna údaráis áitiúil nó ollscoile.

Chun faisnéis a fháil faoi chuardach a dhéanamh sa chatalóg ar líne, féach Ceisteanna a Chuirtear go Minic faoin gcatalóg ar líne.

I gcás athrú a bheith déanta ar fheidhmeanna ranna, déanfar na taifid a cruthaíodh i ndáil leis an obair a bhain leis na feidhmeanna sin a aistriú chuig rannóg nua nó chuig an roinn nua. Tarlaíonn sé sin níos minice i gcás taifid a cruthaíodh ó bhí blianta na 1970-idí ann tráth ar tháinig leathnú ar an líon ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí. D’fhéadfadh sé sin deacrachtaí a chruthú do thaighdeoirí a mhéid a bhaineann le taifid iomchuí a aimsiú.

Is fiú tuiscint a fháil ar na ranna rialtais a bhféadfadh ionchur a bheith acu sa réimse beartais lena mbaineann agus chun a chinneadh an bhfuil athrú tagtha ar fheidhmeanna de chuid roinn ar leith. Is féidir an méid sin a dhéanamh trí na foinsí éagsúla a bhaineann le stair na Státseirbhíse agus láithreáin ghréasáin na ranna atá ann faoi láthair a cheadú. D’fhéadfadh sé freisin gur fiú Irish State Administration Database (Bunachar Sonraí Riaracháin Stát na hÉireann), ar tionscadal é atá forbartha ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus ag an bhForas Riaracháin, a cheadú.

I gcás ina mbíonn deacracht ag taighdeoirí maidir le taifid a aimsiú, is fiú cartlann Roinn an Taoisigh a cheadú ós rud é gur nós leis an roinn sin feidhmiú mar rúnaíocht don rialtas. Is féidir teacht ar gach réimse ábhair i gcomhaid chlárlann lárnach Roinn an Taoisigh. Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach Tús a chur le taighde cartlainne.

D’fhéadfadh sé go mbeadh bailiúcháin phríobháideacha, go háirithe bailiúcháin de chuid daoine a raibh baint dhíreach acu le beartas dréachtaithe, fóinteach do thaighdeoirí. Tá bailiúcháin phríobháideacha de chuid polaiteoirí, státseirbhíseach nó eagraíochtaí a bhféadfadh baint a bheith acu le beartais ar leith á gcoimeád i gcartlanna cuid mhór ollscoileanna. Speisialtóireacht de chuid chartlann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, is ea bailiú páipéar de chuid pearsana polaitíochta, ach d’fhéadfadh sé go bhfuil bailiúcháin eile ar taisceadh i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann nó in alma mater an duine lena mbaineann. Tá Irish History Online (Stair na hÉireann Ar Líne) ann, is é sin le rá, bunachar sonraí atá tiomsaithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann agus ina leagtar amach foinsí cartlainne in Éirinn agus thar lear. Is fiú a chuimhneamh freisin go bhféadfadh sé go bhfuil páipéir phríobháideacha á gcoimeád ag teaghlach an duine lena mbaineann agus nach féidir rochtain orthu a ráthú.

 

Is é atá i dtaifid stáit ná taifead oifigiúil an rialtais a chruthaítear, a fhaightear nó a choinnítear i gcúrsa obair na Ranna Stáit, na gcúirteanna nó na gcomhlachtaí poiblí atá liostaithe sa sceideal a ghabhann leis an Acht um Chartlann Náisiúnta 1986. Tá oibleagáid dhlíthiúil ar na comhlachtaí sin téarmaí an Achta um Chartlann Náisiúnta 1986 a chomhlíonadh le linn bainistíocht a dhéanamh ar a gcuid taifead agus tá oibleagáid orthu freisin taifid atá níos sine ná 30 bliain agus ar gá iad a chaomhnú mar ábhair chartlainne a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta.

Baintear úsáid as an téarma ‘foinse phríobháideach’ chun cur síos a dhéanamh ar aon bhailiúchán nach gclúdaítear le reachtaíocht ach a nglacann an Chartlann Náisiúnta leis ós rud é go gcuireann sé go mór leis an taifead stairiúil agus le féiniúlacht chultúir na hÉireann.

Cuimsíonn foinsí príobháideacha raon an-leathan bailiúchán agus is féidir páipéir de chuid daoine aonair, teaghlach, gnóthaí, ospidéal, aturnaetha nó eagraíochtaí a bheith i gceist leo. I measc na mbailiúchán príobháideach atá ag an gCartlann Náisiúnta áirítear taifid na n-eastát talún, bailiúcháin de chuid roinnt mór-ospidéal, ábhair chartlainne eagraíochtaí amhail ceardchumainn agus Banghasóga na hÉireann agus an Suirbhé ar Thaifid Ghnó, is é sin, suirbhé náisiúnta ar thaifid ghnó ina bhfaightear léargas luachmhar go minic ar fhorbairt shóisialta agus ar fhorbairt eacnamaíochta na hÉireann.

Tá rochtain ar roinnt bailiúchán príobháideach srianta agus moltar do thaighdeoirí teagmháil a dhéanamh leis an gCartlann Náisiúnta roimh ré nó moltar dóibh labhairt leis an gCartlannaí Ar Dualgas sa seomra léitheoireachta. Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach Treoirleabhair & Foinsí Taighde.

Níl. Ní dhéantar taifid ranna a dhigitiú sa ghnáthchúrsa gnó agus ní mór do thaighdeoirí cuairt a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta chun rochtain a fháil ar na bailiúcháin lena mbaineann. Tá tuairim is 50 milliún ítim ag an gCartlann Náisiúnta ina cuid bailiúchán agus ní bheadh sé praiticiúil cainníocht taifead chomh mór sin a dhigitiú agus is beag an tairbhe a bheadh aige sin i gcomparáid leis an scála agus leis an gcostas a bheadh i gceist. Féadfaidh taighdeoirí na taifid bhunaidh a cheadú, saor in aisce, sa Seomra Léitheoireachta nó féadfaidh siad cóipeanna de chomhaid a ordú ach táille a íoc. Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach Cóipeanna d’ábhair chartlainne a fháil.

Gabhann cód tagartha uathúil tríchodach le gach ábhar a aistrítear chuig an gCartlann Náisiúnta agus atá liostaithe sa chatalóg ar líne. Is ceart an cód tagartha sin a úsáid nuair atá ábhar á ordú nó nuair atá tagairt á déanamh d’ábhar na Cartlainne i dtráchtais nó i bhfoilseacháin.

I gcás nach bhfuil cód tagartha tríchodach tugtha do na taifid lena mbaineann, is ceart cur síos a thabhairt ar an tsraith taifead, mar aon le cur síos a thabhairt ar chruthaitheoir an ábhair cartlainne. Is fíor sin go minic i gcás ábhar den chineál is sine, go háirithe taifid luatha de chuid na gcúirteanna a aistríodh sular cuireadh córas reatha tagartha na dtaifead i bhfeidhm. Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach Tagairt a dhéanamh d’ábhair chartlainne.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi théarmaíocht chartlainne féach Gluais.