Ginealas

Ceisteanna a chuirtear go minic

Is ceart duit tosú trí bhunfhíorais a bhailiú faoin duine nó faoin teaghlach ina bhfuil spéis agat. Faigh an fhaisnéis ó fhoinsí teaghlaigh, lena n-áirítear litreacha nó doiciméid oifigiúla, amhail pasanna, ar nithe iad sin ar féidir faisnéis úsáideach a fháil uathu faoi litriú ainm teaghlaigh, faoi shloinnte roimh phósadh i gcás mná pósta, faoin gcontae, faoin bparóiste nó faoin mbaile fearainn arb as don duine atá i gceist agus faoin tráth ar fhág siad Éire agus faoin tír a ndeachaigh siad ar imirce chuici. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh faisnéis ann faoin tráth ar fhág duine Éire i dtaca lena fháil amach cén cineál taifead ar dóigh tagairt dóibh a bheith iontu. Tá an fhaisnéis sin fóinteach freisin i ndáil le duine a aimsiú a chuaigh chuig cuid eile den tír, b’fhéidir. Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach Taighde a dhéanamh ar Stair Theaghlaigh.

Cuireann an Chartlann Náisiúnta Seirbhís Chomhairleach Ghinealais Saor in Aisce ar fáil ó Luan go hAoine, ó 9.15 go 17.00, ach ní bhíonn an tseirbhís sin ar fáil ar feadh leathuaire ag am lóin idir 13.30 agus 14.00. Beidh an Ginealeolaí in ann comhairle a thabhairt i dtaobh conas do chraobh ghinealaigh a rianú agus beidh comhairle ghinearálta faoi na bailiúcháin ar fáil ón gCartlannaí ar Dualgas sa Seomra Léitheoireachta

Tá digitiú déanta ar chuid mhór foinsí ginealais de chuid na Cartlainne Náisiúnta agus tá siad ar fáil saor in aisce ar ár Láithreán gréasáin ginealais. Is féidir tuilleadh mionsonraí faoi na bailiúcháin a fháil ansin agus is féidir faisnéis faoin leas a d’fhéadfaí a bhaint astu le haghaidh taighde teaghlaigh a fháil faoi Foinsí le haghaidh stair theaghlaigh & áitiúil.

Ní ghearrtar. Ní ghearrann an Chartlann Náisiúnta táille i leith rochtain a fháil ar aon chuid dá hacmhainní ar líne.

Tá cuid mhór bailiúchán ag an gCartlann Náisiúnta agus oireann siad do thaighde faoi theaghlaigh agus do thaighde faoi stair áitiúil. I measc na n-ábhar sin áirítear tuairisceáin daonáirimh, taifid luachála talún, taifid thiomnacha (uachtanna), taifid ó thithe na mbocht, taifid ionnarbtha, taifid eastáit agus taifid ghnó.

Tá digitiú déanta ar roinnt bailiúchán, lena n-áirítear daonáirimh na mblianta 1901 agus 1911, agus tá siad sin ar fáil ar líne ar ár Láithreán Gréasáin Ginealais. Níl digitiú déanta ar fhormhór mór na mbailiúchán agus ní mór iad a cheadú i bpearsa i Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta.

Féach Taighde a dhéanamh ar stair theaghlaigh sa Chartlann Náisiúnta, le do thoil, chun tuilleadh faisnéise a fháil, lena n-áirítear chun a fháil amach cad iad na taifid atá againn le haghaidh stair theaghlaigh agus cad iad na taifid nach bhfuil againn.</p

D’fhéadfadh taighde cartlainne a bheith deacair agus d’fhéadfadh sé cuid mhór ama a thógáil. Tá tuilleadh faisnéise faoi dhul i mbun taighde cartlainne, agus faoi thuiscint a fháil ar an tslí ina bhfuil eagar curtha ar bhailiúcháin, ar fáil faoi Tús a chur le taighde cartlainne.

Is é atá in uacht ná doiciméad ina dtaispeántar mianta an duine éagtha. I gcás ina bhfaigheann duine ag a bhfuil sócmhainní, amhail talamh nó maoin nó sealúchais, bás ina dhíthiomnóir nó ina díthiomnóir, is é sin, gan uacht a bheith déanta aige nó aici, déantar iarratais chun na hArd-Chúirte chun deonú riaracháin a fháil d’fhonn ceanglais dhlíthiúla den chineál atá leagtha amach sna dlíthe a bhaineann le comharbas a chomhlíonadh. Ní féidir deonú probháide nó deonú riaracháin a eisiúint ach amháin i gcás duine atá básaithe. Chun faisnéis a fháil faoi fhoinsí dlíthiúla, lena n-áirítear uachtanna, a úsáid, féach Taifid dhlíthiúla.

Níl. Déantar deimhnithe breithe, básanna agus póstaí a choimeád sa Phríomh-Oifig Chlárúcháin,

Sráid San Werburgh, Baile Átha Cliath 8.

Níl. Déantar cláir Pharóistí Caitliceacha a choimeád i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá cóipeanna de roinnt clár paróiste de chuid Eaglais na hÉireann ag an gCartlann Náisiúnta agus coimeádtar an chuid is mó díobh sin ar mhicreascannán.