Latest News

Fillteán i bhFócas: gníomhaithe ticéad gan scrupall – eisimirce sa fichiú haois déag


23.05.08 Doiciméad na míosa   Taispeántais ar líne  

Baineadh úsáid as ceadúnais ghníomhairí pasáiste mar fhógraí (NAI 2022/29/20 agus 24)

Is comhad dar teideal ‘Cúrsaí eisimirce 1925-1926’ an ‘fillteán i bhfócas’ seo, agus tá na ceisteanna seo a leanas á bplé ann: suirbhéireacht ar longa eisimirceach maidir lena muiracmhainneacht, imréiteach longa (nuair a rinneadh seiceáil ar an long, na paisinéirí tríú grad, agus ar an soláthar leighis roimh imeacht), agus clárú na ngníomhairí pasáiste agus na ‘reathaithe eisimirceach’ (emigrant runners). Is páirt é an comhad de shraith cruthaithe ag an Oifig Eisimirce, Roinn Tionsclaíochta agus Trádála, agus aistríodh é ó Oifig na Suirbhéireachta Muirí (Roinn Iompair).

De ghnáth, ba úinéirí gnólachtaí beaga iad na gníomhairí pasáiste, úinéirí tithe tábhairne ina measc, a dhíoladh ticéid do chuideachtaí loingseoireachta áirithe. D’oibríodh reathaithe eisimirceach d’úinéirí tithe lóistín, d’úinéirí siopaí, agus d’úinéirí tithe tábhairne i mbailte port, agus d’iarradh siad ar dhaoine a ba mhian leo téigh ar imirce, úsáid a bhaint as na heagraíochtaí sin sula ndeachaigh siad ar bord. Rinne breithimh dúiche ceadúnas a thabhairt do ghníomhairí agus reathaithe araon, ach d’fhéadfadh go ndearnadh calaois ar dhuine a phleanáil téigh ar imirce, nó go rachfaí i dtír orthu.

Tá comhfhreagras an-suimiúil ann idir an Príomhshuirbhéir, an t-Oifigeach Eisimirce an Captaen MH Clarke, an t-Innealtóir Sinsearach George McFarlane Gray, agus Príomhoifigeach Mícheál Ó Duíginn, Brainse Iompair agus Muirí, Roinn Tionsclaíochta agus Trádála, ó mhí an Mhárta 1925. Feictear dúinn go raibh droch-chleachtaí ag gníomhairí pasáiste agus pléadh mar a d’fhéadfadh teacht i dtír ar mhná nach raibh taithí acu ar thaisteal. Thuairiscigh Gray mar seo:

“Sílim gur lúb ar lár é an Gníomhaire [Pasáiste] in eagraíocht an ghnó. Is eagal liom nach féidir a bheith ag súil le go gcuirfidh na fir sin go léir a leas daonnúil roimh a leas gnó.” (7 Márta)

Mhol sé fiosrúchán ar na modhanna i bhfeidhm ag gníomhairí pasáiste na hÉireann.

Moladh agus géire leis: an t-Innealtóir Sinsearach, Corcaigh, chuig Príomhshuirbhéir, Baile Átha Cliath, faoi mar a phléigh Canada le hinimircigh (7 Márta 1925) (NAI 2022/29/1)

Rinne Clarke é seo a thuairisciú don Phríomhoifigeach sa Roinn, agus chuir sé sonraí leis faoi mar a d’iarradh gníomhairí pasáiste in amanna, níos mó airgid a fháil ó heisimircigh ná an táille dleathach ceadaithe, agus faoi mar a d’fhéadfadh teacht i dtír ar mhná a shroicheadh bailte port agus nár thuig cad a bhí ag tarlú (9 Márta). Luann sé fáthanna gan ceadúnais a thabhairt do thábhairneoirí: bhaineadh an gníomhaire-tábhairneoir tairbhe as “gach sórt cleas …chun breis is an táille ceadaithe a fháil”, i mbailte mar a tuigeadh gur sheol daoine muinteartha níos mó ná an costas ticéid abhaile.

Maidir le ceist na mban eisimirceach, bhuail Clarke le hionadaithe carthanachtaí i mBaile Átha Cliath a raibh dírithe ar leas ban agus páistí: Cumann Idirnáisiúnta um Chosaint Cailíní Caitliceacha (CICCC), Cara-Cumann na gCailíní (Protastúnach), agus Cumann Naomh Uinseann de Pól.

Dúirt bainisteoir an CICCC, Iníon Uí Dhochartaigh le Clarke go raibh cosaint de dhíth ar mhná a bhí ag teacht ó Iarthair na hÉireann agus “go bhfuair gníomhairí, airpeanna is araile an lámh in uachtar orthu”. Dá réir, rinne oifigigh an CICCC iarracht tacaíocht a thabhairt do chailíní a bhain an stáisiún traenach amach. Thug siad cuireadh chun a gcuid brúnna dóibh, ach bhí siad in iomaíocht le húinéirí tithe lóistín agus óstán

a dhéanann iad a mhealladh chuig a gcuid dtithe agus ar ndóigh ó dhea-thionchar an Chumainn. Ba mhinic go bhfuarthas na mná óga sin níos déanaí in hallaí damhsa agus in áiteanna eile gan mhaith.

Ar bhealach inchurtha le Gray, mhol Clarke maoirseacht níos fearr ar na gníomhairí, agus laghdú an líon gníomhairí.

Príomhoifigeach, Brainse Iompair agus Muirí, Roinn Tionsclaíochta agus Trádála (9 Márta 1925) (NAI 2022/9/1)

Ina theannta sin, bhí oifigigh ag iarraidh socrú a dhéanamh faoin téarma ‘imircigh’, an raibh sé as dáta le cuir síos ar phaisinéirí tríú grad nó stírise. Déantar trácht i meamram 16 Deireadh Fómhair 1925 faoi mar a thosaigh an United States Lines agus cuideachtaí loingseoireachta eile tráchtáil turasóireachta a chur ar bun: “tá aicme nua Meiriceánaigh nach bhfuil maoin an tsaoil go fairsing acu agus a bhfuil fonn mór orthu, cuairt a thabhairt ar na tíortha seo agus ar an Eoraip”. Moladh nár cheart measúnú leighis a dhéanamh ar thurasóirí den sort sin sular imigh siad arís.

I dteannta leis an gcomhad sin, tá cúpla clár sa sraith seo freisin ina bhfaightear na rudaí seo a leanas: figiúirí le haghaidh inimircigh ar tí imeachta; liostaí randamacha paisinéirí 1933-1942 (m.sh. ceann le haghaidh crús ‘Uile-Caitliceach ar an stíméar dhá-scriú ‘Tuscania’ in 1935 (2022/29/6), tuairiscí oifigigh leighis, agus thart ar 280 ceadúnas cealaithe ó roinnt cuideachtaí loingseoireachta: curtha i gcló ar chairtchlár, crochtaí iad i siopaí agus tábhairní na ngníomhairí – féach cúpla sampla thuas le do thoil.

Is féidir teacht ar na páipéirí sa Seomra Léitheoireachta: féach an áis aimsithe maidir leis an Roinn Iompair le haghaidh liosta iomlán na gcomhad (2022/29).

Vera Moynes, Cartlannaí