Tabhair cuairt orainn

Pleanáil do chuairt

Céard é an Chartlann Náisiúnta?

Is é atá sa Chartlann Náisiúnta ná an t-ionad oifigiúil ina dtaisctear taifid rialtais agus inar féidir le daoine den phobal breathnú ar ábhair chartlainne bhunaidh. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Eolas fúinn.

Cad iad na huaireanta oscailte

Bíonn Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta ar oscailt ón Luan go dtí an Aoine ó 10.00 go dtí 17.00 (seachas dúnadh 13.00-14.00 nuair a bhfuiltear ag súil go bhfágfaidh léitheoirí an Seomra). Chun tacaíocht a thabhairt do léitheoirí leanúint ar aghaidh lena gcuid oibre, beidh an Seomra Léitheoireachta ar oscailt fiú le linn am lóin, gach Luain. Féach anseo maidir le laethanta dúnta in 2024 le do thoil. 

Cá bhfuil an Chartlann Náisiúnta suite?

Tá an Chartlann Náisiúnta suite ar Shráid an Easpaig i lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé suite gar d’Ardeaglais Naomh Pádraig agus do Shráid Grafton. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach Léaráid shuíomh na Cartlainne Náisiúnta.

Cad atá le fáil ann?

I measc ár gcuid sealúchas áirítear comhaid de chuid ranna stáit, na gcúirteanna (lena n-áirítear uachtanna) agus comhlachtaí poiblí amhail an Phríomh-Oifig Staidrimh, an tSuirbhéireacht Ordanáis agus an Oifig Luachála, gan trácht ar oifigí eile atá liostaithe sa sceideal a ghabhann leis an Acht um Chartlann Náisiúnta 1986. Tá cuid mhór bailiúchán príobháideach againn freisin, lena n-áirítear páipéir theaghlaigh agus eastát, bailiúcháin aturnaetha, bailiúcháin ospidéal agus taifid ghnó.

An bhfuil na hábhair chartlainne go léir ar fáil ar líne?

Níl. Níl digitiú déanta ar fhormhór mór na n-ábhar cartlainne agus ní mór iad a cheadú i bpearsa i Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta.

Cad is gá dom a dhéanamh roimh mo chuairt?

Chun an leas is fearr agus is féidir a bhaint as do chuairt, moltar duit an chatalóg agus na treoirleabhair ar líne atá ann maidir leis na taifid a choinnítear sa Chartlann Náisiúnta chun tuairim a fháil faoin ábhar atá á lorg agat agus chun a chinntiú go bhfuil sé ar fáil inár gcuid sealúchas. Ina theannta sin, is fóinteach dul chuig Tús a chur le taighde cartlainne chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Cad is gá dom a bhreith liom nuair a bheidh cuairt á tabhairt agam ar an gCartlann Náisiúnta?

Ní mór do gach taighdeoir iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora tráth a gcéad chuairte. Tá gá le doiciméad aitheantais fótagrafach, amhail pas nó ceadúnas tiománaí, mar aon le cruthúnas ar do sheoladh buan, amhail bille fóntais a fuarthas le déanaí. Mairfidh ticéad léitheora 3 bliana agus ní mór é a thabhairt ar aird ar gach cuairt. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil faoi An seomra léitheoireachta a úsáid.

Ní raibh mé i gcartlann riamh roimhe seo; an mbeidh duine éigin ann chun cabhrú liom?

Bíonn cartlannaí ann gach lá sa Seomra Léitheoireachta chun comhairle agus treoir a chur ar fáil do thaighdeoirí faoi na bailiúcháin atá againn. Ní dhéanfaidh an cartlannaí taighde thar do cheann ach is féidir leis/léi treoir a thabhairt duit. Ina theannta sin, soláthraímid seirbhís chomhairleach ghairmiúil ghinealais ar fáil saor in aisce do thaighdeoirí atá ag gabháil do stair theaghlaigh.

Cad iad na seirbhísí a sholáthraímid?
Seomra Léitheoireachta

Soláthraíonn an Chartlann Náisiúnta seomra léitheoireachta poiblí do thaighdeoirí le gur féidir leo ábhar bunaidh nó ábhair chartlainne a choinnítear ar mhicreascannán a léamh. Ní mór do dhaoine ticéad léitheora a bheith acu chun rochtain a fháil ar an tseirbhís seo.

Cartlannaí Ar Dualgas

Bíonn Cartlannaí Ar Dualgas ar fáil gach lá chun comhairle a thabhairt do thaighdeoirí agus chun ceisteanna faoinár gcuid sealúchas a fhreagairt. Ní mór do dhaoine ticéad léitheora a bheith acu chun rochtain a fháil ar an tseirbhís seo.

Seirbhís chomhairleach ghinealais saor in aisce

Cuireann an Chartlann Náisiúnta seirbhís chomhairleach ghinealais ar fáil saor in aisce ó Luan go hAoine, ó 10.00 go dtí 17.00, do dhaoine den phobal a bhfuil ceisteanna acu a bhaineann le stair teaghlaigh. Is ginealeolaithe gairmiúla a sholáthraíonn an tseirbhís agus oibrítear í ar an mbonn go bhfreastalaítear ar dhaoine san ord ina dtagann siad ar an láthair. Ní mór do dhaoine ticéad léitheora a bheith acu chun rochtain a fháil ar an tseirbhís seo.

Seirbhís ordaithe cóipeanna

Soláthraíonn an Chartlann Náisiúnta seirbhís ordaithe cóipeanna do dhaoine den phobal ar mian leo cóipeanna deimhnithe a fháil ar mhaithe le cúrsaí dlíthiúla nó dóibh siúd ar mian leo cóipeanna pléineáilte a fháil mar fhaisnéis agus nach féidir leo teacht go Baile Átha Cliath chun an t-ábhar bunaidh a cheadú. Chun liosta na muirear a fháil, féach Achoimre ar Tháillí chun na príomh-mhuirir a fheiceáil agus féach ar Na Rialacháin um Chartlann Náisiúnta (Táillí) 2012 chun an liosta iomlán a fheiceáil.

Ábhar a ordú roimh ré

I gcás taighdeoirí ar mian leo ábhair chartlainne nach gcoinnítear ach amháin in áiteanna lasmuigh de láthair na Cartlainne Náisiúnta, is féidir leo an t-ábhar a ordú roimh ré. Ní ghlacfar le horduithe roimh ré ach amháin má fhaightear iad 3 lá oibre roimh an gcuairt agus i gcás ina bhfuil an cód ceart tagartha ar eolas acu. Is ar an bpáirtí iarrthach atá an dualgas an fhaisnéis sin a sholáthar. Ní ghlacfar le horduithe leis an teileafón.

Is ceart orduithe roimh ré a chur chuig [email protected].

Cuairteanna/turais/cainteanna eagraithe

Mar chuid dá chlár cianrochtana agus oideachais, féachann an Chartlann Náisiúnta le turais a chur ar fáil inár gcuid saoráidí do pháirtithe ar spéis leo a leithéid, mar aon le cainteanna a eagrú faoi obair na Cartlainne Náisiúnta. Ní mór iarrataí a dhéanamh i scríbhinn chuig [email protected] agus cur síos a dhéanamh ar an ngrúpa lena mbaineann agus ar an gcúis leis an gcuairt. Cé go ndéanaimid iarracht an oiread iarrataí agus is féidir a éascú, bíonn na cuairteanna sin faoi réir baill foirne a bheith ar fáil.

Ina theannta sin, is minic a thugann baill foirne cuairt ar ghrúpaí agus ar eagraíochtaí chun cainteanna agus léachtaí a thabhairt ar aon ábhar a bhaineann le bailiúcháin shonracha nó a bhaineann le hobair fhoriomlán na Cartlainne Náisiúnta.

Níl an Chartlann Náisiúnta in ann iarrataí a éascú a bhaineann le grúpaí teagaisc ar leithligh.

Cad iad na seirbhísí nach soláthraímid?
An ndéantar taighde thar ceann daoine aonair?

Ní dhéantar. Ní sholáthraíonn an Chartlann Náisiúnta seirbhís taighde. Is ábhar príobháideach é taighdeoir gairmiúil a fhostú agus ní féidir leis an gCartlann Náisiúnta aon fhreagracht a ghlacadh i leith chaighdeán aon oibre a dhéantar. Ní dhéileálfar le taighdeoirí gairmiúla ar bhealach níos fabhraí, ná ní thabharfar rochtain níos fabhraí dóibh, ná mar a dhéantar i gcás daoine eile. Beidh siad faoi réir na rialacha agus na rialachán céanna a chuirtear i bhfeidhm maidir le gach duine den phobal i gcoitinne.

Rochtain inár bhfoirgneamh
Foirgneamh Shráid an Easpaig

Maidir le foirgneamh na Cartlainne Náisiúnta ar Shráid an Easpaig, tá rochtain iomlán ar fáil ann do thaighdeoirí agus do dhaoine den phobal i gcoitinne a mbaineann soghluaisteacht laghdaithe leo. Is féidir an t-ardaitheoir i halla an bhealaigh isteach a úsáid chun rochtain a fháil ar an bpríomhleibhéal bunurláir (fáiltiú, seomra na locar agus leithris). Soláthraíonn ardaitheoir an phríomhfhoirgnimh rochtain ar an Seomra Léitheoireachta agus ar shaoráidí gaolmhara, lena n-áirítear oifig an Chartlannaí Ar Dualgas, ticéid léitheora, an Seomra Micreascannáin/cóipeanna ar an toirt, Seirbhís Ghinealais agus leithris. Is ceart do chuairteoirí a thabhairt dá n-aire go bhfuil an Seomra Léitheoireachta suite ar an 5ú hurlár agus nach bhfuil rochtain le fáil air ach amháin leis an ardaitheoir nó leis an staighre.

Aslonnú i gcás éigeandála

‘Evac+Chairs’ ar fáil lena n-úsáid i gcás aslonnú éigeandála an tSeomra Léitheoireachta agus na saoráidí gaolmhara. Ní mór do léitheoirí a mbaineann soghluaisteacht laghdaithe leo teagmháil a dhéanamh leis an gCartlannaí Ar Dualgas gach uair a thagann siad ar cuairt lena chinntiú go mbíonn an Chartlann Náisiúnta ar an eolas faoina gcuid riachtanas.