Tabhair cuairt orainn

An seomra léitheoireachta a úsáid

Cé atá in ann an Chartlann Náisiúnta a úsáid?

Ceadaítear d’aon duine den phobail ag a bhfuil ticéad léitheora bailí rochtain a fháil ar Sheomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta.

An gceadaítear do leanaí cuairt a thabhairt ar an Seomra Léitheoireachta?

Ní cheadaítear. Ní cheadaítear do leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois rochtain a fháil ar an Seomra Léitheoireachta mura rud é go bhfuil ceadú tugtha roimh ré ag Ceann na Seirbhísí Poiblí. Is áit chiúin staidéir í an Seomra Léitheoireachta ar áit í ina bhfuil doiciméid bhunaidh chartlainne agus, dá bhrí sin, níl sé oiriúnach do leanaí. D’fhéadfadh sé go ligfear do mhic léinn ardteistiméireachta teacht isteach ar choinníoll go ndéanann siad iarratas ar thicéad léitheora agus go ndéanann siad de réir na comhairle cirte maidir le rochtain a fháil ar dhoiciméid agus maidir le doiciméid a chaomhnú.

Cad iad na huaireanta oscailte?

I ngeall ar chúrsaí sláinte poiblí a bhí ann le déanaí, bhí ar an gCartlann Náisiúnta a cuid seirbhísí a athrú. Faoi láthair, tá Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta ar oscailt Dé Luan go dtí Dé hAoine, 10.00 go dtí 17.00 (seachas dúnadh 13.00-14.00 nuair a bhfuiltear ag súil go bhfágfaidh léitheoirí an Seomra), do bhaill den phobal a bhfuil ticéad léitheora bailí acu. Chun tacaíocht a thabhairt do léitheoirí leanúint ar aghaidh lena gcuid oibre, beidh an Seomra Léitheoireachta ar oscailt fiú le linn am lóin, gach Luain.

Cúrsaí Slándála agus Caomhantais i dtaca le hábhair chartlainne sa Seomra Léitheoireachta

Ní mór do gach cuairteoir a thagann chuig an gCartlann Náisiúnta na Rialacha do léitheoirí a shíniú nuair a dhéanann siad iarratas ar thicéad léitheora. Tá na rialacha sin ann chun a chinntiú go mbeidh timpeallacht chompordach ann do gach taighdeoir agus chun caomhnú doiciméad bunaidh a áirithiú. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil sna Rialacha do léitheoirí.

 Cad iad na nithe ar féidir liom iad a thabhairt isteach sa Seomra Léitheoireachta?
  • Ní mór do chuairteoirí giuirléidí pearsanta a fhágáil i locair dhaingne atá ar fáil saor in aisce. Áiríonn sé sin málaí, málaí láimhe, cásanna iompair, málaí cáipéisí, leabhair agus nuachtáin.
  • Ceadaítear do chuairteoirí sparán a thabhairt isteach sa seomra léitheoireachta.
  • Ceadaítear pinn luaidhe nach bhfuil scriosán orthu. Ina theannta sin, cuireann an Chartlann Náisiúnta pinn luaidhe ar fáil sa Seomra Léitheoireachta.
  • Ní cheadaítear pinn, aibhsitheoirí, bioróirí pinn luaidhe ná nithe eile ar dóigh dóibh damáiste a dhéanamh d’ábhair chartlainne.
  • Ní cheadaítear nuachtáin, irisí ná leabhair.
  • Ceadaítear ceamairí digiteacha a thabhairt isteach. Ní cheadaítear splanc-ghrianghrafadóireacht ná ní cheadaítear tríchosaigh a úsáid.
  • Is féidir Ríomhairí Glúine agus táibléid a úsáid. Tá toirmeasc iomlán ar threalamh scanta d’aon chineál.
  • Tá toirmeasc iomlán ar bhia nó ar dheochanna d’aon chineál. Tá fuaraitheoir uisce ar fáil i bhforhalla an tSeomra Léitheoireachta agus i seomra na locar.
Laistigh den Seomra Léitheoireachta

Nuair a bhítear ag obair le hábhair chartlainne bhunaidh:

  • Is ortsa atá an fhreagracht i ndáil le coimirciú riocht na n-ábhar cartlainne atá tugtha duit.
  • Ní mór duit fanacht ag an deasc a thugtar duit chun breathnú ar thaifid agus chun grianghraf a thógáil díobh.
  • Ní mór duit úsáid a bhaint as aon trealamh speisialtóireachta a sholáthraítear, lena n-áirítear cúisíní le haghaidh imleabhair mhóra.
  • Ní cheadaítear ach aon ítim amháin a bheith ar oscailt ar dheasc aon tráth áirithe.
  • Is ceart na hábhair chartlainne a fhágáil ina luí go cothrom ar an mbord gach tráth.
  • Ní mór na hábhair chartlainne a choimeád san ord céanna inar tugadh duit iad. Más cosúil go bhfuil comhaid i mbosca, nó leathanaigh i bhfillteán, as ord, ná hatheagraigh na hábhair chartlainne tú féin. Déan teagmháil leis an gCartlannaí Ar Dualgas, le do thoil.

Is áit chiúin staidéir í an Seomra Léitheoireachta. Iarraimid ort staonadh ó chomhráite os ard nó ó chomhráite gan ghá agus tú féin a iompar ar bhealach lách cúirtéiseach i leith na mball foirne agus i leith do chomhthaighdeoirí.

D’fhéadfadh sé gurb é a leanfaidh as diúltú déanamh de réir na Rialacha do léitheoirí ná coigistiú do Thicéid léitheora.

Céard í áis aimsithe?

Is é atá in ais aimsithe ná catalóga atá scríofa ag cartlannaithe chun cabhrú le taighdeoirí a fháil amach cad iad na taifid atá ann i mbailiúchán. Cumasaíonn sé sin do thaighdeoirí cinneadh a dhéanamh i dtaobh an mbeidh aon tairbhe ann dá dtaighde na taifid lena mbaineann a cheadú, rud a chinnteoidh go gcaithfidh siad a gcuid ama sa Chartlann Náisiúnta ar an tslí is fiúntaí agus is féidir. Ina theannta sin, is cabhair í áis aimsithe dea-cháilíochta maidir le caomhnú fadtéarma bailiúchán a áirithiú trí láimhseáil nó póirseáil gan ghá a sheachaint. Tá na háiseanna aimsithe a ghabhann leis na sealbhúcháin go léir a fuarthas le déanaí inchuardaithe i bhfoirm cóip chrua nó inár gcatalóg ar líne. Ní bhíonn ábhar atá níos sine ná sin ar fáil ar líne i gcónaí agus ní mór cuardach a dhéanamh ann trí áiseanna aimsithe cruachóipe nó cárta-innéacsanna a úsáid agus tá siad sin ar fáil sa Seomra Léitheoireachta. Déan teagmháil leis an gCartlannaí Ar Dualgas sa Seomra Léitheoireachta, le do thoil, má bhíonn aon cheisteanna agat faoi áiseanna aimsithe.

Conas a fhaightear rochtain ar ábhair chartlainne sa Seomra Léitheoireachta?

Tar éis don taighdeoir an cód tagartha ceart a shainaithint, cuirtear an cód sin isteach ar dhuillín buí ordaithe agus tugtar do dhuine den fhoireann é ag an gcuntar sa Seomra Léitheoireachta agus déanfaidh an duine den fhoireann socrú chun an t-ábhar a fháil ó na seilfeanna nó ó na limistéir stórála. Chun faisnéis a fháil faoi ábhar a choinnítear in áiteanna ar shiúl ón láithreán, féach Ábhair chartlainne a ordú roimh ré, le do thoil.

 

D’fhéadfadh sé go mbeadh eagar curtha ar ábhair chartlainne mar ítim aonair, mar chomhad nó mar bhosca ítimí. Tá an t-ord inar ullmhaíodh na doiciméid thar a bheith tábhachtach agus ní ceart do thaighdeoirí riamh ord na n-ítimí atá ann i mbosca a athrú. Caomhnaíonn an t-ord ina gcuirtear an t-ábhar i láthair an córas comhdúcháin a bhí á úsáid ag an eagraíocht a chruthaigh an t-ábhar. Is minic a chuireann an córas comhdúcháin sin an oiread céanna faisnéise faoin ábhar cartlainne agus a chuireann na doiciméid ar fáil. Is é a d’fhéadfadh leanúint as iarracht an t-ord bunaidh a athrú ná cailleadh faisnéis a d’fhéadfadh a bheith an-tábhachtach agus ní ceart iarracht den sórt sin a dhéanamh riamh. Má tá aon amhras ar thaighdeoirí, nó má fhaigheann siad amach gur athraíodh comhad ar aon slí, is ceart an méid sin a chur in iúl don Chartlannaí Ar Dualgas sa Seomra Léitheoireachta.

An bhfuil ábhair chartlainne leochaileach agus conas a láimhseálaim i gceart iad?

Is taifid uathúla iad taifid chartlainne agus ní mór iad a láimhseáil go han-chúramach. Féachann an Chartlann Náisiúnta le rochtain ar dhoiciméid bhunaidh a éascú aon uair is féidir. I gcás ina bhfágann an riocht ina bhfuil an t-ábhar cartlainne nach bhfuil sé inúsáidte nó go bhfuil sé leochaileach, d’fhéadfadh sé go gcuirfear cóip ionadach ar fáil. I gcás ina bhfuil digitiú nó micreascannánú déanta ar ábhair chartlainne, ní thabharfar rochtain ar an taifead bunaidh.

Nuair a bhíonn ábhair chartlainne á láimhseáil de shíor tá an seans ann i gcónaí go ndéanfar damáiste dóibh, lena n-áirítear cailleadh ionchasach na faisnéise atá iontu. Is féidir le taighdeoirí cabhrú le cosc a chur ar mheath na dtaifead trí na treoirlínte seo a leanas maidir le láimhseáil a urramú:

  • Bí cinnte go bhfuil do lámha glan agus saor ó ionlach láimhe agus ó mhaothóir láimhe. Beidh lámha salacha agus ionlaigh ina gcúis le smálú agus cuirfidh siad dlús leis an bpróiseas meatha.
  • Ná ligh do mhéaracha chun leathanaigh a iompú ós rud é go bhfágfaidh sé sin smál ar an bpáipéar freisin. Ní mór leathanaigh a iompú ar mhodh réidh cúramach, go háirithe nuair a bhítear ag obair le fóiliónna tanaí nó leochaileacha.
  • Iarrtar ort gach ábhar cartlainne agus gach áis aimsithe a láimhseáil le cúram cuí agus an riocht ina bhfuil siad á chur san áireamh. Ná húsáid forneart chun imleabhar nó comhad a oscailt. Mura bhfuil tú in ann faisnéis a fháil ó imleabhar teanncheangailte, cuir an méid sin in iúl don fhoireann sa Seomra Léitheoireachta nó don Chartlannaí Ar Dualgas.
  • Ní mór na hábhair chartlainne a fhágáil ina luí go cothrom ar an mbord gach tráth. Ní cheadaítear do thaighdeoirí brú a chur ar aon taifid, ná ábhar a rianú uathu, ná iad a úsáid mar thaca faoi rud éigin a bhfuiltear ag scríobh air.
  • Ní cheadaítear ach aon chomhad nó doiciméad amháin a bheith ar oscailt ar dheasc aon tráth áirithe. Ní cheadaítear do thaighdeoirí comhaid oscailte a charnadh ar bharr a chéile ná comhaid a chur isteach i gcomhaid eile. D’fhéadfadh sé sin damáiste a dhéanamh don cheangal nó d’fhéadfaí athrú a dhéanamh ar mhodh eagraithe an chomhaid agus an t-ord bunaidh a chailliúint.
  • Tá stiallacha glana páipéir dhaite ar fáil sa Seomra Léitheoireachta chun a chumasú do thaighdeoirí leathanaigh a mharcáil. Ná húsáid nótaí Post-it ná rudaí toirtiúla amhail pinn luaidhe agus spéaclaí mar mharcóirí áite.
  • Ná folínigh, ná haibhsigh nó ná marcáil aon taifid chartlainne ar aon slí. Faoi alt 18(2) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, is cion coiriúil é aon iarracht ábhair chartlainne a aghlot.
An gceadaítear grianghraf a thógáil d’ábhair chartlainne?

Ceadaítear do thaighdeoirí ceamara digiteach nó feiste den tsamhail chéanna a úsáid chun ábhar a chóipeáil, ach sin ar mhaithe lena dtaighde príobháideach amháin. Soláthraítear an tseirbhís sin saor in aisce, ach forchoimeádann an Chartlann Náisiúnta an ceart chun cead a choimeád siar i dtaca le cóipeanna d’ábhair chartlainne a dhéanamh. Ní mór do thaighdeoirí labhairt leis an gCartlannaí Ar Dualgas roimh thús a chur le grianghrafadóireacht. Agus tuilleadh eolais a fháil, féach ‘Cóipeanna d’ábhair chartlainne a ordú‘.

Conas a thugaim ábhair chartlainne ar ais nuair atá mo thaighde críochnaithe agam?

Tar éis do thaighdeoirí na hábhair chartlainne a eisíodh chucu a cheadú, tá freagracht orthu iad a thabhairt ar ais don Deasc atá ann chuige sin agus atá suite taobh leis an Seomra Léitheoireachta. Ní féidir aon ítimí eile a eisiúint chuig taighdeoir go dtí go dtugtar an chéad ítim ar ais. Tá córas bainistithe doiciméad ann chuige sin. Nuair a eisítear ábhar cartlainne chuig taighdeoir, déantar é a scanadh mar ábhar atá tugtha amach trí úsáid a bhaint as ticéad léitheora an taighdeora. Más rud é nach dtugtar an t-ábhar ar ais, agus é a scanadh mar ítim atá tugtha ar ais, beidh sé sin le feiceáil sa chóras rianaithe doiciméad. Más rud é go bhfuil ábhar cartlainne, amhail imleabhar ollmhór, an-trom, iarr ar fhoireann an tSeomra Léitheoireachta cabhrú leat. Ná déan iarracht aon ábhar atá róthrom a thógáil.

An féidir liom an t-ábhar céanna cartlainne a cheadú arís le linn cuairte eile?

Is féidir. Más rud é nach mbíonn taighdeoir réidh leis an ábhar cartlainne a bhí á cheadú aige/aici, féadfaidh sé/sí é a choimeád amuigh sa Stóras Thar Oíche le gur féidir é a cheadú an lár dár gcionn. Cuirtear an tsaoráid sin ar fáil chun cabhrú le taighdeoirí an leas is fearr agus is féidir a bhaint as an am a chaitheann siad sa Chartlann Náisiúnta. Maidir le taighdeoirí a choimeádann ábhar amuigh agus nach dtagann ar ais chun é a cheadú arís, d’fhéadfadh sé go mbainfear an phribhléid sin díobh. Tá foirm bhuí ‘Coimeád Amuigh’ ar fáil taobh leis an bpríomhchuntar sa Seomra Léitheoireachta.

An bhfuil sé in aghaidh an dlí ábhar a thabhairt abhaile liom?

Tá. Is doiciméid uathúla iad ábhair chartlainne a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta. Faoi alt 18(1) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, is cion coiriúil é aon iarracht taifid a bhaint amach as an Seomra Léitheoireachta. Déantar gach doiciméad a eisiúint trí úsáid a bhaint as córas rianaithe agus is féidir an doiciméad lena mbaineann a rianú chuig duine ar leith. Déanfar aon iarracht ábhair chartlainne a thabhairt chun bealaigh nó a aghlot a thuairisciú don Gharda Síochána.

Cad iad na saoráidí ríomhaire atá ar fáil sa Seomra Léitheoireachta?

Tá líon beag PC-anna ar fáil sa Seomra Léitheoireachta agus is féidir le taighdeoirí iad a úsáid chun foinsí ar líne a cheadú. Cuirtear ar fáil iad le haghaidh taighde iomchuí amháin. Le linn tréimhsí gnóthacha, d’fhéadfadh sé tarlú go n-iarrfar ar thaighdeoirí imeacht ón ríomhaire.

Tá pointí cumhachta suiteáilte ag roinnt bord chun úsáid ríomhairí glúine ag taighdeoirí a éascú. Cé go bhfuil cead ag taighdeoirí ríomhairí glúine a thabhairt isteach sa Seomra Léitheoireachta, iarrtar orthu málaí agus clúdaigh ríomhaire glúine a fhágáil sna locair atá curtha ar fáil.

Tá wi-fi saor in aisce ar fáil sa Seomra Léitheoireachta. Is féidir an cód rochtana a fháil ón gCartlannaí Ar Dualgas tar éis don taighdeoir aontú le téarmaí Bheartas Úsáide Inghlactha na Cartlainne Náisiúnta.

Cad iad na saoráidí micreascannáin atá ar fáil?

Tá léitheoirí traidisiúnta micreascannáin, léitheoir micrifíse, printéirí micreascannáin agus scan-pro-anna ar fáil sa Seomra Léitheoireachta chun rochtain ar ábhair chartlainne nach bhfuil ar fáil lena gceadú ach amháin ar mhicreascannán a éascú.

Más rud é nach bhfuil tú cinnte i dtaobh conas léitheoir micreascannáin a úsáid, labhair leis an bhfoireann ag cuntar an tSeomra Léitheoireachta chun cúnamh a fháil.