Latest News

Digitiú Dhaonáireamh 1926


23.05.08

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, inniu (16/11/2022) go bhfoilseofar na tuairisceáin aonair ó Dhaonáireamh 1926 ar líne inchuardaithe agus saor in aisce i mí Aibreáin 2026. Is í Cartlann Náisiúnta na hÉireann a thabharfaidh faoin tionscadal.

Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a rinneadh tar éis bhunú an Stáit. D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh faisnéis a cruthaíodh sa daonáireamh lena n-áirítear daonra, aois, slí bheatha, reiligiún, tithíocht agus an Ghaeilge.

Cuirfear tús anois le hobair chun na tuairisceáin daonáirimh aonair a chaomhnú, a thrascríobh agus a dhigitiú ar chostas €5 milliún. Leithdháil an tAire Martin an maoiniú le haghaidh na n-oibreacha speisialaithe riachtanacha chun na taifid seo a chur ar fáil saor in aisce don phobal i mí Aibreáin 2026. Tá an beartas rochtain oscailte seo ar aon dul le Straitéis fhoriomlán an Rialtais maidir le Sonraí Oscailte agus d’fhéadfaí comparáid a dhéanamh idir na sonraí roimh 1922 agus sonraí 1926, tréimhse inar tharla athrú ó bhonn in Éirinn.

Faoi láthair, tá daonáireamh 1926 á stóráil in 1,344 bosca, ina bhfuil os cionn 700,000 bileog tuairisceáin, gach ceann acu thart ar 630mm x 290mm (297x430mm is ea A3). Cuirtear na tuairisceáin le chéile in 2,464 mála canbháis agus léiríonn gach ceann díobh ceantar áirimh laistigh de gach ceann de na 26 chontae.

Déanfaidh Cartlann Náisiúnta na hÉireann digitiú ar Dhaonáireamh 1926 i ndlúthchomhar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh – na comhlachtaí reatha agus na comhlachtaí a bheidh freagrach as an daonáireamh amach anseo.