Seirbhísí don rialtas

Aisghairm taifid roinne

Le halt 8(9) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 agus le Rialachán 11 de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988, ceadaítear taifid atá aistrithe chuig an gCartlann Náisiúnta cheana féin a athghlaoch i gcás ina bhfuil gá leis an taifead ar chúiseanna oibríochtúla.

  1. Ní mór don Oifigeach Foréilimh iarraidh fhoirmiúil a dhéanamh i scríbhinn chuig Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta agus mionsonraí a thabhairt faoin gcomhad atá ag teastáil, lena n-áirítear cód tagartha na Cartlainne Náisiúnta.
  2. Tá freagracht ar an Oifigeach Foréilimh i ndáil lena chinntiú go dtugtar an comhad ar ais don Chartlann Náisiúnta tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dháta an fhoréilimh mura rud é go mbeidh tréimhse fhadaithe comhaontaithe le Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta.
  3. Is de rogha Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, nó de rogha oifigigh de chuid na Cartlainne Náisiúnta atá ainmnithe chun na críche de réir Rialachán 11(2), a dheonófar faduithe ar thréimhsí coimeádta.
  4. Tá freagracht ar an Oifigeach Foréilimh i ndáil le socruithe a dhéanamh i gcomhair rochtain a thabhairt do dhaoine den phobal le linn an foréileamh sin a bheith i bhfeidhm de réir alt 8 den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986.
  5. Ní cheadaítear taifid a athghlaonn Roinn Stáit a athrú ar aon slí. Ní cheadaítear aon nótaí nó aon doiciméid bhreise a chur leis an gcomhad ná ní ceart aon doiciméid a bhaint den chomhad. Má chruthaítear doiciméid nua, ní mór comhad nua a oscailt.
  6. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé níos oiriúnaí go seolfadh an Chartlann Náisiúnta cóip den chomhad chuig an Roinn Stáit agus an leagan bunaidh a choimeád d’fhonn rochtain leantach ag an bpobal a éascú.

Is ceart gach fiosrú faoi athghlaoch comhad a dhíriú chuig Ábhair Chartlainne agus Seirbhísí Rialtais, an Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath D08 DF85 (teil: 01-4072300, ríomhphost: [email protected]).