Tabhair cuairt orainn

Cóipeanna d’ábhair chartlainne a ordú

An féidir liom cóipeanna d’ábhair chartlainne a ordú?

Is féidir. Cuireann an Chartlann Náisiúnta seirbhís chóipeála ar fáil do thaighdeoirí. Déanfaidh baill foirne de chuid na Cartlainne Náisiúnta ábhar a chóipeáil thar ceann taighdeoirí trí úsáid a bhaint as trealamh scanta speisialaithe. Níl aon saoráid chóipeála féinseirbhíse ar fáil. Ceadaítear do thaighdeoirí 8 gcóip a ordú ar an toirt. Déanfar aon líon cóipeanna níos mó ná sin a chur leis an bpost chuig an taighdeoir nó cuirfear ar fáil iad lena mbailiú sa Seomra Léitheoireachta ar dháta níos faide anonn.

Ní dhéanfar ábhar ollmhór, lena n-áirítear imleabhair agus léarscáileanna, ná ábhar leochaileach, a chóipeáil trí úsáid a bhaint as an tsaoráid chóipeála ar an toirt.

D’fhéadfadh sé go mbeidh gá le hionchur ón Roinn Caomhantais chun déileáil le cóipeáil ábhair leochailigh. Ní mór do thaighdeoirí a bhfuil gá acu le hábhair ar mhaithe lena fhoilsiú fógra dóthanach a thabhairt don Chartlann Náisiúnta lena chinntiú gur féidir aon obair chaomhantais riachtanach a dhéanamh.

Cá mhéad a chosnaíonn cóipeanna?

Tá difríochtaí ann maidir leis an gcostas a ghearrtar ar atáirgeadh, agus sin ag brath ar an méid ábhair, agus ar chineál an ábhair, atá i gceist. Tá miondealú iomlán ar na costais ar fáil sna Rialacháin um Chartlann Náisiúnta (Táillí) 2012.

Chun meastachán cóipeála a fháil, scríobh chuig [email protected] – ní mór an cód taifid a thabhairt dúinn le do thoil.

An gceadaítear grianghraf a thógáil d’ábhair chartlainne?

Ceadaítear do thaighdeoirí ceamara digiteach nó feiste den tsamhail chéanna a úsáid chun ábhar a chóipeáil, ach sin ar mhaithe lena dtaighde príobháideach amháin. Soláthraítear an tseirbhís sin saor in aisce. Forchoimeádann an Chartlann Náisiúnta an ceart chun cead a choimeád siar i dtaca le cóipeanna d’ábhair chartlainne a dhéanamh. Ní mór do thaighdeoirí labhairt leis an gCartlannaí Ar Dualgas roimh thús a chur le grianghrafadóireacht.

Le linn grianghraf a thógáil de thaifid, ní mór do thaighdeoirí na rialacha seo a leanas a urramú:

  • Ní cheadaítear splanc-ghrianghrafadóireacht.
  • Ní cheadaítear tríchosaigh nó trealamh scanta d’aon chineál a úsáid. Áiríonn sé sin scanóirí boise.
  • Ní mór cur isteach ar thaighdeoirí eile a theorannú.
  • Ní mór taifid a láimhseáil go han-chúramach.
  • Ná díchóimeáil doiciméid, nó ná tabhair chun bealaigh iad nó ná atheagraigh an t-ord ina bhfuil siad ar aon slí.
  • Ceadaítear grianghrafadóireacht ar mhaithe le taighde príobháideach amháin. D’fhéadfadh sé gurb ionann aon atáirgeadh íomhánna gan ceadú a fháil roimh ré ó Cheann na Seirbhísí Poiblí agus sárú ar an reachtaíocht a bhaineann le cóipcheart.
  • Ní cheadaítear do thaighdeoirí imleabhair theanncheangailte nó ábhar leochaileach a chóipeáil. Labhair leis an gCartlannaí Ar Dualgas sa Seomra Léitheoireachta, le do thoil, chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chóipeanna de na taifid seo a ordú.
An féidir liom cóipeanna a dhéanamh d’ábhair chartlainne lena bhfoilsiú?

Maidir le híomhánna atá ag teastáil lena bhfoilsiú, ní mór iad a ordú ón gCartlann Náisiúnta. Ní mór measúnacht chaomhantais a dhéanamh ar gach ábhar atá ag teastáil lena fhoilsiú agus ní mór táille a íoc i leith cearta foilsitheoireachta. Baineann an Chartlann Náisiúnta úsáid as gnáth-threalamh scanta agus grianghrafadóireachta ábhar cartlainne agus is baill foirne speisialtóireachta a úsáideann an trealamh sin.

Ní éascófar aon tríú páirtithe chun ábhar a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta a chóipeáil. Cinntigh, le do thoil, go mbíonn neart ama ann chun a chinntiú go mbeidh an t-ábhar réidh lena fhoilsiú.

Tagann ábhair chartlainne faoi réir cóipchirt agus d’fhéadfadh sé go mbeadh aon taighdeoir a fhoilsíonn íomhánna gan ceadú a fháil roimh ré ó Cheann na Seirbhísí Poiblí tar éis an reachtaíocht a bhaineann le cóipcheart a shárú. Is ceart fiosruithe faoi atáirgeadh íomhánna a sheoladh chuig [email protected] 

Mar gheall ar oibreacha tógála agus athchóirithe a bhfuil sé mar aidhm acu ár seomraí digitithe a fheabhsú, ní bheidh muid in ann glacadh le horduithe cóipeála ar léarscáileanna agus ar líonaíochtaí níos mó ná A0 go dtí an chéad cheathrú, 2024.

Is féidir linn orduithe cóipeála athghrafacha a chur i gcrích suas go dtí an mhéid A1.

Lena linn sin, ní ghlacfaidh muid le horduithe nó le híocaíochtaí, agus mar sin déan seiceáil ar ár suíomh gréasáin agus ar fhógraí sa Seomra Léitheoireachta faoi chathain a ghlacann muid le horduithe arís.

Gabhaigí ár leithscéal má chuirtear isteach oraibh.

Céard é cóipcheart agus cad iad na hoibleagáidí atá orm mar thaighdeoir?

Is ionann cóipcheart agus ceart maoine intleachtúla a thugann cosaint do scileanna cruthaitheacha agus do shaothar cruthaitheach an úinéara. Is ionann cóipcheart agus ceart intleachtúil agus, dá bhrí sin, ní hionann úinéireacht cóipchirt agus úinéireacht na hítime fisiciúla lena mbaineann.

Faoin Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000, agus faoin Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar (Leasú) 2004, déantar cóipeanna nó íomhánna digiteacha a dhéanamh de thaifid chartlainne a shainmhíniú mar atáirgeadh saothar liteartha agus, dá bharr sin, d’fheadfadh sé difear a dhéanamh do chóipcheart.

Is le Stát na hÉireann an cóipcheart maidir leis an gcuid is mó de na taifid a choimeádann an Chartlann Náisiúnta. Is taifid oifigiúla iad sin a chruthaigh ranna rialtais, gníomhaireachtaí agus oifigí stáit (lena n-airítear an tSeirbhís Chúirteanna). Gairtear Cóipcheart Rialtais de sin.

Ní hé an Chartlann Náisiúnta úinéir an chóipchirt i leith na dtaifead atá faoinár gcúram agus ar roinn nó gníomhaireacht rialtais a rinne iad, mar shampla, litreacha a scríobh daoine aonair chuig an rialtas agus a coimeádadh ar chomhad rialtais, nó uacht a d’aistrigh an Oifig Phrobháide. Cé gur maoine de chuid Stát na hÉireann iad na taifid sin, is leis an údar atá an cóipcheart. Ní féidir leis an gCartlann Náisiúnta cead a thabhairt na doiciméid sin a atáirgeadh.

Tá sé d’oibleagáid ar thaighdeoirí:

  • A fháil amach an dtagann an t-ábhar atá uathu faoi réir cóipchirt fós.
  • Úinéir an chóipchirt a shuíomh.
  • Teagmháil a dhéanamh le húinéir an chóipchirt chun cead a fháil a shaothar/saothar a úsáid.

Tá tuilleadh faisnéise faoi chúrsaí cóipchirt ar fáil i dTreoirlínte na Cartlainne Náisiúnta maidir le Cóipcheart  (i mBéarla amháin).