Pleanáil do chuairt

Is é atá sa Chartlann Náisiúnta ná an t-ionad oifigiúil ina dtaisctear taifid rialtais agus inar féidir le daoine den phobal breathnú ar ábhair chartlainne bhunaidh.

Tá an Chartlann Náisiúnta suite ar Shráid an Easpaig i lár Chathair Bhaile Átha Cliath.

Ticéid léitheoirí

Ní mór do gach taighdeoir iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora tráth a gcéad chuairte.

Mairfidh ticéad léitheora 3 bliana agus ní mór é a thabhairt ar aird ar gach cuairt.

Ábhair chartlainne a ordú roimh ré

I gcás taighdeoirí ar mian leo ábhair chartlainne nach gcoinnítear ach amháin in áiteanna lasmuigh de láthair na Cartlainne Náisiúnta, is féidir leo an t-ábhar a ordú roimh ré.

Cóipeanna d'ábhair chartlainne a ordú

Soláthraíonn an Chartlann Náisiúnta seirbhís ordaithe cóipeanna do dhaoine den phobal ar mian leo cóipeanna deimhnithe a fháil ar mhaithe le cúrsaí dlíthiúla nó dóibh siúd ar mian leo cóipeanna pléineáilte a fháil mar fhaisnéis.

Scannánú

Is go minic agus go rialta a fhaigheann muid iarratais maidir le scannánú dár gcuid taifead agus (anois is arís) dár bhfoireann, agus is féidir freastal ar na hiarratais sin ar bhun ár mbeartas scannánaithe.