Ginealas

Rollaí na gcaitliceach cáilithe 1700 – 1845

Ar fud an ochtú haois déag, bhí na srianta a achtaíodh leis na Péindlíthe á maolú do na Caitlicigh sin a ghlac an Mhóid Dílseachta don Rí agus a shéan a reiligiún ar mhaithe le reiligiún Eaglais bhunaithe na hÉireann. Sa chuid is mó cásanna, ní fíor-shéanadh an reiligiúin Chaitlicigh a bhí i gceist leis sin ós rud é gurbh é an t-aon bhealach dlíthiúil amháin é ina raibh Caitlicigh in ann bunchearta sibhialta a bhaint amach.

Sa bhliain 1774, ritheadh Acht chun a cheadú do ghéillsinigh an Rí, is cuma cén reiligiún a bhí acu, móid a ghlacadh sna cúirteanna áitiúla seisiúin chun a ndílseacht don Rí a fhianú d’fhonn síocháin agus dúthracht a chur chun cinn sa ríocht.

Ina dhiaidh sin, cláraíodh ainmneacha na ndaoine a rinne amhlaidh a chlárú i Rollaí na gCaitliceach Cáilithe de réir sloinne, túsainm, seolta agus dáta cáilithe. Tugadh an tslí bheatha uaireanta freisin. Clúdaíonn na Rollaí an tréimhse ó 1700 go 1845 agus baineann an chuid is mó iontrálacha tar éis na bliana 1800 le saoránaigh eadóirsithe. Tá os cionn 50,000 duine liostaithe sna Rollaí.

Is féidir na Rollaí a chuardach ar ár láithreán gréasáin ginealais de réir ainm, dáta, contae, cónaí agus deoise. Níl na hiontrálacha a bhaineann le contae, cónaí agus deoise comhsheasmhach; bíonn na trí cinn ann uaireanta agus, uaireanta eile, ní bhíonn ach ceann amháin díobh ann.

Card image cap

19.03.01

Tuairisceáin oifigiúla daonáirimh agus daonáirimh ionaid
Rinneadh daonáireamh córasach rialtais ar dhaonra na hÉireann uair amháin gach 10 mbliana ó 1821 go dtí 1911. Ní raibh...

Ar foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil

Card image cap

19.03.01

Taifid maidir le hionnarbadh pionósach: ó Éirinn go dtí an Astráil, 1788-1868
Cé nach bhfuil na taifid ar fad ó Oifig an Phríomh-Rúnaí, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, go háirithe don tréimhse...

Ar foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil

Card image cap

19.03.01

Taifid breitheanna, póstaí agus básanna
Cláir eaglaise agus phobalda maidir le baisteadh, pósadh agus adhlacadh Maidir leis an tréimhse sular cuireadh tús le clárú sibhialta...

Ar foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil