Taifid stairiúla

Treoir maidir leis na Bailiúcháin Ghnó

An bhfuil bailiúcháin ghnó ag an gCartlann Náisiúnta?

Coinníonn an Chartlann Náisiúnta taifid de chuid líon mór gnóthaí, lena n-áirítear grósaeirí beagscála teaghlaigh, aturnaetha, ceardchumainn agus mórthionscail.

An bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar an gCartlann Náisiúnta ábhair chartlainne de chuid gnólachtaí a bhailiú?

Níl. Ní dhéantar aon tagairt shonrach san Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 do thaifid ghnó agus, dá bhrí sin, níl aon oibleagáid dhlíthiúil ar an gCartlann Náisiúnta na bailiúcháin sin a choimeád.

Cén fáth go gcoimeádann an Chartlann Náisiúnta roinnt bailiúchán gnó?

Aithníonn an Chartlann Náisiúnta an tábhacht staire a ghabhann le taifid ghnó a mhéid a bhaineann le stair shóisialta, pholaitíochta agus eacnamaíochta na hÉireann. Cé nach ndéantar tagairt shonrach do thaifid ghnó san Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, ceadaíonn an tAcht aistriú bailiúchán príobháideach ar fiú iad a chaomhnú go buan. Ar an dóigh sin, táthar ag leanúint de nósmhaireacht sheanbhunaithe Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn maidir le bailiúcháin a fháil ó fhoinsí príobháideacha agus na bailiúcháin sin a chaomhnú.

Cad atá i gceist leis an Suirbhé ar Thaifid Ghnó?

Bhunaigh Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann an Suirbhé ar Thaifid Ghnó i rith bhlianta na 1970-idí chun suirbhé a dhéanamh maidir le hábhair chartlainne gnóthaí beaga agus gnóthaí móra agus chun na hábhair chartlainne sin a fháil d’fhonn caomhnú buan na dtaifead sin a áirithiú.

An féidir liom cuairt a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta chun breathnú ar bhailiúcháin ghnó?

Is féidir. Is bailiúcháin phríobháideacha iad bailiúcháin ghnó ach tugtar rochtain orthu sa chuid is mó cásanna mura rud é gur shonraigh an deontóir a mhalairt nó nach bhfuil próiseáil déanta ar bhailiúcháin fós. Déantar taifid ghnó a stóráil in áiteanna stórála ar shiúl ón láithreán agus ní bheidh siad ar fáil go dtí an lá oibre dár gcionn má lorgaítear iad i bpearsa nó beidh siad ar fáil laistigh de thrí lá oibre má lorgaítear le ríomhphost iad. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil in Ábhair chartlainne a ordú roimh ré.

Cén fáth go mbíonn na bailiúcháin seo fóinteach?

Tugann na bailiúcháin seo léargas uathúil ar stair shóisialta na hÉireann, go háirithe sa 19ú haois agus ag tús an 20ú haois. Is minic a luaitear daoine iontu nach luaitear i dtaifid oifigiúla eile agus soláthraíonn siad dearcadh nach bhfuil bunaithe ar bheartas oifigiúil rialtais.

Cad iad na bailiúcháin a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta?

Mar thoradh ar an Suirbhé ar Thaifid Ghnó tá na céadta bailiúchán ann. Tá eagar curtha ar na bailiúcháin chartlainne seo de réir contae agus tá áiseanna aimsithe cruachóipe ar fáil i Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta.

An féidir liom cuardach a dhéanamh sna bailiúcháin seo ar líne?

Ní féidir. Níl rochtain le fáil faoi láthair ar na háiseanna aimsithe sa chatalóg ar líne. Ní mór do thaighdeoirí teacht go dtí an Seomra Léitheoireachta chun na háiseanna aimsithe a úsáid.

Conas atá a fhios agam sula dtugaim cuairt ar an gCartlann Náisiúnta go bhfuil an bailiúchán a bhfuil spéis agam ann á choimeád sa Chartlann Náisiúnta?

Más rud é nach bhfuil tú cinnte faoi na taifid ghnó a choimeádann an Chartlann Náisiúnta nó má tá ceist agat fúthu, cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig [email protected], le do thoil.

 

Card image cap

19.03.20

Treoir maidir le hábhair chartlainne an Oifig Luachála
Ba é a bhí i luacháil na hÉireann ná suirbhéireacht chadastrach a rinneadh ar mhaithe le cáin a thobhach ar...

Treoirleabhair & foinsí taighde

Card image cap

19.03.11

Páipéir Hilda Tweedy (Irish Housewives Association)
The Irish Housewives Association (IHA) was formed in 1942, with the objective of gaining recognition for the right of housewives...

Treoirleabhair & foinsí taighde

Card image cap

19.03.11

The Joint Committee of Women’s Societies and Social Workers
The first committee meeting of the Joint Committee of Women’s Societies and Social Workers was held in March 1935, at...

Treoirleabhair & foinsí taighde