Eolas fúinn

Ábhair Chartlainne & Seirbhísí Rialtais

Is é atá sa phríomhfhreagracht atá ar Ábhair Chartlainne agus Seirbhísí Rialtais ná bailiú agus bainistiú taifead de réir mar a shonraítear le reacht faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986.

I measc na dtaifead sin áirítear taifid na ranna stáit go léir atá ar marthain le níos mó ná 30 bliain, taifid de chuid níos mó ná 61 chomhlacht sceidealta mar atá leagtha amach san Acht, taifid na gCúirteanna, ar gach leibhéal, agus taifid binsí nó coimisiún fiosrúcháin ar bhunaigh an rialtas iad.

Bainistíocht Ábhar Cartlainne

Soláthraíonn Bainistíocht Ábhar Cartlainne treoirlínte do ranna rialtais agus do na cúirteanna maidir le haistriú taifead chuig an gCartlann Náisiúnta.

Ina theannta sin, tá freagracht orthu i ndáil le hoiliúint a chur ar fáil do chomhlachtaí a thagann faoi réim an Achta um Chartlann Náisiúnta 1986, is é sin, oiliúint maidir le cúram na dtaifead sin a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta agus maidir leis na taifid sin a scaoileadh don phobal.

Baineann cuid mhór d’obair an aonaid le cruthú áiseanna aimsithe (catalóga) i leith na sealúchas atá againn, le riaradh na catalóige ar líne agus le liostú na n-aistrithe a rinneadh le déanaí agus liostú na riaráistí atá le haistriú fós. Oibríonn an rannóg go dlúth le comhghleacaithe sa réimse Seirbhísí Poiblí agus Caomhantais freisin lena chinntiú go soláthraítear seirbhís phoiblí ardchaighdeáin, lena n-áirítear rannchuidiú le róta na gCartlannaithe Dualgais agus cabhair a thabhairt maidir le fiosruithe ó dhaoine den phobal.

Ceann an Rannáin: Helen Hewson, Coimeádaí.

Ceann na Rannóige (taifid roinne): Mary Mackey, Cartlannaí Sinsearach.

Ceann na Rannóige (taifid chúirte): Hazel Menton, Cartlannaí Sinsearach

Teagmháil: [email protected]

Taifid Reatha

Soláthraíonn Taifid Reatha comhairle agus treoir do chomhlachtaí seirbhíse Poiblí maidir le raon ábhar a bhaineann le bainistíocht a dhéanamh ar thaifid atá faoina rialú. Tá freagracht ar an rannóg maidir le riaradh iarratas chun taifid nach gá iad a chaomhnú go buan faoi na téarmaí a shonraítear san Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 a dhiúscairt. Toirmisctear ar ranna agus ar chomhlachtaí taifid atá faoi réir an Achta um Chartlann Náisiúnta 1986 a mhilleadh mura bhfuil deimhniú um milleadh acu agus é sínithe ag Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta.

Ceann an Rannáin: Helen Hewson, Coimeádaí.

Ceann na Rannóige: Antoinette Doran, Cartlannaí Sinsearach.

Teagmháil: [email protected]

Is féidir tuilleadh faisnéise faoin Rannán a fháil sa roinn den láithreán gréasáin dar teideal Seirbhísí don Rialtas.