Taifid stairiúla

Tús a chur le taighde cartlainne

Cén t-ábhar ar mhaith leat taighde a dhéanamh faoi?

Déan cinneadh faoin ábhar spéise atá agat. An mian leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi stair do theaghlaigh, an mac léinn tú agus spéis ar leith agat i stair pholaitíochta, i stair shóisialta nó i stair eacnamaíochta nó an taighdeoir gairmiúil tú agus bailiúchán sonrach nó sraith shonrach taifead á lorg agat?

Cén fáth go measann tú go bhfuil gá le cuairt a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta?

Tá taifid ag an gCartlann Náisiúnta a bhaineann le Stát nua-aoiseach na hÉireann ón tráth a bunaíodh é go dtí thart ar an mbliain 1988 agus, ina theannta sin, tá roinnt mórbhailiúchán eile aici a fuarthas mar thoradh ar chónascadh Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn agus Oifig na Stát-Pháipéar sa bhliain 1986 tráth ar bunaíodh an Chartlann Náisiúnta. I measc na mbailiúchán sin, áirítear ábhair chartlainne de chuid lucht riaracháin na Breataine in Éirinn ar ábhair iad a bhaineann leis an 18ú haois, leis an 19ú haois agus leis an 20ú haois agus arb é an bailiúchán is mó díobh Páipéir Chláraithe an Phríomh-Rúnaí. Ina theannta sin, tá roinnt bailiúchán príobháideach ag an gCartlann Náisiúnta, lena n-áirítear taifid ghnó, roinnt bailiúchán eastát talún agus deonacháin phríobháideacha. Is díol spéise ar leith iad ár mbailiúcháin d’aon duine ar spéis leo taighde a dhéanamh ar fhorbairt pholaitíochta, shóisialta agus eacnamaíochta na hÉireann ón 18ú haois go dtí an lá atá inniu ann. Tá roinnt dár mbailiúchán, lena n-áirítear na bailiúcháin a bhaineann le Coimisinéirí an Oideachais Náisiúnta, leis an tSuirbhéireacht Ordanáis agus leis an Oifig Luachála, fóinteach le haghaidh taighde ar stair áitiúil ós rud é go gcuimsíonn siad ábhair chartlainne a bhaineann le beagnach gach cuid d’Éirinn.

An bhfuil aon taighde cúlra déanta agat?

Is minic a thagann taighdeoirí ar cuairt chuig an gCartlann Náisiúnta gan aon léitheoireacht thánaisteach a dhéanamh faoina réimse spéise. Mholfaimis go mór do thaighdeoirí foinsí agus foilseacháin atá ar fáil in áiteanna eile a scrúdú chun a fháil amach cad iad na foinsí príomha atá ann, an bhfuil siad le fáil sa Chartlann Náisiúnta agus an gá cuairt a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta i bpearsa. Tá cuid mhór foinsí tánaisteacha, lena n-áirítear leabhair, irisí nó láithreáin ghréasáin, ar fáil i leabharlanna áitiúla agus i leabharlanna ollscoile.

Is féidir tosú trí bhunfhíorais a bhailiú faoin duine nó faoin ábhar ina bhfuil spéis agat. Déan roinnt léitheoireachta cúlra faoin tréimhse atá i gceist d’fhonn comhthéacs a chur ar fáil do na foinsí taighde.

Má tá taighde á dhéanamh agat faoi bheartas rialtais, cuir eolas ar chóras riaracháin an rialtais, lena n-áirítear cén roinn ar a raibh freagracht i ndáil leis an mbeartas lena mbaineann. Bíodh tuiscint agat ar na hathruithe a tháinig ar chúrsaí riaracháin na hÉireann ón tráth a raibh sí faoi riail Shasana go dtí bunú an Stáit. I rith bhlianta na 1920-idí, mar shampla, bunaíodh cuid mhór ranna rialtais agus tháinig athrú ar chóras na gcúirteanna. Léirítear na hathruithe sin sna cineálacha taifead a cruthaíodh agus, dá bharr sin, sna cineálacha ábhar cartlainne atá ar fáil anois do thaighdeoirí.

Más taighde faoi stair theaghlaigh atá á dhéanamh agat, bailigh faisnéis ó fhoinsí teaghlaigh, amhail litreacha nó doiciméid oifigiúla, amhail pasanna, ar nithe iad sin ar féidir faisnéis úsáideach a fháil uathu faoi litriú ainm teaghlaigh, sloinnte roimh phósadh i gcás mná pósta, faoin gcontae, faoin bparóiste nó faoin mbaile fearainn arb as don duine atá i gceist agus faoin tráth ar fhág siad Éire agus faoin tír a ndeachaigh siad ar imirce chuici. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh faisnéis ann faoin tráth ar fhág duine Éire i dtaca lena fháil amach cén cineál taifead ar dóigh tagairt dóibh a bheith iontu. Baineann cuid mhór de na foinsí atá ann sa Chartlann Náisiúnta leis an tréimhse ó lár an 19ú haois go dtí tús an 20ú haois, ach d’fhéadfadh foinsí eile, amhail taifid eaglaise nó taifid faoi phóstaí sibhialta, a bheith fóinteach. Léigh Taighde a dhéanamh ar stair theaghlaigh, le do thoil, chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Cén tuiscint is ceart a bheith agam, roimh mo chuairt, faoi úsáid na Cartlainne Náisiúnta?

Is gá duit tuiscint a bheith agat faoin gcineál taifead a choinnímid agus faoin gcúis leis na taifid sin a choinneáil. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh tuairim agat faoin méid is mian leat a fhoghlaim le linn do chuairte. D’fhéadfadh taighde cartlainne a bheith deacair agus d’fhéadfadh sé cuid mhór ama a thógáil. Is faoin taighdeoir atá sé a chinntiú go mbíonn dóthain ama acu chun a dtaighde a dhéanamh.

Conas atá eagar curtha ar na hábhair chartlainne?

Ní chuirtear eagar ar thaifid cartlainne de réir a n-ábhair mar a dhéantar i leabharlann. Cuirtear eagar ar na bailiúcháin de réir an chomhlachta rialtais, na cúirte nó an duine lena mbaineann siad. Faightear rochtain ar na bailiúcháin trí úsáid a bhaint as áiseanna aimsithe nó as catalóga ina dtugtar mionsonraí faoi uimhir ar leithligh nó faoi chód tagartha a ghabhann le taifid.

Chun rochtain a éascú agus, ag an am céanna, chun a chinntiú go gcoimeádtar taifid san ord ina raibh siad, cuirtear eagar ar ábhair chartlainne trí úsáid a bhaint as cód tagartha don chomhlacht a chruthaigh an t-ábhar atá i gceist agus as cód don tsraith taifead, mar aon le huimhir an taifid laistigh den tsraith. Maidir le nithe de chineál níos nua-aimseartha, tá an cód tagartha tríchodach ar fáil sa chatalóg ar líne ach, i gcás na mbailiúchán is sine, ní mór an áis aimsithe cruachóipe páipéir a cheadú sa Seomra Léitheoireachta. Tá eagar curtha ar na bailiúcháin de réir chruthaitheoir an ábhair cartlainne nó an chomhlachta a rinne na taifid. D’fhéadfadh roinn Rialtais, amhail Roinn an Taoisigh, a bheith i gceist, nó d’fhéadfadh sé gur aistriú príobháideach a bhí i gceist amhail bailiúchán ospidéil nó bailiúchán eastáit talún.

Conas a dhéanaim cuardach ar ábhair chartlainne atá á gcoinneáil sa Chartlann Náisiúnta?

Sula dtugtar cuairt ar an gCartlann Náisiúnta, mholfaimis go mór do thaighdeoirí an chatalóg ar líne agus ár gcuid foinsí digitithe a bhaineann le stair theaghlaigh a cheadú ar dtús. Baineann an Chartlann Náisiúnta úsáid as bogearraí AdLib chun a catalóg ar líne a óstáil. Is clár sonrach é sin le haghaidh ábhair chartlainne agus, tríd an gclár, cinntítear go ngabhtar faisnéis áirithe de réir Chaighdeán Idirnáisiúnta na dTuairiscí Cartlainne (ISAD(G)) arb é is aidhm dó ná iontrálacha a chaighdeánú agus a áirithiú go mbíonn siad chomh fóinteach agus is féidir do thaighdeoirí. Áiríonn sé sin cód tagartha tríchodach do dhoiciméid, teideal doiciméid, dátaí clúdaigh agus tuilleadh tuairiscí nó faisnéise mionsonraithe, más gá sin. Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach An treoir maidir le húsáid na catalóige ar líne, le do thoil.

An ionann cuairt a thabhairt ar chartlann agus cuairt a thabhairt ar leabharlann?

Ní hionann. De ghnáth, cuireann leabharlanna rochtain ar fáil ar fhoilseacháin phriontáilte, agus is minic gurb ábhar é sin ar féidir é a athsholáthar. Cuireann an Chartlann Náisiúnta rochtain ar fáil ar thaifid bhunaidh a cruthaíodh mar chuid d’obair an rialtais, d’obair na gcúirteanna agus d’obair institiúidí nó daoine príobháideacha. Is doiciméid uathúla iad na hábhair chartlainne sin agus ní féidir iad a athsholáthar agus, dá bhrí sin, d’fheadfadh feidhm dhlíthiúil a bheith acu. Ós rud é gur taifid bhunaidh iad na hábhair chartlainne, tá cúrsaí slándála agus caomhantais ina gcuid dhílis den rochtain a chuirtear ar fáil don phobal. Ní thugtar rochtain ach amháin do dhaoine den phobal ag a bhfuil ticéad léitheora bailí.

Conas a fhaightear rochtain ar ábhair chartlainne sa Seomra Léitheoireachta?

Tar éis don taighdeoir an cód tagartha ceart a shainaithint, cuirtear an cód sin isteach ar dhuillín buí ordaithe agus tugtar do dhuine den fhoireann é ag an gcuntar sa Seomra Léitheoireachta agus déanfaidh an duine den fhoireann socrú chun an t-ábhar a fháil ó na seilfeanna nó ó na limistéir stórála. Chun faisnéis a fháil faoi ábhar a choinnítear in áiteanna ar shiúl ón láithreán, féach Ábhair chartlainne a ordú roimh ré, le do thoil.

D’fhéadfadh sé go mbeadh eagar curtha ar ábhair chartlainne mar ítim aonair, mar chomhad nó mar bhosca ítimí. Tá an t-ord inar ullmhaíodh na doiciméid thar a bheith tábhachtach agus ní ceart do thaighdeoirí riamh ord na n-ítimí atá ann i mbosca a athrú. Caomhnaíonn an t-ord ina gcuirtear an t-ábhar i láthair an córas comhdúcháin a bhí á úsáid ag an eagraíocht a chruthaigh an t-ábhar. Is minic a chuireann an córas comhdúcháin sin an oiread céanna faisnéise faoin ábhar cartlainne agus a chuireann na doiciméid ar fáil. Is é a d’fhéadfadh leanúint as iarracht an t-ord bunaidh a athrú ná cailleadh faisnéis a d’fhéadfadh a bheith an-tábhachtach agus ní ceart iarracht den sórt sin a dhéanamh riamh. Má tá aon amhras ar thaighdeoirí, nó má fhaigheann siad amach gur athraíodh comhad ar aon slí, is ceart an méid sin a chur in iúl don Chartlannaí Ar Dualgas sa Seomra Léitheoireachta.

Más eol duit go bhfuil na hábhair chartlainne ar mian leat iad a cheadú á gcoinneáil sa Chartlann Náisiúnta, tá roinnt beart le déanamh:

  • Bain úsáid as an gcatalóg ar líne nó as na háiseanna aimsithe cruachóipe chun cód tagartha ceart a fháil. Beidh 3 chuid ann i gcóid tagartha sa chatalóg ar líne, mar shampla, 2015/44/13 nó TSCH/3/S1459.
  • Faigh amach an bhfuil an t-ábhar ar fáil ina fhormáid bhunaidh nó an bhfuil digitiú déanta air. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi bhailiúcháin ar mhicreascannán féach Ábhair chartlainne atá ar fáil ar mhicreascannán, le do thoil.
  • Cuir eolas ar riaradh an rialtais agus ar na feidhmeanna a bhfuil freagracht ar ranna agus ar ghníomhaireachtaí rialtais i ndáil leo. Cumasóidh sé sin duit a chinneadh cén roinn nó cén ghníomhaireacht a chruthaigh na hábhair chartlainne lena mbaineann agus cén áit ina dtosóidh tú ag cuardach. Beidh sé sin ina chabhair freisin maidir lena fháil amach cén cineál taifead atá ar fáil. Mar shampla, beidh tuairiscí faoi imeachtaí polaitíochta ar fáil i gcomhaid Ambasáide de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha.
  • Faigh amach ar tháinig athrú ar ainm nó ar fheidhmeanna roinne aon uair. Mar shampla, geofar ábhair chartlainne na Roinne Poist agus Telegrafa mar chuid de thaifid na Roinne Cumarsáide anois.
  • Bí cinnte go bhfuil na taifid atá á lorg agat 30 bliain d’aois ar a laghad. Ní bhaineann an tAcht um Chartlann Náisiúnta 1986 ach amháin le taifid atá níos sine ná 30 bliain. Ní bheidh taifid nach bhfuil 30 bliain d’aois aistrithe fós chuig an gCartlann Náisiúnta. Más rud é nach ndearnadh na taifid atá á lorg agat a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta, is gá teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an gcomhlacht a chruthaigh na taifid.

 

Cóipeanna d’ábhair chartlainne a Ordú

De réir na reachtaíochta a bhaineann le cóipcheart, soláthraíonn an Chartlann Náisiúnta cóipeanna de dhoiciméid ar mhaithe le taighde nó staidéar príobháideach. Gearrtar táille i leith na seirbhíse seo. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chóipeanna a fháil agus faoin sceideal táillí, féach Cóipeanna d’ábhair chartlainne a fháil, le do thoil.

An gcoinníonn an Chartlann Náisiúnta aon taifid a bhaineann le húdaráis áitiúla?

Ní choinníonn. Níl aon dlínse ag an gCartlann Náisiúnta maidir le taifid de chuid údaráis áitiúla. Is iad na húdaráis áitiúla lena mbaineann a bhainistíonn na taifid sin.

Cuireann roinnt údarás áitiúil seirbhísí cartlainne poiblí ar fáil. I gcás nach bhfuil seirbhís den sórt sin ar fáil, is ceart fiosruithe a dhíriú chuig an Leabharlann Chontae. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Seirbhísí cartlainne na núdarás áitiúil, le do thoil.

Tá roinnt bailiúchán náisiúnta ag an gCartlann Náisiúnta agus is féidir faisnéis a fháil iontu maidir le paróistí agus bailte fearainn ar fud na hÉireann. Áiríonn siad sin ábhair chartlainne de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis, na hOifige Luachála agus Choimisinéirí an Oideachais Náisiúnta. Ina theannta sin, tá roinnt bailiúchán ann a bronnadh orainn, lena n-áirítear taifid phríobháideacha ghnó agus bailiúchán eastát talún, agus d’fhéadfadh na bailiúcháin sin a bheith fóinteach mar fhoinsí staire áitiúla. Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach Treoirleabhair maidir le taifid agus foinsí, le do thoil.

Comhairle Fhóinteach

Tar éis duit an réimse spéise atá agat a chinneadh, tóg roinnt ama chun breathnú ar an láithreán gréasáin d’fhonn teacht ar fhaisnéis faoi na hábhair chartlainne ar mian leat iad a cheadú. Tá cuid mhór de na freagraí ar cheisteanna a chuirtear go minic le fáil ar an láithreán gréasáin. Más rud é nach n-aimsíonn tú an fhaisnéis atá á lorg agat Déan teagmháil linn, le do thoil.

Tá sé tábhachtach go gcoimeádfadh taighdeoirí cuntas ar aon ábhair chartlainne atá ceadaithe acu. Déan deimhin de, le do thoil, go ndéanfaidh tú nótaí mionsonraithe faoi chóid tagartha agus faoi fhoinse aon fhaisnéise le go mbeidh tú in ann dul siar ar an obair atá déanta agat más gá sin. I gcás nach gcoinnítear cuntas ar fhaisnéis bhunúsach, amhail cóid tagartha, d’fhéadfadh castachtaí gan ghá a bheith ann níos faide anonn, lena n-áirítear gan taighdeoirí a bheith in ann tagairt cheart a dhéanamh d’ábhair nó gan baill foirne na Cartlainne Náisiúnta a bheith in ann cabhair a thabhairt maidir le ceisteanna a chuirtear. Féach Tagairt a dhéanamh d’ábhair chartlainne a choinnítear sa Chartlann Náisiúnta, le do thoil, chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Treoirleabhair maidir le Taifid & Foinsí

Tá sraith treoirleabhar gearr a bhaineann le cuid de na bailiúcháin is tábhachtaí dár gcuid, agus is minice a cheadaítear, ullmhaithe ag an gCartlann Náisiúnta. Ní liosta iomlán é agus ní áirítear ach codán beag dár gcuid sealúchas ann.

Tá na treoirleabhair ceaptha chun forléargas gearr a thabhairt ar na bailiúcháin agus chun na bailiúcháin a chur i gcomhthéacs stairiúil. Tá siad fóinteach freisin maidir le tuiscint a fháil ar na cineálacha taifead a gheobhaidh taighdeoirí agus ar an luach ionchasach a bhaineann leo i dtaca le cúrsaí taighde de.

Ailt

Foilsíodh na hailt seo a leanas in irisí cartlainne nó staire agus baineann siad le sraitheanna áirithe taifead a choinnítear sa Chartlann Náisiúnta agus soláthraíonn siad faisnéis chomhthéacsúil faoi chuid dár mbailiúcháin.

‘The medieval Irish plea rolls – an introduction’ le Philomena Connolly

‘Sources in the National Archives for researching the Great Famine’ le Marianne Cosgrave, Rena Lohan agus Tom Quinlan (codanna 1 agus 2)

‘Hospital records in the National Archives of Ireland’ le Brian Donnelly

‘Some unusual sources for the history of medicine in the National Archives of Ireland’ le Aideen Ireland

‘The Rebellion Papers’ le Deirdre Lindsay

‘Sources in the National Archives for research into the transportation of Irish convicts to Australia (1791-1853)’ le Rena Lohan (féach freisin bunachar sonraí na hÉireann-na hAstráile agus .leagan pdf)

‘The archives of the Office of Public Works and their value as a source for local history’ le Rena Lohan

‘Ferreting Out Evil – the records of the Committee on Evil Literature’ le Tom Quinlan

‘The Registered Papers of the Chief Secretary’s Office’ le Tom Quinlan (féach freisin láithreán gréasáin CSORP)