Daonáirimh na mblianta 1901 & 1911
Rinneadh daonáireamh córasach rialtais ar dhaonra na hÉireann uair amháin gach 10 mbliana ó 1821 go dtí 1911. Ní raibh aon daonáireamh ann sa bhliain 1921 mar gheall ar an gcorraíl pholaitíochta a bhí ann mar thoradh ar Chogadh na Saoirse agus ar an gCogadh Cathartha, ach athchromadh ar an obair dhaonáirimh sa bhliain 1926. […]