Cuardaigh catalóg ar líne

Ceisteanna a chuirtear go minic

Tá os cionn 2 mhilliún iontráil ann sa chatalóg ar líne. Baineann formhór mór na n-iontrálacha le taifid roinne, le taifid nua-aimseartha cúirte agus le hábhar tiomnach. Tá na comhaid go léir a aistríodh ó ranna rialtais le blianta beag anuas liostaithe de réir caighdeán ard agus déantar iad a uaslódáil chuig an gcatalóg ar líne nuair a chríochnaítear an obair eagarthóireachta. Ina theannta sin, táimid ag obair go dian chun uasdátú agus caighdeánú a dhéanamh ar chuid mhór seanchatalóg ionas gur féidir iad a chur san áireamh sa chatalóg ar líne. Ach tógann an obair seo cuid mhór ama agus is obair dhlúthshaothair í.

Maidir le seanábhar atá á gcoimeád sa Chartlann Náisiúnta, is é sin, ábhar a bhaineann leis an 19ú haois agus le tús an 20ú haois, is gá catalóga traidisiúnta cruachóipe a cheadú de ghnáth. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh i gceist leis sin ná ábhar a aistríodh sular tugadh isteach an chatalóg ar líne, lena n-áirítear ábhar de chuid comhlachtaí poiblí amhail an tSuirbhéireacht Ordanáis, an Oifig Luachála agus Oifig na nOibreacha Poiblí, seantaifid chúirte, roinnt ábhar cartlainne de chuid Choimisinéirí an Oideachais Náisiúnta agus formhór mór na mbailiúchán príobháideach agus na mbailiúchán gnó.

Ní chomhlíonann na catalóga a bhaineann le cuid mhór bailiúchán na critéir is gá le gur féidir iad a áireamh sa chatalóg ar líne. Tá obair leanúnach ar siúl ag an gCartlann Náisiúnta chun na liostaí seo a uasdátú. Ach tógann an obair seo cuid mhór ama agus is obair dhlúthshaothair í. San idirlinn, tá catalóga cruachóipe a bhaineann le bailiúcháin liostaithe ar fáil inár Seomra Léitheoireachta. Is féidir fiosruithe sonracha a dhíriú ar an gCartlannaí Ar Dualgas gach lá nó a dhíriú chuig [email protected].

Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar ár mbailiúcháin féach Taifid stairiúla.

Ligeann an Cuardach Simplí do thaighdeoirí cuardach eochairfhocail a dhéanamh sa chatalóg iomlán ar líne. Is é an cuardach is fóintí é i gcás ina bhfuil taighdeoirí ar lorg ítim shonrach amháin, amhail Féilire na nUachtanna 1924, ar cuardach é sin a thabharfaidh nasc le leagan pdf den fhéilire nó den innéacs a bhaineann le huachtanna a deonaíodh sa bhliain 1924.

D’fhéadfadh sé nach bhfuil sé chomh fóinteach céanna i gcás ina bhfuil taighdeoirí ar lorg mionsonraí níos sonraí nó ina bhfuil focal nó frása á úsáid acu a d’fhéadfadh a bheith ann i dteideal cuid mhór comhad. I gcásanna den sórt sin, is ceart cuardach casta a úsáid in ionad Cuardach Simplí.

Ligean an fheidhm Cuardach Casta do thaighdeoirí cuardach a dhéanamh de réir réimsí trí úsáid a bhaint as ‘Focail sa teideal’, ‘Focail i scóip & inneachar’, ‘Cód Tagartha’, ‘Cruthaitheoir an Ábhair Cartlainne’, ‘Ón mbliain ….’ agus ‘Suas go dtí an bhliain….’

Más mian le taighdeoir teorainn a chur lena chuardach/cuardach, is iad ‘Focail sa teideal’, ‘Focail i scóip & inneachar’ agus ‘Cód Tagartha’ na catagóirí cuardaigh is fóintí.

Is é atá sa Chód Tagartha ná cód uathúil an doiciméid ar leithligh nó na sraithe doiciméad gaolmhar. Is féidir le cód tagartha a bheith uimhriúil (uimhreacha amháin) nó alfa-uimhriúil (uimhreacha agus litreacha araon). Ón mbliain 2000 ar aghaidh, tá na cóid tagartha go léir i bhformáid uimhriúil agus cuimsíonn siad trí chuid. Mar shampla, tagraíonn 2015/77/86 do chomhad 86 as Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin arbh é an 77ú haistriú chuig an gCartlann Náisiúnta é sa bhliain 2015. D’fhéadfadh sé go bhfuil ábhar de chineál eile i bhformáid alfa-uimhriúil. Mar shampla, tagraíonn CSO/RP/1822/17 do chomhad 17 ó Pháipéir Chláraithe Oifig an Phríomh-Rúnaí don bhliain 1822.

Ní mór cód tagartha uathúil a thabhairt do gach taifead a aistrítear chuig an gCartlann Náisiúnta d’fhonn barántúlacht an doiciméid lena mbaineann a chosaint agus d’fhonn uimhreacha dúblacha a sheachaint rud a bhféadfadh deacrachtaí agus mearbhall gan ghá do thaighdeoirí leanúint as.

Is é atá in Teideal ná cuardach eochairfhocail i leith theideal an chomhaid. Tá na taifid liostaithe de réir theideal an chomhaid agus d’fhéadfadh ábhar, áit nó ainm duine a bheith i gceist i gcás taifid thiomnacha.

Is gá do thaighdeoirí smaointeoireacht chliathánach a dhéanamh i dtaobh cén t-ainm a d’fhéadfadh a bheith ar chomhad nó i dtaobh cén téarmaíocht a bheadh á húsáid tráth cruthaithe an taifid i roinn rialtais nó in oifig chúirte. Is minic a léiríonn an téarmaíocht atá ann i dteidil chomhad atmaisféar sóisialta agus polaitíochta na haimsire. Is fiú breithniú a dhéanamh ar na comhaid i gcomhthéacs na tréimhse inar cruthaíodh iad. Bheadh téarmaí a meastar ina leith anois nach bhfuil siad inghlactha, amhail gealt (lunatic) nó cuing an phósta (wedlock) an-choitianta tráth áirithe san am atá caite agus d’fhéadfadh sé gur úsáideadh iad le linn a bheith ag plé le beartas meabhairshláinte nó le saincheisteanna sóisialta, mar shampla.

Is é atá i gCruthaitheoir an Taifid ná an comhlacht ónar aistríodh an taifead lena mbaineann. Coimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid de chuid ranna rialtais, na gcúirteanna agus na gcomhlachtaí poiblí éagsúla atá liostaithe sa sceideal a ghabhann leis an Acht um Chartlann Náisiúnta 1986. Ina theannta sin, cuimsíonn ár gcuid sealúchas cuid mhór bailiúchán gnó agus bailiúchán príobháideach a thaisc comhlachtaí príobháideacha agus daoine aonair. Tá an fheidhm seo an-úsáideach i ndáil le comhlacht ar leith a aimsiú.

Mar shampla, má tá taighdeoir ag iarraidh teacht ar chomhad de chuid Roinn an Taoisigh, is féidir leo an cuardach a theorannú don roinn ar leith sin trí rogha a dhéanamh ón liosta ar thaobh na láimhe deise den leathanach in aice le réimse Chruthaitheoir an Taifid.

Is é atá in Scóip & Inneachar ná cuardach eochairfhocail i leith thuairisc leathnaithe an doiciméid lena mbaineann, agus d’fhéadfadh sé tuilleadh faisnéise a chur ar fáil faoi inneachar an taifid. D’fhéadfadh an cuardach seo a bheith fóinteach i dtaca le cuardach a theorannú nó i dtaca le doiciméad a aimsiú nach mbeadh a inneachar follasach ar bhonn theideal an chomhaid.

Ligeann ‘Ón mbliain ….’ agus ‘Suas go dtí an bhliain….’ d’úsáideoirí cuardach a dhéanamh de réir dátaí sonracha ach na roghanna seo a leanas sa bhosca anuas a úsáid:

Idir: cuir isteach dáta sna boscaí ‘ó’ agus ‘go’ chun cuardach a dhéanamh laistigh de thréimhse ar leith , mar shampla, ‘1970-1980’.

=: déantar cuardach sa chatalóg i leith bliain shonrach, mar shampla, ‘1975’.

<: trí ‘1975’ a chur isteach, déantar cuardach sa chatalóg chun teacht ar thaifid roimh an mbliain 1975, ach fágtar an bhliain 1975 ar lár.

>: trí ‘1975’ a chur isteach, déantar cuardach sa chatalóg chun teacht ar thaifid tar éis na bliana 1975, ach fágtar an bhliain 1975 ar lár.

<=: trí ‘1975’ a chur isteach, déantar cuardach sa chatalóg chun teacht ar thaifid roimh an mbliain 1975 agus cuirtear an bhliain 1975 san áireamh.

>=: trí ‘1975’ a chur isteach, déantar cuardach sa chatalóg chun teacht ar thaifid tar éis na bliana 1975, agus cuirtear an bhliain 1975 san áireamh.

Ligeann an rogha Cuardach Casta d’úsáideoirí scóip an chuardaigh a chúngú agus a theorannú trí úsáid a bhaint as réimsí iolracha. Mar shampla, is féidir le taighdeoirí cuardach a dhéanamh de réir ‘Teideal’ nó ‘Scóip & Inneachar’ ach is féidir an cuardach sin a chúngú go ‘Cód Tagartha’ nó ‘Cruthaitheoir an Taifid’ nó ‘Ón mBliain….’ nó ‘Suas go dtí an bhliain….’ trí gach ceann de na réimsí sin a líonadh isteach.

I gcás nach bhfuil taighdeoir in ann faisnéis a aimsiú sa chatalóg ar líne, tá sé inmholta cuardach a dhéanamh sna catalóga cruachóipe atá ann sa seomra léitheoireachta. Is minic a bhíonn sraith taifead gaolmhar liostaithe le chéile sa leagan cruachóipe ach ní bheifear in ann an nasc sin a dhéanamh le cuardach eochairfhocail. Tá an cur chuige seo inmholta freisin i gcás ina mbeidh ábhar taighde doiléir nó i gcás nach bhfuil eolas ag taighdeoirí ar stair riaracháin Stát na hÉireann.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach Taifid stairiúila.