Tá sé dearbhaithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, go bhfuil taifid de chaidrimh Angla-Éireannacha ó 1975-1980 a bhí rúnda roimhe seo ar fáil anois ar líne. Tá níos mó ná 920 doiciméad curtha anois leis an suíomh gréasáin Conflict Archive on the Internet (CAIN) mar chuid de chomhpháirtíocht leanúnach ina bhfuil Ollscoil Uladh agus an Chartlann Náisiúnta páirteach.
Tá eolas san ábhar nuascaoilte, le taobh nithe eile, ar iarmhairt Stailc Chomhairle Oibrithe Uladh sa bhliain 1974; an Stailc Ocrais Phoblachtánach i 1980; chomh maith le forbairtí i gcaidrimh Angla-Éireannacha as a d’eascair an cruinniú mullaigh idir Haughey agus Thatcher i mí na Nollag 1980. Baineadh na míreanna a roghnaíodh ón ábhar atá scaoilte faoin riail 30 bliain ach nár cuireadh ar fáil ar líne go dtí anois. Le haghaidh breis eolais féach anseo agus an suíomh gréasáin CAIN.