Ár n-ábhair chartlainne

Sufraigéidí agus Dálaí Príosúin in Éirinn

Taispeántas doiciméad as cartlann Bhord Ginearálta na bPríosún ina bhfaightear tuairisc dhoiciméadach ar na dálaí príosúin a bhí ann do mhná a gearradh príosúnacht orthu in Éirinn mar thoradh ar an bpáirt a ghlac siad san fheachtas i gcomhair ceart vótála a thabhairt do mhná sa tréimhse 1912-1914.

Ba í an bhliain 2018 cothrom 100 bliain an chéad olltoghcháin a bhí ann tar éis achtú an Representation of the People Act 1918 lenar tugadh ceart teoranta vótála do mhná os cionn 30 bliain d’aois agus ceart vótála comhchoiteann d’fhir os cionn 21 bhliain d’aois. Ritheadh an tAcht sin tar éis do mhná agus fir de chuid na haicme oibre feachtas fada a sheoladh ar son aitheantais i leith a róil sa tsochaí agus ar son an chirt chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin agus vóta a chaitheamh iontu. Mar thoradh ar leathnú na gcathracha ar fud na Ríochta Aontaithe agus mar thoradh ar an athrú ó ordlathais thraidisiúnta tuaithe agus, ina theannta sin, ar thosach an Chéad Chogaidh Dhomhanda sa bhliain 1914 agus ar Éirí Amach na Cásca in Éirinn sa bhliain 1916, tharla athruithe ar an dearcadh a bhí ann i líon mór codanna den tsochaí. Ní raibh na fir a throid sna trinsí sásta a thuilleadh glacadh le hionad teoranta i sochaí a bhí á rialú ag uasalaicme na n-úinéirí talún agus bhí na mná a reáchtáil feachtas chun ceart vótála a bhaint amach sna blianta roimh thosach an chogaidh meáite ar a gcoimhlint a atosú.

Tá sraith comhad príosúnaigh ag an gCartlann Náisiúnta, ar comhaid iad a chruthaigh Bord Ginearálta na bPríosún idir na blianta 1912 agus 1914 agus ina dtugtar mionsonraí faoi phríosúnú ban a bhí i mbun feachtais chun ceart vótála a bhaint amach. Le linn dhaonáireamh na bliana 1911, rinne roinnt daoine a bhí páirteach san fheachtas sin iarracht an próiseas a chur de dhroim seoil trí fhanacht as láthair óna mbaile d’fhonn an t-áiritheoir a bheadh ag teacht chun a ndorais a sheachaint nó, i gcás ban amhail Mabel Small, trí agóid a dhéanamh go feasach in aghaidh an phróisis trí dhiúltú aon mhionsonraí a thabhairt don áiritheoir. Chríochnaigh an t-áiritheoir tuairisceán dhaonáireamh 1911 do Mabel Small a raibh cónaí uirthi i mBéal Feirste agus bhreac an t-áiritheoir sin nóta ar an bhfoirm á rá gur mheas Mabel Small agus a comrádaí tí gur ‘sufraigéidí míleatacha’ iad (NAI, 1911/Census/Antrim/90/29). Dála cuid mhór dá gcomhshufraigéidí, bhí Small den tuairim nach raibh sí toilteanach páirt a ghlacadh a thuilleadh i ngnóthais oifigiúla amhail an daonáireamh ós rud é gur dhiúltaigh an tsochaí iad a áireamh mar dhaoine a raibh cead acu páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas polaitíochta. Cuimsíonn sraith na Sufraigéidí GBP (NAI, GBP/SFRG/1) comhad a bhaineann le Mabel Small a ciontaíodh ina dhiaidh sin i gcúirt seisiúin Bhéal Feirste mar gheall ar pánaí gloine a bhriseadh.

I dtuairisc faoina triail i mBéal Feirste, lorg Dorothy Evans, a cúisíodh i leith ábhar ina seilbh aici chun pléascáin a dhéanamh, an ceart chun triail ag giúiré dá cuid piaraí a bheith aici. Fir amháin a bhí ar an ngiúiré de réir mar ba ghnách an tráth sin. Le linn déileáil leis an gcúiseamh a bhí os comhair na cúirte, dúirt an breitheamh ceannais, an Breitheamh Uas Dodd an méid seo a leanas: ‘You are a lady, and whatever else has happened in your life remember that. You are now under courtesy, the courtesy of your sex, apart from anything else, obliged to listen’ (NAI, GBP/SFRG/1/13).

Cuireadh triail Evans siar agus coinníodh i gcoimeád í chun teacht os comhair an chéad suí eile de chúirt seisiúin Bhéal Feirste. Le linn í a aistriú chuig Príosún Thulach Mhór ar an 22 Iúil 1914, bhris sí roinnt fuinneog ar an traein agus chaith sí cárta poist a bhí scríofa aici amach ar an ardán ag Géisill, Contae Uíbh Fhailí, áit ar aimsigh an Máistir Stáisiúin é agus thug seisean d’fhear an phoist é. Le linn di a bheith i dTulach Mhór, chuaigh sí ar stailc ocrais agus scaoileadh saor í ar an 25 Iúil 1914 tar éis moladh a bheith faighte ón Oifigeach Liachta, JM Prior Kennedy, a luaigh an méid seo a leanas ina thuarascáil don ghobharnóir: ‘…her condition is such that further abstention from food and fluids will endanger her life’[1].

Ní grúpa comhtháite a bhí i gceist leis an bhfeachtas ar son ceart vótála do mhná agus cuimsíodh eagraíochtaí éagsúla ann ar chreid cuid acu in agóid shíochánta agus ar mhothaigh cuid eile acu, amhail Léig na hÉireann um Cheart Vótála do Mhná, gur ceart dóibh dul i mbun feachtas agóide agus friotaíochta foréigní den chineál céanna a bhí ann i Sasana. I gcomhfhreagras dar dáta an 21 Feabhra 1913, ó J Boland, gobharnóir Phríosún Thulach Mhór, luann sé an méid seo a leanas: ‘This country is fairly free from the militant tactics of the suffragettes compared with their doings in England &Scotland’[2].

Maidir le cuid mhór de na mná a bhí bainteach leis an bhfeachtas in Éirinn, bhí tréimhse caite i bpríosún i Sasana freisin. Ina measc sin, áiríodh feachtasóirí amhail Hanna Sheehy-Skeffington agus Margaret Palmer, a bhí i bpríosún in Holloway. D’ainneoin naisc chomh gar sin a bheith ann, ní go dtí an bhliain 1912 a thosaigh na feachtasóirí in Éirinn ag gabháil d’fheachtas friotaíochta foréigní gníomhaí nuair a cuireadh tús le feachtas briste fuinneog. Gabhadh ceannairí na gluaiseachta, agus Sheehy-Skeffington agus Palmer, agus tugadh os comhair na gCúirteanna Gearr-Sheisiúin, is é sin, réamhtheachtaí Chúirt Dúiche an lae inniu, áit a bhfuarthas ciontach agus ar fíneáladh iad. Nuair a diúltaíodh na fíneálacha a íoc, príosúnaíodh na sufraigéidí.

I dtosach báire, bhí an feachtas ar siúl i mBaile Átha Cliath agus cuireadh príosúnaigh go Príosún Mhoinseo ach, sa bhliain 1913, d’éirigh an feachtas níos déine agus leath sé go Béal Feirste. Theastaigh go mór ó na húdaráis srian a chur le cúrsaí agus aon dhrochphoiblíocht a sheachaint, go háirithe ó tharla gur daoine de chuid na meánaicme saibhre oilte a bhí i gcuid mhór de na feachtasóirí agus go raibh siad bainteach leis na grúpaí sóisialta céanna lenar bhain státseirbhísigh agus daoine de chuid an rialtais. Tá cuid mhór litreacha agus achainíocha ó dhaoine den phobal ann i measc na gcomhad a bhaineann leis na sufraigéidí. Cé nár aontaigh cuid mhór de na daoine sin le gníomhaíochtaí na gluaiseachta míleataí, thacaigh an chuid is mó acu leis an bhfeachtas ar son ceart vótála do mhná agus chreid siad go raibh dualgas cúraim ar na húdaráis i leith na mban sin. Tar éis roinnt agóidí a seoladh lasmuigh de Phríosún Mhoinseo, rinneadh cinneadh sa bhliain 1913 na sufraigéidí go léir a bhí ina bpríosúnaigh a chur go Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí, áit a mbeadh sé níos deacra iad féin a eagrú agus inar lú an dóchúlacht go rachaidís i bhfeidhm ar na príosúnaigh i gcoitinne.

Beagnach láithreach tar éis iad a chur go príosún, d’éiligh na sufraigéidí go dtabharfaí aitheantas dóibh mar phríosúnaigh pholaitiúla. Sa mheabhrán a cuireadh chuig Ionadaí an Rí, an Tiarna Aberdeen, leag siad amach a gcúiseanna leis an dlí a shárú agus lena gcinneadh chun dul i mbun feachtas friotaíochta gníomhaí. I gcás na n-údarás, ba staid nua uathúil an méid sin. Tá an comhfhreagras idir Oifig an Phríomh-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus Bord Ginearálta na bPríosún lán d’éiginnteacht i dtaobh conas ba cheart déileáil leis na mná sin. Dhiúltaigh na húdaráis i rith an ama aitheantas a thabhairt i leith spreagadh polaitiúil a bheith ann agus rinneadh tagairt do rialacha príosúin agus d’easpa cumais socrú den sórt sin a dhéanamh agus, ag an am céanna, rinneadh iarracht na mná a shásamh i dtaca le beagnach ceann dá n-éilimh ar chóireáil speisialta. I meabhrán dar dáta 1908, luadh nár príosúnaíodh aon phríosúnaigh pholaitiúla in Éirinn ó bhí an bhliain 1870 ann. Cé go raibh an dlí sáraithe acu, níor mheas aon duine, lena n-áirítear na sufraigéidí iad féin, gur ghnáthchoirpigh iad na mná sin. Níor coinníodh iad sna codanna céanna ina raibh daoránaigh choiriúla á gcoinneáil agus tairgeadh aistí bia speisialta agus lamháltais dóibh nach raibh teideal ag daoránaigh choiriúla chucu nó nach bhfuair daoránaigh choiriúla go dtí go mbeadh tréimhse fhada caite i bpríosún acu agus dea-iompar léirithe acu i rith an ama sin.

Chun aird a tharraingt ar a gcuid éileamh, d’eagraigh sufraigéidí a bhí i bpríosún feachtas eagraithe stailceanna ocrais. Bhí an líon sufraigéidí a bhí ann sna príosúin in Éirinn an-íseal ach bhain siad leas an-éifeachtach as an bpríosúnacht agus rinneadh tuairisciú forleathan ar an bhfeachtas i nuachtáin a bhí ag faire go dlúth ar fhorbairtí. Sa Ríocht Aontaithe, bhain na húdaráis phríosúin úsáid as cothú príosúnach in éadan a dtola d’fhonn an bonn a bhaint den fheachtas sin. Mhaígh siad gurbh ionann cothú in éadan toil duine agus bealach chun araíonacht phríosúin a choimeád ar marthain. In Éirinn, bhí leisce ann, ar leibhéal polaitíochta, sin a dhéanamh. Is léir sin i gcomhfhreagras idir Bord Ginearálta na bPríosún, na gobharnóirí príosúin agus Oifig an Phríomh-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, a raibh fonn orthu an staid a choimeád faoi smacht agus a chinntiú nach bhfaigheadh aon duine de na sufraigéidí a bhí ina bpríosúnaigh bás le linn a bheith i gcoimeád nó nach mbeadh bua mór bolscaireachta ag gluaiseacht na sufraigéidí.

Léiríonn comhaid Bhord Ginearálta na bPríosún an díospóireacht fhada a bhí ar siúl ag na húdaráis i dtaobh conas a dhéileálfaidís le saincheist an chothaithe in éadan toil duine agus le diúltú bia ag na sufraigéidí a bhí i bpríosún. Sa deireadh, rinne an Tiarna Aberdeen cinneadh gan leas a bhaint as cothú in éadan toil duine i gcás príosúnaigh Éireannacha. Ina ionad sin, baineadh úsáid as an Acht ‘Cat is Luch’, ar a dtugtar an Prisoners (Temporary Discharge for Ill Health) Act 1913 freisin, chun gníomhú in aghaidh sufraigéidí ar stailc ocrais d’fhonn an bonn a bhaint dá ndiongbháilteacht agus d’fhonn aon bhásanna a chosc le linn iad a bheith i bpríosúin. I bhformhór na gcásanna, rinneadh príosúnaigh a bhí ar stailc ocrais a scaoileadh saor faoi chúram daoine dá dteaghlaigh nó cairde ar bhonn sealadach chun cóir leighis a fháil. Tar éis do na príosúnaigh a bhí i gceist téarnamh, d’fhéadfaí iad a athghabháil agus a chur ar ais go príosún. Le fírinne, níor tharla sé sin riamh ach úsáideadh é mar bhagairt bhuan chun an bonn a bhaint díobh siúd a bhí i mbun feachtais trí fhriotaíocht ghníomhach.

Ní dhearnadh ach beirt phríosúnach baineann de chuid na sufraigéidí a bhí i bpríosún in Éirinn a chothú in éadan a dtola. Bhí baint ag Mary Leigh agus ag Gladys Evans le feachtas na sufraigéidí i Sasana agus thaisteal siad go hÉirinn chun páirt a ghlacadh sa léirsiú i gcoinne an Phríomh-Aire, Herbert Asquith, a bhí i mBaile Átha Cliath i mí Iúil 1912 chun aitheasc a thabhairt ag cruinniú Rialtais Dúchais. Príosúnaíodh Leigh agus Evans ar feadh cúig bliana, i dteannta daoroibre, mar gheall ar tua a chaitheamh ar Asquith agus mar gheall ar iarracht a dhéanamh an Theatre Royal, áit a raibh sé le labhairt inti an lá dár gcionn, a chur le tine. I dtuairim na n-údarás i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus Phríosún Ginearálta na bPríosún, chuir an pianbhreith maille le daorobair a gearradh orthu cosc ar aon deis i leith trócaire a léiriú, rud a rinneadh i gcás a gcomhshufraigéidí Éireannacha. D’áirigh sé sin aon chóireáil speisialta nó na príosúnaigh a chothú in aghaidh a dtola.  D’ainneoin go ndearnadh sufraigéidí baineannacha Éireannacha a bhí ar stailc ocrais a scaoileadh saor nuair a bhí meath ag teacht ar a sláinte , rinneadh cinneadh Leigh agus Evans a chothú in éadan a dtola. Rinneadh amhlaidh i bPríosún Mhoinseo thar thréimhse seachtainí i mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair 1912 agus ba é oifigeach leighis an phríosúin, RG Dowdall, a rinne formhaoirseacht air sin. Choinnigh Dowdall súil ghéar ar na príosúnaigh agus rinne sé tuairiscí faoin meath a bhí ag teacht orthu agus faoin gcailliúint meáchain a bhí ag tarlú ina leith le linn dóibh a bheith ar stailc ocrais agus á gcothú in éadan a dtola. Tá na mionsonraí iomlána faoin oibríocht, faoin tionchar ar choirp, agus faoi staid mheabhrach, na mban, chomh maith leis an tslí inar chuir siad in aghaidh beathú saorga trí fheadán sróin agus boilg, le fáil ina chuid tuairiscí sna comhaid.

Iarradh ar Dowdall tuairisc a chur ar fáil gach lá do Bhord Ginearálta na bPríosún agus cuireadh an tuairisc sin chuig Caisleán Bhaile Átha Cliath d’fhonn an Príomh-Rúnaí agus Ionadaí an Rí a choimeád ar an eolas faoi aon fhorbairtí. Ní féidir cinneadh críochnaitheach a dhéanamh ar bhonn na gcomhad, is é sin, cinneadh i dtaobh cén fáth go ndearnadh na gníomhartha sin i leith na mban sin amháin ach, de réir rialú na cúirte, rinne an breitheamh ceannais tagairt do dhéine na pianbhreithe mar bhac ar shufraigéidí eile agus d’fhéadfadh sé gur baineadh úsáid as cothú na mban in éadan a dtola mar phionós agus mar iarracht chun méadú leibhéal na friotaíochta in Éirinn a chosc. Cothaíodh Mary Leigh in éadan a tola le linn di a bheith i bpríosún in Birmingham. I dtuarascáil a cuireadh chuig na húdaráis phríosúin in Éirinn, thug Ernest HaslerHelby, iaroifigeach liachta i bPríosún Birmingham, tuairisc ar an gcóireáil a fuair sí.

Luaigh sé freisin gurbh as cúlra aicme oibre do Leigh agus, ina dtuairim, go raibh leas á bhaint as sin ag feachtas na sufraigéidí, agus go háirithe ag daoine de chuid na n-aicmí arda, chun a gcuspóirí féin a chur chun cinn. Deir sé an méid seo a leanas:‘Leigh was one of the most difficult cases we have had to deal with, she is a most obstinate self-willed woman liable at times to outbreaks of violence at other times to be sullen & morose. She was not of the same social position to which many of her companions belonged and owing to the extremes to which she was willing to go, in what they term, forwarding their cause, she had been made much of by the leaders, which had flattered her vanity making her reckless of danger to her own health or even of her life’ (NAI, GPB/SFRG/1/29/Part II).

Tá difríocht ann idir an chóireáil a fuair Leigh agus Evans agus an chóiréail a fuair sufraigéidí Éireannacha a bhí i bpríosún sa Tulach Mhór. I meabhrán chuig Bord Ginearálta na bPríosún dar dáta an 20 Deireadh Fómhair 1912, rinne J Boland, gobharnóir Phríosún Thulach Mhór, cur síos ar na hullmhúcháin a rinneadh chun cóiríocht a chur ar fáil do na sufraigéidí a beartaíodh a aistriú ó Phríosún Mhoinseo. D’áirigh sé sin iad a dheighilt ó na gnáthphríosúnaigh sa phríosún agus iad a choimeád i seomraí i sciathán ospidéil na bhfear, mar aon le troscán speisialta le go mbeadh na seomraí níos compordaí. Tá léarscáil suirbhéireachta ordanáis den phríosún ann mar chuid den togra (NAI, GPB/SFRG/1/22). Ligeadh do na príosúnaigh a bhí i gceist a gcuid éadaí féin a chaitheamh agus ligeadh dóibh a bheith i gcuideachta lena chéile. Ceadaíodh dóibh freisin cuairteanna speisialta a bheith acu i limistéar ar leithligh a bhí scartha ó na gnáthphríosúnaigh agus cuireadh gnáthphríosúnach ar fáil dóibh chun a gcuid seomraí a ghlanadh.

Tar éis thosach Chogadh Domhanda I i mí Iúil 1914, d’iarr na húdaráis ar na sufraigéidí míleatacha éirí as a bhfeachtas friotaíochta d’fhonn tacú le hiarrachtaí an chogaidh. Ar an 10 Lúnasa 1914, d’ordaigh an Rúnaí Baile, Reginald McKenna[3], pardún a chur i bhfeidhm agus, dá bharr sin, scaoileadh saor na sufraigéidí go léir a thug gealltanas nach ndéanfaidís aon choireanna ná uafáis eile. Ina óráid os comhair Theach na dTeachtaí, dúirt sé an méid seo a leanas: ‘His Majesty is confident that the prisoners of both classes will respond to the feelings of their countrymen and countrywomen in this time of emergency, and that they may be trusted not to stain the causes they have at heart by any further crime or disorder’[4].

I mí Lúnasa 1914, bhí Joan Wickham agus D Carson ar stailc ocrais i bPríosún Bhéal Feirste agus bhí siad ag diúltú imeacht ón bpríosún d’ainneoin moladh a bheith faighte ón bPríomhoifigeach Liachta, J Stewart, go scaoilfí saor iad mar gheall ar a riocht sláinte a bhí ag dul in olcas. Athghabhadh iad ós rud é gur bhris siad fuinneoga tar éis a dtrialach i leith Ardeaglais Lios na gCearrbhach a chur trí thine in éineacht le Gladys Evans agus Lillian Metge. Tar éis dá n-aturnae an tUas [George] McCracken, a raibh teagmháil ar siúl idir é agus an Fo-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath faoin ábhar, cuairt a thabhairt orthu, shínigh Wickham agus Carson araon dearbhú inar aontaigh siad gan gabháil d’aon iompar foréigneach eile ‘in view of the present crisis in which our country is involved’ (NAI, GPB/SFRG/1/16). Scaoileadh an bheirt acu saor le hordú ó Ionadaí an Rí níos déanaí an tráthnóna céanna. Scoir gluaiseacht na sufraigéidí dá ngníomhaíochtaí míleatacha agus dhírigh siad a n-aird ar iarracht an chogaidh agus ar leathnú ról na mban san fhórsa saothair.

Leis an Representation of the People Act, 1918, a ritheadh i mí Feabhra, tugadh ceart páirteach vótála do mhná agus, leis an Parliament (Qualification of Women) Act, 1918, ligeadh do mhná, den chéad uair, a bheith ina n-iarrthóirí chun bheith ina gcomhaltaí parlaiminte. Tugadh cearta vótála dóibh siúd a bhí os cionn 30 bliain d’aois agus a bhí ina n-úinéirí cláraithe maoine nó a bhí pósta le húinéir cláraithe maoine a raibh luach inrátaithe £5 nó níos mó aige. Ní go dtí an bhliain 1922 a tugadh isteach ceart vótála uilechoiteann do mhná os cionn 21 bhliain d’aois in Éirinn, beag beann ar chúrsaí maoine, is é sin, tar éis bhunú Shaorstát Éireann, agus níor tugadh isteach i Sasana é go dtí an bhliain 1928.

[1]NAI, GPB/SFRG/1/13.

[2] NAI, GPB/SFRG/1/31.

[3] https://api.parliament.uk/historic-hansard/people/mr-reginald-mckenna/index.html (fuarthas rochtain ar an 10 Nollaig 2018).

[4] https://api.parliament.uk/historic-hansard/commons/1914/aug/10/release-of-prisoners#S5CV0065P0_19140810_HOC_180 (fuarthas rochtain ar an 10 Nollaig 2018).

Card image cap

Urgent telegram to the Chief Secretary in Rockingham House, County Roscommon, from the Lord Lieutenant concerning the deterioration of Gladys Evans.

Card image cap

A letter from Kathleen Emerson, Secretary, Irish Women’s Franchise League, to the Lord Lieutenant seeking political status for suffragettes imprisoned in Ireland.

Card image cap

A visitor’s pass issued to Frank Purser, husband of Suffragette Mabel Purser imprisoned in Tullamore.

Card image cap

A memorandum outlining concessions allowed to suffragette prisoners held in Tullamore Prison.

Card image cap

Correspondence between PH Douglas, Secretary to the General Prisons Board, and Captain Barrows, governor of Belfast Prison.

Card image cap

A letter from Marion Bartels of West Worthing to the Chief Secretary for Ireland.

Card image cap

An instruction to prison governors to search all suffragette prisoners for emetic drugs used to defeat the effects of force feeding.

Card image cap

A comparison chart of prison conditions for Suffragette prisoners detained in Tullamore Prison.

Card image cap

A copy letter and undertaking from the Deputy Governor of Belfast Prison to the Chairman of the General Prisons Board.

Card image cap

A letter from the Great Northern Railway Company (Ireland) to the Governor of Belfast Prison seeking payment for damage caused by prisoner Dorothy Evans.

Card image cap

A list of suffragettes sentenced to prison.

Card image cap

A report by RG Dowdall, medical officer Mountjoy Prison, documenting the force feeding of Suffragette Mary Leigh.

Card image cap

A confidential report from the medical officer of Birmingham Prison concerning the suffragette prisoner Mary Leigh.

Card image cap

23.06.12

Fillteán i bhFócas: ‘Rollaí Meamram Meánaoiseacha’ ag an Dr Elizabeth Biggs
Bhí na rollaí meamram ar na bailiúcháin mheánaoiseacha is cuimsithí ar cuireadh leis an méid a bhí ar sheilfeanna na...

Doiciméid na Míosa Taispeántais ar líne

Card image cap

19.04.25

Nuacht ó na hábhair chartlainne: litir shuimiúil, 1923
Aistriúchán 29-12-23   Chuig C[eann] F[oirne] (I) Cad atá le déanamh mar gheall ar  Sir Michael O Dwyer (Puinseáb na...

Taispeántais ar líne

Card image cap

19.03.12

Oifig an Phríomh-Rúnaí, an Brainse Coireachta: Dublin Metropolitan Police (DMP) Movement of Extremists Mí Aibreáin 1916
Cuimsíonn an tsraith seo tuairiscí laethúla a d’ullmhaigh Roinn Bleachtairí Phóilíní Cathrach Bhaile Átha Cliath (DMP) maidir le gluaiseachtaí agus...

Taispeántais ar líne