home /

"Amhairc ar Cheithre Uachtaránachtaí (1938-1975)" - taispeántas de dhoiciméid ó Oifig Rúnaí an Uachtaráin

Réamhrá (Béarla)

Photograph of President Douglas Hyde with participants in the Cumann Drámaídheachta na Sgol competition at the awards ceremony in Áras an Uachtaráin, 30 March 1939. Fáilte chuig taispeántas ar-líne de thaifid ó Oifig Rúnaí an Uachtaráin. I measc an taispeántais tá stair riaracháin na hOifige, bunachar sonraí d'ábhar a bhaineann le caoga bliain is féidir a chuardach, chomh maith le híomhánna digiteacha de bhreis is daichead doiciméad a roghnaíodh as bailiúchán taifead Oifig Rúnaí an Uachtaráin. Bunaíodh Oifig Rúnaí an Uachtaráin nuair a bunaíodh Oifig an Uachtaráin faoi Bhunreacht 1937 agus tacaíonn sí leis an Uachtarán a ról a chomhlíonadh chomh maith le Rúnaíocht an Árais a stiúradh.

Tugtar léargas cruinn ar Oifig an Uachtaráin tríd thaifid Rúnaí an Uachtaráin agus táthar ag súil go léireoidh an taispeántas seo ní hamháin na feidhmeanna a chomhlíonann an tUachtarán ach freisin an seasamh atá ag an oifig i saol polaitiúil agus i gcultúr polaitiúil na hÉireann. Tá an taispeántas comhdhéanta de na gnéithe seo a leanas: réamhrá ar Oifig an Uachtaráin leis an staraí an Dr. Diarmaid Ferritear; stair riaracháin Oifig Rúnaí an Uachtaráin; cur síos ar thrí sraith taifead a bhaineann leis an oifig sin; bunachar sonraí gur féidir na taifid féin a chuardach agus ar deireadh; gailearaí ar líne de cháipéisí digiteacha as an mbailiúchán; líne ama agus ag deireadh, gluais téarmaí

San áireamh sa ghailearaí ar líne tá cineálacha éagsúla cáipéisí mar grianghraif, bróisiúir, meamraim, litreacha agus pleananna ailtireachta agus táthar ag súil go dtabharfaidh siad blaiseadh dár gcuairteoirí sibir ar an éagsúlacht taifead atá le fáil sa bhailiúchán saibhir cartlainne seo. Tá na cáipéisí a ndearnadh digitiú orthu lena dtaispeáint sa taispeántas seo le fáil freisin ag an bpobal i Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta agus cuirimid fáilte roimh léitheoirí ar mian leo iad a scrúdú iad féin. Tá breis eolais ar Oifig Uachtarán na hÉireann agus ar a shealbhóirí le fáil ar láithreán gréasáin oifigiúil Áras an Uachtaráin.

Chun cuairt a thabhairt ar an taispeántas cliceáil ar aon cheann de na naisc seo a leanas:

Réamhrá leis an Dr Diarmaid Ferriter

Stair riaracháin Oifig Rúnaí an Uachtaráin

Cur síos ar shraitheanna taifead

Bunachar sonraí is féidir a chuardach

Gailearaí ar líne de cháipéisí ón mbailiúchán

Líne ama

Gluais téarmaí