Treoirleabhair agus ailt taighde
Réamheolas
Is éard atá i dtreoracha d’fhoinsí, mar aon le hailt atá bunaithe ar ár sealbháin, ná cur i láthair do chuid dár mbailiúcháin cartlainne. Tá eolas mion iontu ar roinnt topaicí éagsúla, tugann siad cúlra nó comhthéacs stairiúil inar cruthaíodh na taifid agus d’fhéadfadh siad réimsí spéise taighde a thabhairt chun suntais.
Tabhair ar aird, le do thoil, go bhfuil na treoracha agus na hailt atá bunaithe ar bhailiúcháin taifead áirithe beartaithe chun tuairim a thabhairt don phobal faoinár sealbháin; is treoir do bhailiúcháin taifead roghnaithe iad na tuairiscí atá ann agus ní liostaí cuimsitheacha iad ar na taifid go léir atá againn.
Treoirleabhair
Tá na treoracha taighde comhdhéanta de thuairiscí ar thaifid atá ag an gCartlann Náisiúnta a bhaineann le hábhair éagsúla. I gcásanna áirithe, tugann siad faisnéis chomhthéacs ar shraith taifead atá cruthaithe ag gníomhaireachtaí Rialtais sonracha, chomh maith le stair riaracháin na gcomhlachtaí sin – i measc na samplaí tá an tSuirbhéireacht Ordanáis agus Oifig na nOibreacha Poiblí.
Cliceáil ar na teidil chun tuairisc nó stair riaracháin na sraithe taifead a fheiceáil:
- Treoir maidir le taifid na Corónach agus na Síochána
- Treoir maidir le foinsí ar Éire agus aontacht na hEorpa
- Treoir maidir le foinsí ar oideachas náisiúnta
- Treoir maidir le taifid Oifig na nOibreacha Poiblí
- Treoir maidir le taifid na Suirbhéireachta Ordanáis
- Treoir maidir le taifid Dhlí na mBocht
- Treoir maidir le foinsí ar stair na mban – lena n-áirítear Páipéir Hilda Tweedy agus Comhchoiste Chumainn na mBan agus na nOibrithe Sóisialta (féach freisin Directory of Sources for Women’s History in Ireland.csv agus bunachar sonraí Women in 20th-Century Ireland – 1922-1966)
Ailt taighde
Baineann na hailt seo a leanas, a foilsíodh in irisí cairteanna nó stairiúla, le sraitheanna taifead roghnaithe atá sa Chartlann Náisiúnta agus tugann siad eolas comhthéacs ar chuid dár gcuid bailiúchán.
- ‘The medieval Irish plea rolls – an introduction’ le Philomena Connolly
- ‘Sources in the National Archives for researching the Great Famine’ le Marianne Cosgrave, Rena Lohan agus Tom Quinlan (cuid a haon agus cuid a dó)
- ‘Hospital records in the National Archives of Ireland’ le Brian Donnelly
- ‘Some unusual sources for the history of medicine in the National Archives of Ireland’ le Aideen Ireland
- ‘The Rebellion Papers’ le Deirdre Lindsay
- ‘Sources in the National Archives for research into the transportation of Irish convicts to Australia (1971-1853)’ le Rena Lohan (féach freisin bunachar sonraí taifid iompair na hÉireann-na hÁstráile agus .pdf)
- ‘The archives of the Office of Public Works and their value as a source for local history’ le Rena Lohan
- ‘Ferreting Out Evil – the records of the Committee on Evil Literature’ le Tom Quinlan
- ‘The Registered Papers of the Chief Secretary’s Office’ le Tom Quinlan (féach freisin ar láithreán gréasáin CSORP)



