Taifid sa Chartlann Náisiúnta
Taifid Ranna Rialtais
Faoin Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986, caithfear gach taifead ó Ranna Rialtais, lena n-áirítear cúirteanna agus raon comhlachtaí eile, a chaomhnú agus a aistriú go dtí an Chartlann Náisiúnta nuair a bhíonn siad tríocha bliain d’aois, mura mbíonn a ndiúscairt údaraithe go sonrach ag an Stiúrthóir.
Aistríonn Ranna Rialtais na mílte doiciméad oifigiúil go bliantúil go dtí an Chartlann Náisiúnta agus tá fáil ar chairteanna na Ranna agus na ngníomhaireachtaí Stáit seo a leanas inár Seomra Léitheoireachta le go bhféadfaidh an pobal féachaint orthu. Tugann hipearnasc ó ainm na Roinne le fios go bhfuil bunachar áis aimsithe ag dul leis.
- An Roinn Talmhaíochta, lena n-áirítear comhlachtaí roimhe sin agus ina dhiaidh
- Oifig an Ard-Aighne
- An Roinn Chumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
- Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
- An Roinn Oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí roimhe sin agus ina dhiaidh
- An Roinn Chomhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
- An Coimisiún Cóir-Thrádála
- An Roinn Airgeadais
- An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála (áirítear Páipéir an Rúnaí freisin)
- Roinn na Gaeltachta, lena n-áirítear comhlachtaí roimhe sin agus ina dhiaidh
- Seirbhísí Eolais an Rialtais
- An Roinn Sláinte, lena n-áirítear comhlachtaí roimhe sin agus ina dhiaidh
- An Roinn Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear comhlachtaí roimhe sin agus ina dhiaidh
- An Roinn Dlí, lena n-áirítear comhlachtaí roimhe sin agus ina dhiaidh
- An Chúirt Oibreachais
- An Chartlann Náisiúnta
- Oifig na bPaitinní
- Oifig Rúnaí an Uachtaráin
- Clár na gCara-Chumann
- An Roinn Leasa Shóisialaigh, lena n-áirítear comhlachtaí roimhe sin agus ina dhiaidh
- Roinn an Taoisigh, lena n-áirítear comhlachtaí roimhe sin agus ina dhiaidh
(áirítear Páipéir an iar-Thaoisigh, Seán Ó Loingsigh, 1966–1973 agus 1977–1979) - An Roinn Iompair, lena n-áirítear comhlachtaí roimhe sin agus ina dhiaidh



