Taifid sa Chartlann Náisiúnta
Réamheolas
Coinníonn an Chartlann Náisiúnta taifid stát nua aimseartha na hÉireann ina bhfuil cuntas le fáil ar éabhlú stairiúil agus ar chruthú fhéiniúlacht náisiúnta an stáit. Tá cumas mór taighde ag baint leis na mbailiúcháin seo mar go soláthraíonn siad ábhar bunfhoinse riachtanach do dhaoine atá féachaint le tuiscint a fháil ar na fórsaí sóisialta, eacnamaíochta agus polaitiúla a mhúnlaigh Éire.
Scriosadh beagnach na taifid ar fad a tugadh ar lámh d’Oifig Thaifead Poiblí na hÉireann roimh 1922 nuair a tharla tine agus pléascán ag tús Chogadh na gCarad i mí Meithimh 1922 agus dá bharr sin is ón 19ú agus an 20ú aois, den chuid is mó, an t-ábhar atá á choimeád sa Chartlann Náisiúnta cé go bhfuil corr rolla cúirte agus airgeadais ó chomh fada siar le tús na 14ú aois ann.
Coimre ar ár mbailiúcháin
- Cartlanna Ranna Rialtais maidir leis an tréimhse 1922–1982 go háirithe;
- Cartlanna Oifig an Phríomh-Rúnaí agus na n-oifigí gaolmhara don tréimhse 1790–1922;
- Cartlanna áisínteachtaí Rialtais eile a bhí ag feidhmiú sa 19ú agus 20ú aois go háirithe chomh maith le roinnt cartlanna ón 17ú agus 18ú aois;
- Cartlanna na gcúirteanna agus na gclár probháide ó dheireadh na 19ú haoise agus ón 20ú aois go háirithe ach roinnt cáipéisí ón 14ú aois i leith san áireamh chomh maith;
- Cartlanna a fuarthas ó fhoinsí eile, ina measc paróistí Eaglais na hÉireann, boird caladhfoirt, boird sláinte, ospidéil, scoileanna, cumainn charthanachta, ceardchumainn, gnólachtaí, oifigí dlíodóra, oifigí eastát agus daoine aonair, a bhaineann leis an 19ú agus 20ú aois go háirithe ach a bhfuil ábhar ón 17ú agus ón 18ú aois ina measc chomh maith;
- Trascríobh, féilirí, sleachta agus innéacsa maidir le buntaifid ón 13ú go dtí an 19ú aois a scriosadh sa bhliain 1922.
Na bailiúcháin is minicí a mbaintear úsáid astu
- Taifid ghnó
- Daonáireamh 1901 agus 1911
- Pléadáil Sheansaireachta
- Páipéirí Cláraithe Oifig an Phríomh-Rúnaí - láithreán gréasáin CSORP
- Cláir pharóistí Eaglais na hÉireann
- Comhaid Thagartha Dhaoránach
- Coistí cróinéirí
- Taifid Dháil Éireann
- Taifid Roinne Rialtais
- Taifid oideachais
- Coimisiún Fhaoiseamh an Ghorta
- Lámhscríbhinní Ferguson
- Achomaireachtaí ginealais (Betham, Crosslé, Tenison Groves, Grove-White and Thrift)
- Bord Ginearálta na bPríosún
- Cíosanna Cúirte Eastát Talún Fiachbháite
- Féilirí Choimisiún Taifead na hÉireann
- Lámhscribhinní Lodge
- Oifig na nOibreacha Poiblí
- Páipéir Oifigiúla
- An tSuirbhé Ordanáis
- Tuairiscí Feillbhirt
- Foinsí príobháideacha
- Taifid Phrobháide
- Imigh ón Oifig Cíosa
- Cáipéisí Ceannairceach
- Uachtanna Saighdiúirí
- Leabhair Leithroinnte Deachúna
- Cartlanna Ceardchumann
- Taifid Iompair (bunachar sonraí taifid iompair na hÉireann-na hÁstráile agus .pdf)
- An Oifig Luachála agus an Suirbhé Teorann
- Taifid Uachtanna agus Tiomnacha
- Taifid ar Stair na mBan (Directory of Sources for Women’s History in Ireland.csv, bunachar sonraí Women in 20th-Century Ireland – 1922-1966, Páipéir Hilda Tweedy agus Comhchoiste Chumainn na mBan agus na nOibrithe Sóisialta)



