Athraigh téacs
  • Normal text
  • Colour Text
  • Black and white text

Ábhar nua sa chatalóg ar líne

Réamheolas


Bíonn an Chartlann Náisiúnta ag cur ábhar nua-shealbhaithe agus ábhar oidhreachta a bhíonn liostaithe ar chaighdeán cartlainne nua-aimseartha lena catalóg ar líne go leanúnach.

 

Tá na haistrithe seo leanas a fuarthas le déanaí curtha ag an gCartlann Náisiúnta lena catalóg ar líne:

 

Lúnasa

 

Mar chuid de thionscadal chun sonraí atá sna féilirí uachtanna ó 1953-1951 atá le fáil sa Seomra Léitheoireachta agus mar chomhaid pdf ar líne a dhéanamh inchuardaithe, tá gach taifead tiomnachta anois ó 1923-1951 le fáil lena gcuardach de réir ainm an duine mhairbh inár gcatalóg ar líne.  Sin sa bhreis ar na féilirí uachtanna agus riaracháin ó 1858-1920 atá le fáil ar ár láithreán gréasáin ginealais.  Cuirfear in iúl nuair a bheidh taifid féilire tiomnachta breise ar fáil.

 

Iúil

 

 

Tá Taifid ar Choireanna in Éirinn 1848–1893 de chuid Oifig Phríomh-Rúnaí na hÉireann liostaithe ag an gCartlann Náisiúnta le déanaí, faoin gcód tagartha CSO/ICR. San áireamh sa tsraith Taifid ar Choireanna in Éirinn tá tuairisceáin bhliantúla ar uafáis ó oifigí constáblachta áitiúla a tuairiscíodh chuig an Oifig Constáblachta, Caisleán Bhaile Átha Cliath idir 1848 agus 1893. Tá taifead ar chionta ó 1837 sna tuairisceáin is luaithe. San áireamh sna tuairisceáin tá staitisticí míosúla maidir le gach contae agus cúige, iad leagtha amach de réir an chineáil ciona. Ón mbliain 1863 ar aghaidh, cláraítear tuairiscí ar dhúnbhásuithe a tharla an bhliain roimhe, lena n-áirítear ainm an íospartaigh, ainm an té a rinne an choir, an t-údar a bhí leis agus an pionós. Ón mbliain 1869 ar aghaidh, taifeadtar coireacht ghunna nó áirítear ‘gunna a scaoileadh le duine’. Is éard atá sa chéad dá iontráil sa liosta, CSO/ICR/1 agus CSO/ICR/2, ná tuairisceáin bhliantúla chlóite d’uafáis maidir leis na blianta 1848–1878 agus 1879–1893, agus tá cóipeanna digiteacha de na doiciméid sin, maille le cur síos orthu, ar fáil le féachaint orthu.

 

Tá comhaid phionósacha príosúnach a d’éalaigh as an bpríosún, a bhásaigh sa phríosún nó a aistríodh chuig gealtlanna de chuid Bhord Ginearálta na bPríosún ó na 1880idí go dtí na 1920idí go príomha, liostaithe ag an gCartlann Náisiúnta le déanaí, faoin gcód tagartha GPB/PEN/3. Bhásaigh nó aistríodh an chuid is mó de na príosúnaigh atá liostaithe go dtí Gealtlann Dhún Droma, Contae Bhaile Átha Cliath. Tá mionsonraí faoina n-iompar sa phríosún agus faoina stair liachta sna comhaid. San áireamh sa tsraith tá roinnt comhad maidir le daoine a cuireadh sa phríosún mar thoradh ar fhoréigean faoi chúrsaí talún agus gníomhaíocht a bhain leis na Fíníní, an Fínín Hugh Mullen ina measc (GPB/PEN/3/96).

 

Bealtaine

 

 

Tá Comhaid Cúitimh Éirí Amach 1916 Oifig na Cóilíneachta (Éire) a bhaineann leis na blianta 1917–1925, liostaithe ag Cartlann Náisiúnta na hÉireann faoin gcomhad tagartha FIN/7. Baineann na comhaid sa tsraith bheag seo le riaradh na n-éileamh ar chúiteamh maidir le damáiste a rinneadh do mhaoin le linn Éirí Amach 1916. Le riaradh Vóta na Parlaiminte maidir le dámhachtain a rinne an Coiste um Chaillteanas Maoine (Éire), a d’éist le héilimh ar chúitimh ar dhamáiste a bhain do mhaoin le linn Éirí Amach 1916, a bhíodh Oifig na hÉireann ag plé ar dtús. I ndiaidh 1922, rinneadh Craobh na hÉireann d’Oifig na Cóilíneachta d’Oifig na hÉireann agus lean leis an obair ag riaradh deontais cúitimh. Is cosúil gur aistríodh na comhaid seo go dtí an Roinn Airgeadais i mBaile Átha Cliath timpeall 1923-1924.

 

Tá achainíocha agus meabhracháin daoránach, Roinn na nDaoránach: Oifig an Ard-Rúnaí a bhain leis na blianta 1909–1922 liostaithe ag Cartlann na hÉireann faoin gcód tagartha CSO/CD/1. Sa tsraith seo tá achainíocha nó meabhracháin dhaoránaigh a bhí ag iarraidh laghdú ar a bpianbhreith nó deireadh ar fad a chur leis an bpianseirbhís. Achainíocha iad seo a rinne príosúnaigh nó daoine thar a gceann chuig an Tiarna Leifteanant nó chuig an Ard-Rúnaí. Baineann an tsraith seo leis an tréimhse idir 1918 agus 1922 ach baineann roinnt comhad le hachainíocha roimhe sin. Áirítear sna comhaid cásanna a bhain le Cúirteanna Seisiúin agus Cúirteanna Ceathrúsheisiúin ar fud na hÉireann chomh maith le cúirteanna níos lú mar Cúirteanna Gearra, Cúirteanna Paróiste agus Cúirteanna Airm Machaire. Áirítear ar chásanna mionchionta mar gan teacht i láthair mar ghiúiré; biotáille aindleathach a bheith i seilbh; cásanna teaghlaigh lena n-áirítear faillí ar leanaí agus ionsaí ar an mbean chéile; cásanna coiriúla a bhain le goid; glacadh le hearraí goidte, ionsaí, dúnmharú agus marú naíonán. Áirítear ar chiontuithe polaitiúla cionta na mBuachaillí Bána; círéibeacha, rialacháin cuirfiú a shárú i mBéal Feirste, 1921. Tá tuairiscí lae ann freisin ar bhail daoine a bhí ar stailc ocrais ó ghobharnóirí príosún chuig cathaoirleach Bhord na bPríosún, 1922.