Seirbhísí do Ranna Rialtais
Taifid leictreonacha
Tá Aonad na dTaifead Leictreonach tiomnaithe d’fháil, do bhainistiú, do chaomhnú fadtéarmach agus d’inrochtaineacht na dtaifead atá cruthaithe i gcórais leictreonacha. De réir a nádúir, tá seilfré gearr ag taifid leictreonach. Is beag seans atá ann mura ndéantar bainistiú agus caomhnú ar thaifid leictreonach, ón tráth a gcruthaítear iad, más féidir é, go mbeadh siad inrochtaine faoi cheann tríocha bliain.
Sa Ríocht Aontaithe, leasaíodh le gairid ‘an riail 30 bliain’ a baineann le haistriú taifid rialtais chuig an gCartlann Náisiúnta go riail 20 bliain. Maidir le taifid leictreonach, áfach, tarlaíonn an breithmheas cúig bliana ó phointe a gcruthaithe. Táthar ag súil go gceadóidh an reachtaíocht leasaithe anseo in Éirinn don Chartlann Náisiúnta breithmheas a dhéanamh ar thaifid leictreonacha atá cruthaithe ag Ranna Rialtais laistigh de cúig bliana ón bpointe cruthaithe. Aistreofar taifid ansin a measfar gur fiú iad a chaomhnú chun críoch chartlainne chuig an gCartlann Náisiúnta nó cuirfear bearta i bhfeidhm i Ranna Rialtais lena gcaomhnú agus lena n-inrochtaine fadtéarmach a chinntiú, sula n-aistreofar faoi dheireadh iad chuig an gCartlann Náisiúnta.
Daingneoidh na gníomhartha sin oidhreacht dhigiteach na hÉireann, éascófar cuntasacht agus cinnteofar fáil agus inrochtaine ár n-oidhreacht dhigiteach do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh. Ní mór nósanna imeachta agus córais a bheith i bhfeidhm le cur ar ár gcumas na taifid sin a bhainistiú agus a chaomhnú agus sin saincheist nach mór dúinn aghaidh a thabhairt uirthi le go nglacfadh an Chartlann Náisiúnta úinéireacht go dearfa ar thaifid leictreonach ó Ranna Rialtais. Faoi láthair, táimid ag ullmhú beartas caomhnaithe digiteach leis an aidhm scóip tionscadal den sórt sin a leagan amach. Foilseofar an beartas sin ar ár láithreán gréasáin, nuair a bheidh sé tugtha chun críche.




