Seirbhísí dár gcuairteoirí
Uaire oscailte agus na hamanna le doiciméid a ordú
Bíonn an Seomra Léitheoireachta sa Chartlann Náisiúnta – atá tiomnaithe do chéad Chathaoirleach na Comhairle um an gCartlann Náisiúnta, an Breitheamh Niall McCarthy – oscailte do dhaoine den phobal a bhfuil ticéad léitheora bailí acu ó Luan go hAoine, 10.00 go dtí 17.00.
Féadfaidh léitheoirí doiciméid a ordú ó 10.00 go dtí 12.15 agus ó 13.30 go dtí 15.15 gach lá. Bíonn cairteanna a choinnítear i stóras lasmuigh den láthair agus a ordaíonn léitheoir ar an láthair le fáil sa Seomra Léitheoireachta ar a 10.00 an chéad lá oibre eile ina dhiaidh sin. Moltar do léitheoir glao gutháin a dhéanamh sula dtéann sé nó sí isteach lena fháil amach go díreach cén chaoi a bhfuil cúrsaí maidir leis na cairteanna atá ordaithe aige nó aici.



