Athraigh téacs
  • Normal text
  • Colour Text
  • Black and white text

Seirbhísí dár gcuairteoirí

Uaire oscailte agus na hamanna le doiciméid a ordú


Bíonn an Seomra Léitheoireachta sa Chartlann Náisiúnta – atá tiomnaithe do chéad Chathaoirleach na Comhairle um an gCartlann Náisiúnta, an Breitheamh Niall McCarthy – oscailte do dhaoine den phobal a bhfuil ticéad léitheora bailí acu ó Luan go hAoine, 9.15 go dtí 17.00.

 

Féadfaidh léitheoirí doiciméid a ordú ó 9.15 go dtí 12.15 agus ó 13.30 go dtí 16.00 gach lá. Bíonn cairteanna a choinnítear i stóras lasmuigh den láthair agus a ordaíonn léitheoir ar an láthair le fáil sa Seomra Léitheoireachta ar a 10.00 an chéad lá oibre eile ina dhiaidh sin. Moltar do léitheoir glao gutháin a dhéanamh sula dtéann sé nó sí isteach lena fháil amach go díreach cén chaoi a bhfuil cúrsaí maidir leis na cairteanna atá ordaithe aige nó aici.