Athraigh téacs
  • Normal text
  • Colour Text
  • Black and white text

Seirbhísí dár gcuairteoirí

Ticéid léitheoirí


Is féidir le aon duine Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta a úsáid ach ticéad léitheora bailí a bheith aige/aici. Is féidir ticéad a iarraidh ar an gcéad chuairt ar an gCartlann Náisiúnta ach cárta aitheantais le grianghraf a bheith acu. Eisítear na ticéid atá saor in aisce do thréimhsí a shíneann ó lá amháin go trí bliana agus níl siad bailí in institiúidí taighde eile.

 

Iarrtar ar chuairteoirí céannacht grianghraif a bhreith leo le cuidiú leis an nós imeachta do thicéid – aitheantas fótagrafach inghlachta ná iad seo leanas: pás, ceadúnas tiomána (idirnáisiúnta); cárta mhic léinn; cárta leasa sóisialta; pás taistil nó aitheantas fostaíochta. Ní mór do léitheoirí gealltanas a shíniú san fhoirm iarratais go n-aontaítear cloí le Rialacha do Léitheoirí na Cartlainne Náisiúnta agus má sháraítear rialacha do léitheoirí d’fhéadfaí ticéad léitheora duine a chur ar ceal.

 

Is féidir iarratas ar thicéad léitheora a íoschóipeáil agus a chomhlánú roimh an gcéad chuairt nó cuairt amach anseo a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta. Ba chóir an fhoirm a thabhairt d’oifig an Chartlannaí ar Dualgas le go ndéanfaí próiseáil ar d’iarratas gan mórán moille.

 

Ticéid Léitheoirí a Athsholáthar

Sa chás go gcaithfear ticéad léitheora a athsholáthar gearrfar táille €5.00 in aghaidh an ticéid athsholáthair. Ní ghearrfar aon táille ar thicéad léitheora a eisiúint nó a athnuachan, mar is amhlaidh faoi láthair. Cuimhnigh do thicéad léitheora a bheith agat an t-am ar fad, le do thoil. Ní bheidh tú in ann doiciméid ná micreascannáin a ordú gan do thicéad léitheora.