Seirbhísí dár gcuairteoirí
Taifid a ordú sula dtugann tú cuairt
Féadfaidh daoine den phobal a bhfuil ticéid léitheoirí reatha acu agus ar mian leo úsáid féachaint ar chairteanna socrú a dhéanamh go mbeadh an t-ábhar a theastaíonn uathu curtha in áirithint dóibh sula dtugann siad cuairt ar an Seomra Léitheoireachta.
Ní bhaineann an tseirbhís ach le hábhar atá á choimeád i stór taobh amuigh den láthair, mar is gá aon ábhar a choimeádtar sa chartlann ar Shráid an Easpaig a ordú sa Seomra Léitheoireachta lá na cuairte. Tá fáilte roimh léitheoirí a sheiceáil an gá ábhar a iarraidh roimh ré.
Ba cheart do léitheoirí a iarrann ábhar roimh ré a dteachtaireacht ríomhphoist a dhíriú ar advanceorders@nationalarchives.ie ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí seo a leanas:
- Na doiciméid a ordú trí lá oibre roimh a gcuairt agus é ar intinn acu cuairt a thabhairt ar an Seomra Léitheoireachta laistigh de na trí lá oibre dár gcionn
- Uimhreacha tagartha beachta na ndoiciméad atá uathu a lua sa teachtaireacht ríomhphoist
- Uimhir a dticéad léitheora a thabhairt
Ní féidir níos mó ná sé ordú a chur isteach roimh gach cuairt agus ní mór do leitheoirí ríomhphost éagsúil a sheoladh in aghaidh gach ordú. Ní choimeádfar doiciméid amach ar feadh níos mó ná 72 uair a chloig agus cuirfear ar ais sa stóráil chartlainne iad an tríú lá mura bhfuil siad á léamh.
Iarrtar ar léitheoirí a bpáirt a imirt chun go n-éireoidh leis an tseirbhís nua seo trí a chinntiú nach n-úsáideann siad an tseirbhís seo ach amháin má bhíonn siad cinnte go dtabharfaidh siad cuairt ar an Seomra Léitheoireachta laistigh den tréimhse atá leagtha síos. Má theipeann ar léitheoir cuairt a thabhairt ar an Seomra Léitheoireachta i ndiaidh dó/di doiciméid a ordú roimh ré, cuirfear am luachmhar na foirne amú agus aon léitheoir a dhéanann é seo fá thrí forghéillfidh sé/sí a c(h)eart chun an tseirbhís ordaithe ar líne a úsáid.
Tabhair ar aird cé nach bhfuil na sraitheanna comhaid seo a leanas de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha á gcoinneáil ar an láthair gur féidir iad a fháil laistigh de 24 uair ó ordaítear iad:
- DFA/1 – gach comhad leis na huimhreacha tagartha dar dtús D, EA, GR, LN, P agus PP orthu
- DFA/2 – gach comhad sa tsraith roimh-100 a bhfuil uimhreacha tagartha sa réimse 1/1 – 93/32 orthu
- DFA/3 – gach comhad sa tsraith roimh-100 a bhfuil uimhreacha tagartha sa réimse 101/1 – 148/32 orthu
- DFA/5 – gach comhad sa tsraith 300 a bhfuil uimhreacha tagartha sa réimse 301/1 – 311/62; 314/2 – 314/88 agus 315/4 – 320/11 orthu




