Seirbhísí dár gcuairteoirí
Rialacha do Léitheoirí
Sular féidir le daoine den phobal ticéad léitheora a fháil agus breathnú ar na taifid sa Seomra Léitheoireachta ní mór dóibh glacadh leis go gcomhlíonfaidh siad na Rialacha do Léitheoirí a chomhlíonadh.
1. Tá an Seomra Léitheoireachta oscailte do léitheoirí a bhfuil Ticéad Léitheora reatha acu ón gCartlann Náisiúnta. Ní scaoiltear isteach léitheoirí chuig an Seomra Léitheoireachta ach amháin chun cartlanna a léamh, áiseanna cuardaigh a fháil nó d’obair thagartha. Nuair atáthar ag déanamh iarratais ar Thicéad Léitheora ní mór fianaise céannachta a sholáthar.
2. Ní mór do léitheoirí Leabhar Tinrimh a shíniú sa Halla Iontrála ar an Urlár Íochtair gach lá.
3. Ní mór do léitheoirí a bheith ciúin sa Seomra Léitheoireachta ach amháin nuair atáthar ag dul i gcomhairle le comhalta foirne.
4. Níl cead ag léitheoirí cartlanna, scannáin nó fiche a thógáil ón Seomra Léitheoireachta agus tá siad freagrach as sábháilteacht na n-ábhar a chuirtear ar fáil dóibh nó go dtabharfar ar ais don Fheitheoir é.
5. Níl cead aon mhaoin phearsanta, seachas ábhar chun nótaí a thógáil agus ríomhairí pearsanta, a thabhairt isteach sa Seomra Léitheoireachta. Ní mór cótaí, seaicéid, hataí (an péire deiridh sin mura bhfuil duine á gcaitheamh) málaí, málaí láimhe, málaí cáipéisí, scáthanna fearthainne agus maoin eile a fhágáil i locair sa Halla Iontrála chomh maith le gutháin phóca agus glaoirí. Ní ghlacfaidh An Chartlann Náisiúnta aon fhreagracht as maoin léitheoirí.
6. Níl cead rud ar bith a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do chartlanna a thabhairt isteach, a thógáil, ná a úsáid sa Seomra Léitheoireachta. Áirítear air sin bia, deoch, milseáin (lena n-áirítear milseáin chasachta agus guma coganta), nuachtáin, pinn ghránbhioracha, pinn fheiltbhioracha, pinn dhúigh, dúch, marcóirí fluaraiseacha ná eile, sreabháin cheartaithe ná greamathóirí d’aon chineál, uirlisí géara lena n-áirítear bioróirí pinn luaidhe nó stáplóirí agus caithfear iad ar fad a fhágáil sna locair sa Halla Iontrála.
7. Tá cartlanna sobhriste agus ní mór a bheith an-chúramach leo:
* Bain úsáid as cúisíní leabhar nuair is féidir;
* Ná fág éadach ar na boird léitheoireachta;
* Ná lig anuas tú féin ar cháipéisí agus ná leag tada orthu;
* Ná fill cáipéisí, ná marcáil iad agus ná cuir fithíní iontu;
* Ní lí do mhéara chun leathanaigh a iompú;
* Ná fág taifid ná boscaí ar an urlár;
* Ná cuir as ord cáipéisí scaoilte agus ná bain lipéid de chomhaid;
* Ná déan iarracht cáipéisí a chur in ord tú féin;
* Ná iompaigh leathanaigh le peann luaidhe i do lámh;
* Tabhair ar aird an Fheitheora má bhíonn cáipéisí as ord, má tá damáiste déanta dóibh, má tá locht orthu nó má tá siad comhadaithe mícheart;
* Tabhair aon fhadhb ar aird an Fheitheora.
8. Níl cead pinn luaidhe a úsáid ach amháin chun nótaí a thógáil. Tá pinn luaidhe agus bioróirí le fáil ag an Deasc sa Seomra Léitheoireachta. Níor cheart pinn luaidhe a bhiorú ag na boird léitheoireachta agus níl cead bioróirí pinn luaidhe pearsanta.
9. Tá cead gaireas taifeadta agus trealamh leictreonach eile a úsáid ach socrú a dhéanamh le Feitheoir an tSeomra Léitheoireachta faoi réir spáis agus soicéid chumhachta bhoird agus gan cur isteach ar léitheoirí eile.
10. Tá cosc ar gach trealamh grianghrafadóireachta ach amháin má tá cead speisialta faighte ó Mhaoirseoir an tSeomra Léitheoireacht roimh ré.
11. Tá cosc ar gach gaireas rianaithe agus cóipeála chomh maith le raidió agus steiréó pearsanta.
12. Ba chóir áiseanna cuardaigh agus leabhair thagartha a leagan ar ais ar na seilfeanna nuair a bhítear réidh leo. Bain úsáid le do thoil as na cuisíní atá ar fáil nuair atáthar ag baint úsáide astu.
13. Tá cóipcheart ar chartlanna agus níor chóir iad a fhoilsiú ná a atáirgeadh gan cead scríofa ón Stiúrthóir.
14. Eisítear ticéid léitheoirí faoi réir chomhlíonadh Rialacha do Léitheoirí. Má theipeann ort Rialacha do Léitheoirí a chomhlíonadh d’fhéadfaí go mbainfí na cartlanna den léitheoir nó go gcuirfí ticéad léitheora ar ceal. Is coireanna coiriúla é cartlanna a chur i bhfolach, a ghoid, nó dochar a dhéanamh ceann ar aghaidh do chartlanna faoi Alt 18 den Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986.



