Seirbhísí dár gcuairteoirí
Rialacha do Léitheoirí
Sular féidir le daoine den phobal ticéad léitheora a fháil agus breathnú ar na taifid sa Seomra Léitheoireachta ní mór dóibh glacadh leis go gcomhlíonfaidh siad na Rialacha do Léitheoirí.
1. Tá an Seomra Léitheoireachta oscailte do léitheoirí a bhfuil Ticéid Léitheoireachta reatha, eisithe ag an gCartlann Náisiúnta, acu. Ní cheadaítear Léitheoirí isteach sa Seomra Léitheoireachta ach amháin chun cartlann a léamh, nó chun áiseanna nó oibreacha tagartha a aimsiú. Ní mór cruthúnas céannachta fótagrafach – agus cruthúnas ar sheoladh – a chur ar fáil leis an iarratas ar Thicéad Léitheora.
2. Ní mór do Léitheoirí an Leabhar Tinrimh sa Halla Tosaigh ar an mBunurlár a shíniú gach lá.
3. Ní mór do Léitheoirí bheith ina dtost sa Seomra Léitheoireachta ach amháin nuair a bheidh siad i gcomhairle le ball foirne.
4. Níl sé de chead ag Léitheoirí cartlann, scannáin ná fiche a thógáil as an Seomra Léitheoireachta agus tá siad freagrach as sábháilteacht na n-ábhar a chuirtear ar fáil dóibh go dtí go dtugtar ar ais don Mhaor iad.
5. Níl cead earraí pearsanta, seachas ábhair breactha nótaí, ríomhairí pearsanta agus ceamaraí digiteacha, a thabhairt isteach sa Seomra Léitheoireachta. Ní mór cótaí, seaicéid, hataí (seachas nuair a bhíonn an dá cheann deiridh á gcaitheamh), málaí, málaí láimhe, málaí cáipéisí, scáthanna báistí agus earraí pearsanta eile a fhágáil sna locair i Seomra na Locar mar aon le fóin phóca agus glaoirí. Ní ghlacann an Chartlann Náisiúnta aon fhreagracht i leith mhaoin na léitheoirí.
6. Níl cead aon ní a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do chartlann a thabhairt isteach, a ithe ná a ól ná a úsáid sa Seomra Léitheoireachta ná in áiteanna bainteacha eile. Áirítear iontu sin bia, deoch, milseáin (lena n-áirítear milseáin chasachta agus guma coganta), nuachtáin, pinn ghránbhioraigh, pinn fheiltbhioraigh, pinn thobair, dúch, marcóirí fluaraiseacha nó marcóirí eile, scriosáin, leachtanna ceartúcháin nó greamacháin d’aon sort, uirlisí géara lena n-áirítear bioróirí peann luaidhe, nó stáplóirí, a chaitear uile a fhágáil i Seomra na Locar.
7. Tá cartlanna sobhriste agus ní mór iad a láimhseáil le hómós cuí:
- Bain úsáid as cúisín leabhar nuair is féidir;
- Ná leag éadaigh ar na boird léitheoireachta;
- Ná lig tú féin ná aon rud eile anuas ar dhoiciméid;
- Ná cuir marc, líne ná filleadh ar dhoiciméid;
- Ná déan do mhéar a fhliuchadh ná a thaisiú roimh leathanach a iompú;
- Ná leag taifid ná boscaí ar an urlár;
- Ná cuir doiciméid atá scaoilte i neamhord agus ná cuir ord nua ar dhoiciméid scaoilte;
- Ná bain lipéid de na comhaid;
- Ná dean iarracht ath-ord a chur ar dhoiciméid;
- Ná hiompaigh leathanaigh dhoiciméad agus peann luaidhe i do lámh;
- Le do thoil, tabhair ar aird don mhaor doiciméid atá as ord, damáiste déanta dóibh, lochtach nó curtha sa chomhad mícheart;
- Le do thoil, tabhair aon fhadhb ar aird don Mhaor.
8. Níl cead pinn luaidhe a úsáid ach chun nótaí a bhreacadh. Tá pinn luaidhe agus bioróirí ar fáil ag an Deasc sa Seomra Léitheoireachta. Ní cheadaítear pinn luaidhe a ghéarú ag na boird léitheoireachta agus tá cosc ar bhioróirí pearsanta.
9. Ba choir áiseanna aimsithe agus leabhair thagartha a chur ar ais ar na seilfeanna nuair nach bhfuil a thuilleadh gá leo. Le do thoil, bain úsáid as na cúisíní atá curtha ar fáil
10. Níl cead feistí taifeadta ná trealamh leictreonach eile a úsáid.
11. Tá cosc ar fheistí cóipeála agus rianaithe, mar aon le raidiónna agus steiriónna pearsanta.
12. Ceadaítear fearas fótagrafach a úsáid ach cead a bheith faighte ó Mhaor an tSeomra Léitheoireachta agus ón gCartlannaí Ar Dualgas. Ní mór go mbeadh na foirmeacha cuí ceadaithe comhlánaithe agus sínithe.
13. Is féidir go mbeadh faisnéis phearsanta a bheadh faoi réir chosaint sonraí sa Cartlann agus eisítear Ticéad Léitheora faoi réir gealltanas Chosaint Sonraí a shíniú.
14. Baineann cóipcheart le Cartlann agus ní féidir iad a fhoilsiú ná a atáirgeadh gan cead i scríbhinn a fháil ó Cheannasaí na Seirbhísí Léitheoireachta.
15. Eisítear Ticéid Léitheoirí faoi réir Rialacha le haghaidh Léitheoirí a chomhlíonadh. Sa chás nach gcloítear leis na Rialacha le haghaidh Léitheoirí is féidir go mbainfí cartlann ó léitheoir agus/nó go gcuirfí a T(h)icéad Léitheora ar ceal. Is cion coiriúil é faoi Alt 18 d’Acht na gCartlann Náisiúnta 1986 goid nó ceilt cartlann nó damáiste toiliúil a dhéanamh dóibh.




