Athraigh téacs
  • Normal text
  • Colour Text
  • Black and white text

Seirbhísí dár gcuairteoirí

Faigh cóipeanna de chartlanna


Cóipeanna de chartlanna a ordú

  • De réir reachtaíocht cóipchirt, cuireann Cartlann Náisiúnta na hÉireann cóipeanna de dhoiciméid ar fáil chun críocha taighde nó staidéar príobháideach.
  • Is féidir cóipeanna a ordú go pearsanta sa Seomra Léitheoireachta nó tríd an bpost. Ní ghlacaimid le horduithe ar an teileafón. Ní ghlacaimid le horduithe trí ríomhphost faoi láthair ach tá súil againn an áis seo a thabhairt isteach níos déanaí in 2013.
  • Baill foirne de chuid na Cartlainne Náisiúnta a dhéanann an chóipeáil go léir, ag baint úsáide as scanóirí lastuas.
  • Is féidir cóip a dhéanamh den chuid is mó de dhoiciméid scaoilte agus de roinnt de na leabhair cheangailte. Ní féidir, i roinnt cásanna, nithe móra nó sobhriste a chóipeáil agus ba chóir malairt roghanna a phlé leis an gCartlannaí ar Dualgas. Ní féidir go leor de na léarscáileanna ná de na pleananna a chóipeáil.
  • Ní dhéanann an Chartlann Náisiúnta taighde thar ceann an phobail ach is féidir taighde a choimisiúnú ó thaighdeoirí príobháideacha. Le tuilleadh mionsonraí a fháil faoi sin, féach an liosta Taighdeoirí ginealais. Tabhair ar aird le do thoil nach nglacann an Chartlann Náisiúnta freagracht as an obair a dhéantar ná as na táillí arna ngearradh ag duine ar bith de na taighdeoirí ar an liosta.

 

Cóipeanna a ordú sa Seomra Léitheoireachta

Cóipeanna ar an toirt

  • Tá áis cóipeála ar an toirt ar fáil sa Seomra Micreascannán i gcás orduithe beaga (8 leathanach nó níos lú) de dhoiciméid páipéar-chomhréidh de mhéid A3 nó níos lú, le cárta cóipeála réamh-íoctha de chuid na Cartlainne Náisiúnta.

Priontaí féin-seirbhíse

  • Féadfaidh léitheoirí priontaí a fháil iad féin de mhicreascannáin nó de mhicrifhís ach úsáid a bhaint as na léitheoirí-phrintéirí, le cárta cóipeála réamh-íoctha, sa Seomra Léitheoireachta.

Cóipeanna ordaithe

  • Is féidir cóipeanna a ordaítear go pearsanta sa Seomra Léitheoireachta a bhailiú nó a fháil tríd an bpost. Nuair a sheoltar tríd an bpost iad, bíonn feidhm le muirir láimhseála agus postais.

Grianghrafadóireacht

  • Faoi réir coinníollacha, tá cead ag léitheoirí grianghraif a thógáil (gan splanc) le linn na n-uaireanta 10.30-11.00 agus 15.00-15.30.
  • Faoi réir comhaontú roimh ré, is féidir grianghraif de nithe móra a thógáil idir 17.00-18.00.
  • Is féidir grianghraif a thóg foireann na Cartlainne Náisiúnta a ordú.

 

Cóipeanna a ordú tríd an bpost

  • Ní mór uimhir thagartha na Cartlainne Náisiúnta don doiciméad atá de dhíth nó aon mioneolas eile a bheith tugtha i ndáil le cóipeanna a ordaítear tríd an bpost.
  • Trí cinn an t-uasmhéid doiciméad is féidir a ordú tríd an bpost agus bíonn feidhm leis an íosmhuirear i gcás gach doiciméad.
  • Ba chóir orduithe tríd an bpost a sheoladh chuig An Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8 agus ní mór íocaíocht a fháil roimh ré.

 

Táillí agus íocaíocht

  • Ní mór gach íocaíocht a dhéanamh roimh ré le euronna.
  • Ba chóir seiceanna, dréachtaí bainc nó orduithe airgid a dhéanamh amach do ‘An Chartlann Náisiúnta’.
  • Ní ghlacfar le hairgead tirim a chuirtear le horduithe tríd an bpost ná le duillíní íocaíochta Táillí Cúirte.

 

Foirm ordaithe cóipeanna tiomnacha

  • Is féidir féachaint ar líne, maidir leis na blianta 1858-1920 agus 1922-1982, ar na Féilirí Tiomnacha atá ar fáil sa Seomra Léitheoireachta sa Chartlann Náisiúnta.
  • Maidir leis na blianta a chlúdaíonn na Féilirí ar líne, ba chóir d’iarratasóirí an t-eolas go léir sna Féilirí ar líne a sheiceáil sula líonann siad isteach an fhoirm, agus a chinntiú go bhfuil an t-iarratas i gceart.
  • Ba chóir an cineál deonú ionadaíochta a shonrú.
  • Ní féidir leis an gCartlann Náisiúnta cuardach a dhéanamh a chlúdaíonn níos mó ná 3 bliana ó dháta éaga an tiomnóra.
  • Gearrtar muirear ar gach doiciméad mar ní ar leithligh.

 

Cóipeanna deimhnithe nó fíordheimhnithe, sínithe agus séalaithe

  • Is féidir cóipeanna deimhnithe nó fíordheidhmithe a fháil ach iad a iarraidh. Ordaítear cóipeanna deimhnithe sa Seomra Léitheoireachta trí na foirmeacha uaine a úsáid agus ní mór an fhoirm ordaithe do chóipeanna Tiomnacha a chur le horduithe tríd an bpost.

 

Taifid ar bhreith, ar phósadh agus ar bhás

  • Ní choimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid ar bhreith, ar phósadh ná ar bhás. An Phríomh-Oifig Clárúcháin, Oifigí an Rialtais, Bóthar an Chlochair, Ros Comáin, Éire, atá freagrach as na taifid sin. Ba chóir gach iarratas ar fhaisnéis a dhéanamh go díreach chuig an oifig sin.