Cuardaigh catalóg ar líne

Cabhair

Baineann an Chartlann Náisiúnta úsáid as bogearraí AdLib chun bainistíocht a dhéanamh ar a catalóg ar líne; is é atá in AdLib ná córas sonrach bainistithe ábhar cartlainne. Cinntíonn sé sin go ngabhtar faisnéis áirithe de réir Chaighdeán Ghinearálta Idirnáisiúnta na dTuairiscí Cartlainne (ISAD(G)) arb é is aidhm dó ná iontrálacha a chaighdeánú agus a áirithiú go mbíonn siad chomh fóinteach agus is féidir do thaighdeoirí.

Áiríonn sé sin cód tagartha uathúil, teideal doiciméid, dátaí clúdaigh agus tuilleadh tuairiscí nó faisnéise mionsonraithe, más gá sin.

Chun tuilleadh faisnéise i dtaobh conas an chatalóg ar líne a úsáid, féach Ceisteanna a Chuirtear go Minic.