Taifid dhlíthiúla

Taifid chúirte a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta

Cén fáth go gcoimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid chúirte?

Faoi théarmaí an Achta um Chartlann Náisiúnta 1986 sainmhínítear taifid chúirte mar thaifid roinne agus, dá bhrí sin, ós rud é gurb ábhair chartlainne iad, tagann siad faoi réir na cosanta reachtaí céanna agus an chaomhantais bhuain chéanna atá i gceist le haghaidh taifid eile stáit. Ba é an tAcht um Chartlann Náisiúnta 1986 an chéad mhír reachtaíochta a thug cosaint do thaifid phoiblí na hÉireann ón tráth ar baineadh saoirse amach. Baineann an tAcht seo le gach roinn rialtais, le 61 chomhlacht sceidealta agus leis na cúirteanna go léir. Chomh maith le caomhnú fadtéarma taifead a áirithiú, leagann an tAcht síos an prionsabal ar dá réir a fhaigheann daoine den phobal rochtain ar thaifid rialtais agus cúirte tar éis dheireadh tréimhse 30 bliain.

An gcoimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid chúirte atá níos lú ná 30 bliain d’aois?

Coimeádann. Coimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid thiomnacha ón Oifig Phrobháide suas go dtí an bhliain 1991. Bhunaidh an Public Records Office (Ireland) Act 1867 Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn mar áit oifigiúil taiscthe le haghaidh thaifid na n-ard-chúirteanna tar éis iad a bheith ar marthain ar feadh 20 bliain. Leanadh den chleachtas sin go dtí le déanaí agus bhí sé de nós ag cuid mhór oifigí cúirte, go háirithe na hOifigí Probháide, a gcuid taifead a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta nuair a bhí siad 20 bliain d’aois. Mar thoradh ar easpa spáis stórála le blianta beaga anuas, scoireadh den chleachtas sin agus aistríonn na cúirteanna a gcuid taifead anois nuair atá siad 30 bliain d’aois.

Cad iad na nithe a díothaíodh sa bhliain 1922 in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn?

Bhí Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn lonnaithe sna Ceithre Cúirteanna. Glacadh seilbh ar an bhfoirgneamh sin i rith an Chogaidh Chathartha sa bhliain 1922 agus díothaíodh taisclann na dtaifead sa chath a bhí ann chun na Cúirteanna a athghabháil. Maidir leis na taifid a bhí á gcoimeád ag Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn sa bhliain 1922, bhain cuid mhór acu leis na cúirteanna. Díothaíodh an chuid is mó de na hábhair chartlainne ina raibh léiriú ar stair dhlí na hÉireann suas go dtí na blianta go gairid tar éis na bliana 1900, lena n-áirítear rollaí meánaoiseacha agus cláir agus comhaid na gcúirteanna ar gach leibhéal suas go dtí an tréimhse idir lár agus deireadh an 19ú haois. Seo a leanas achoimre ar na príomhítimí réamh-1922 marthanacha a bhaineann leis na cúirteanna agus le cúrsaí tiomnacha:

  • An tSeansaireacht: 56ú Tuarascáil ón Leas-Choimeádaí, lch. 203; rolla na bPléadálacha Breithiúnachta, 6 & 7 EII, agus reacht-rolla, 28 H VIII. Ina theannta sin, bailiúchán suntasach Billí Seansaireachta, a mbaineann a bhformhór leis an tréimhse ó 1550 go 1630.
  • An Státchiste: 56ú Tuarascáil ón Leas-Choimeádaí, lch. 301; Meabhrán-Rollaí, 3EII agus 13 & 14 EII agus roinnt foréileamh, t. Henry VIII.
  • Pléadálacha Coiteanna: Tuarascáil an Leas-Choimeádaí, 57, lch. 421, gan aon ní níos túisce ná deireadh an 18ú haois ann.

Is féidir faisnéis maidir le hítimí sonracha marthanacha a fháil sna háiseanna aimsithe a bhaineann leis na cúirteanna éagsúla agus tá na háiseanna sin ar fáil sa Seomra Léitheoireachta.

Tá roinnt bailiúchán cóipeanna agus achoimrí de thaifid dhíothaithe ann, chomh maith le hinnéacsanna agus cláir. Is iad seo a leanas na cinn is fairsinge díobh sin:

  • Catalóga na sealbhúchán príobháideach, lena n-áirítear sraitheanna ‘C’, ‘CO’, ‘M’, ‘999’ agus ‘1000+’ agus an cárta-innéacs a bhaineann le cúrsaí tiomnacha sa Seomra Léitheoireachta. Chomh maith leis sin, tá roinnt foinsí úsáideacha príobháideacha le fáil sa Suirbhé ar Thaifid Ghnó atá eagraithe de réir contae. Faoi láthair, níl na bailiúcháin seo inchuardaithe sa chatalóg ar líne agus ní mór cuardach a dhéanamh i bpearsa sa Seomra Léitheoireachta.
  • Coimisiún na dTaifead, 1810-1830. Trascríbhinní agus féilirí a bhaineann le seantaifid, temp. Hen. III ar aghaidh, go háirithe ábhar a bhaineann le Paitinn-Rollaí, Meabhrán-Rollaí agus Ionchoisní ina gcuimsítear 204 imleabhar agus roinnt páipéar neamhcheangailte. Tá áis aimsithe cruachóipe ar fáil sa Seomra Léitheoireachta. Tá liosta achomair ar fáil sa 55ú Tuarascáil ón Leas-Choimeádaí, lch. 111-116.
  • Lámhscríbhinní Lodge, lena n-áirítear tras-scríbhinní agus achoimrí, go háirithe ábhar as paitinn-rollaí, H II – Geo. II, atá liostaithe i dTuarascáil an Leas-Choimeádaí, 55, lch. 116-122.
  • Bailiúchán Ferguson de shleachta as taifid Státchiste, go háirithe ó Mheabhrán-Rollaí, EI-Anne, atá liostaithe sa 55ú Tuarascáil ón Leas-Choimeádaí, lch. 122-123.
  • Féilire Lámhscríbhinne na Rollaí Breithiúnachta, 1 – 11, a rinneadh in Oifig na dTaifead Poiblí.
  • Clár Chúirt na nEastát faoi Eire, Chúirt na nEastát Talún agus Thiolacais na mBreithiúna Talún, 1850-1881 agus 1892-1901, agus Imeachtaí 1849-1891.
  • Leabhair Bhillí Seansaireachta, 1633-1640 agus 1660-1867 (ainmneacha na bpáirtithe agus dátaí imeachtaí amháin).
  • Cláir Fíneálacha, 1511-1835, agus Gnóthuithe, 1590-1834, agus féilirí Gníomhas-Rollaí Díshainoidhrithe, 1834-1866.
  • Féilirí Rollaí Iompaitheach, 1703-1838.
  • Innéacsanna Mhionn-Rollaí na gCaitliceach (‘Rollaí Cáilitheachta’) ina dtugtar liostaí na gCaitliceach a ghlac an Mhóid Dílseachta faoi Achtanna 17/18 agus 33 Geo. III, 1778–1796.
  • Coimisiún na dTáillí Cúirte, 1814-1931: Tuarascálacha ar Phléadálacha Coiteanna, ar Státchiste Cothromais agus ar an gCúirt Sainphribhléide agus ar Chúirt na gCeadanna.

Tá liosta féilirí, stórtha, innéacsanna agus leabhar tagartha a bhaineann le taifid a díothaíodh le fáil sa 55ú Tuarascáil ón Leas-Choimeádaí, lch. 124-132 agus tá liosta dúblach agus cóipeanna a bhí ann in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn (an Chartlann Náisiúnta anois) agus in áiteanna eile le fáil ag lch. 133-144.

Cad iad na taifid chúirte a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta?

Baineann formhór na dtaifead cúirte a choimeádann an Chartlann Náisiúnta leis an tréimhse tar éis bhunú stát nua-aoiseach na hÉireann sa bhliain 1922. I measc na dtaifead sin, áirítear taifid a bhaineann le gach leibhéal i réimse na gcúirteanna, lena n-áirítear an Chúirt Dúiche, an Chúirt Chuarda, an Ard-Chúirt, an Phríomh-Chúirt Choiriúil, an Chúirt Achomhairc Choiriúil agus an Chúirt Uachtarach.

Coimeádann an Chartlann Náisiúnta roinnt taifead cúirte a bhaineann leis an tréimhse roimh dhíothú na bliana 1922. Ina measc sin, áirítear cláir na nGearr-Sheisiún, na Seisiún Ceathrún, na nArd-Seisiún agus na nArd-Chúirteanna. Tháinig cuid mhór de na taifid sin slán mar nach raibh siad aistrithe chuig Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn ag na hoifigí cúirte áitiúla roimh an mbliain 1922.

Ina theannta sin, coimeádann an Chartlann Náisiúnta roinnt cóipeanna agus trascríbhinní de thaifid dhíothaithe, lena n-áirítear trascríbhinní de rollaí meánaoiseacha a rinne Coimisiún na dTaifead agus cóipeanna de thaifid dhlíthiúla agus de thaifid thiomnacha a fuarthas ó fhoinsí éagsúla, go háirithe bailiúcháin phríobháideacha a dheonaigh aturnaetha.

Cad iad na mionsonraí nach mór dom a bheith agam chun cuardach a dhéanamh i dtaifid chúirte?

Tá eagar curtha ar luath-thaifid chúirte de réir leibhéal na cúirte, de réir shuí na cúirte agus de réir dáta. Le go mbeidh an cuardach chomh héifeachtúil agus is féidir, beidh ar thaighdeoirí a bhfuil cás ar leith á lorg acu eolas a bheith acu ar na mionsonraí sin. Is foinse mhaith iad ábhair chartlainne nuachtáin chun teacht ar fhaisnéis faoi luath-thaifid chúirte. Tá catalógú déanta ar gach taifead ar leith de chuid na Cúirte Dúiche agus na Cúirte Cuarda a bhaineann leis an tréimhse tar éis na bliana 1983 agus is féidir iad a ordú trí úsáid a bhaint as cód tagartha na Cartlainne Náisiúnta ina bhfuil trí chuid.

Conas a ordaím taifid chúirte?

Braitheann an tslí ina n-ordaíonn taighdeoirí taifid chúirte ar leibhéal na Cúirte agus ar na taifid atá i gceist. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach faoin gceannteideal a bhaineann le gach leibhéal cúirte ar leith.