Taifid dhlíthiúla

Cóipeanna deimhnithe a ordú

Cóip dheimhnithe a ordú

Soláthraíonn an Chartlann Náisiúnta cóipeanna deimhnithe de dhoiciméid atá faoina cúram. Is cóipeanna oifigiúla iad cóipeanna deimhnithe, ar cóipeanna iad lena ngabhann litir agus séala fíordheimhniúcháin a eisíonn an Chartlann Náisiúnta i gcás taifid atá ag teastáil ar mhaithe le cúrsaí dlíthiúla.

Is é atá sna cineálacha taifead is minice a iarrtar deimhniúchán ina leith ná taifid thiomnacha, lena n-áirítear uachtanna, deonuithe probháide agus sceidil sócmhainní. Ina theannta sin, is minic a iarrtar comhaid chúirte, lena n-áirítear iarratais ar cheadúnais tábhairneora, agus tuairisceáin dhaonáirimh na mblianta 1901 agus 1911.

Gearrtar táille i leith na seirbhíse seo. Chun mionsonraí faoi tháillí a fháil, féach Sceideal táillí agus na Rialacháin um Chartlann Náisiúnta (Táillí), 2012 le do thoil.

I gcás ina bhfuil cóip de thaifead ag teastáil ar mhaithe le faisnéis amháin, seachas ar mhaithe le cúrsaí dlíthiúla, is ceart gnáthchóip a ordú. Níl aon seasamh dlíthiúil ag gnáthchóip. Chun tuilleadh faisnéise maidir le gnáthchóip a fháil, féach Cóipeanna d’ábhair chartlainne a fháil.