Taifid dhlíthiúla

Taighde ar ábhair dhlíthiúla na cartlainne

Cén t-ábhar ar mhaith leat taighde a dhéanamh faoi?

An mian leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi stair do theaghlaigh, an mac léinn tú agus spéis ar leith agat i stair an dlí nó i stair pholaitíochta nó an taighdeoir gairmiúil tú agus cás sonrach dlí nó taifead sonrach tiomnach á lorg agat?

Cén fáth go measann tú go bhfuil gá le cuairt a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta?

Coimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid nua-Stát na hÉireann ón tráth ar bunaíodh é go dtí thart ar an mbliain 1986, lena n-áirítear taifid de chuid ranna rialtais, gníomhaireachtaí stáit agus na gCúirteanna.

An bhfuil aon taighde cúlra déanta agat?

Is minic a thagann taighdeoirí ar cuairt chuig an gCartlann Náisiúnta gan aon léitheoireacht thánaisteach a dhéanamh faoina réimse spéise. Mholfaimis go mór do thaighdeoirí foinsí agus foilseacháin atá ar fáil in áiteanna eile a scrúdú chun a fháil amach cad iad na foinsí príomha atá ann, an bhfuil siad le fáil sa Chartlann Náisiúnta agus an gá cuairt a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta i bpearsa. Tá cuid mhór foinsí tánaisteacha, lena n-áirítear leabhair, irisí nó láithreáin ghréasáin, ar fáil i leabharlanna áitiúla agus i leabharlanna ollscoile.

Is féidir tosú trí bhunfhíorais a bhailiú faoin duine nó faoin ábhar ina bhfuil spéis agat. Déan roinnt léitheoireachta cúlra faoin tréimhse atá i gceist d’fhonn comhthéacs a chur ar fáil do na foinsí taighde.

Má tá tú ag dul i mbun taighde a bhaineann le stair an dlí nó le beartas rialtais, cuir eolas ar chóras riaracháin an rialtais agus ar chóras na gcúirteanna, lena n-áirítear cén leibhéal cúirte a chinn cás nó saincheist ar leith. Bíodh tuiscint agat ar na hathruithe a tháinig ar chúrsaí riaracháin na hÉireann ón tráth a raibh sí faoi riail Shasana go dtí bunú an Stáit. I rith bhlianta na 1920-idí, mar shampla, bunaíodh cuid mhór ranna rialtais agus tháinig athrú ar chóras na gcúirteanna. Léirítear na hathruithe sin sna cineálacha taifead a cruthaíodh agus, dá bharr sin, sna cineálacha ábhar cartlainne atá ar fáil anois do thaighdeoirí.

Cén tuiscint is ceart a bheith agam, roimh mo chuairt, faoi úsáid na Cartlainne Náisiúnta?

Is gá duit tuiscint a bheith agat faoin gcineál taifead a choinnímid agus faoin gcúis leis na taifid sin a choinneáil. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh tuairim agat faoin méid is mian leat a fhoghlaim le linn do chuairte. D’fhéadfadh taighde cartlainne a bheith deacair agus d’fhéadfadh sé cuid mhór ama a thógáil. Is faoin taighdeoir atá sé a chinntiú go mbíonn dóthain ama acu chun a dtaighde a dhéanamh.

Conas atá eagar curtha ar na hábhair chartlainne dhlíthiúla?

Ní chuirtear eagar ar thaifid cartlainne de réir a n-ábhair mar a dhéantar i leabharlann. Cuirtear eagar ar na bailiúcháin de réir an chomhlachta rialtais, na cúirte nó an duine lena mbaineann siad. Faightear rochtain ar na bailiúcháin trí úsáid a bhaint as áiseanna aimsithe nó as catalóga ina dtugtar mionsonraí faoi ábhar nó faoi chód tagartha uathúil a ghabhann le taifid.

Chun rochtain a éascú agus, ag an am céanna, chun a chinntiú go gcoimeádtar taifid san ord ina raibh siad, cuirtear eagar ar ábhair chartlainne trí úsáid a bhaint as cód tagartha don chomhlacht a chruthaigh an t-ábhar atá i gceist, amhail cúirt, agus as cód don tsraith taifead, mar aon le huimhir an taifid laistigh den tsraith.

Maidir le nithe de chineál níos nua-aimseartha, tá an cód tagartha tríchodach ar fáil sa chatalóg ar líne ach, i gcás na sealbhúchán is sine, ní mór an áis aimsithe cruachóipe páipéir a cheadú sa Seomra Léitheoireachta. Tá eagar curtha ar na bailiúcháin de réir chruthaitheoir an ábhair cartlainne nó an chomhlachta a rinne na taifid. I gcás na gCúirteanna, sin leibhéal na cúirte agus an contae. Mar shampla, déantar taifid Chúirte Dúiche a eagrú de réir contae agus, ina dhiaidh sin, de réir ábhair, déantar taifid Chúirte Cuarda a eagrú de réir Contae agus, ina dhiaidh sin, de réir Ábhair, ach déantar uaschúirteanna a eagrú de réir ábhair mura rud é go suíonn siad ar cuaird mar is amhlaidh i gcás na hArd-Chúirte. Sna cásanna sin, déanann an Cláraitheoir Contae bainistíocht ar na taifid agus aistrítear chuig an gCartlann Náisiúnta iad tríd an gCúirt Chuarda. Déantar na taifid sin a eagrú de réir an Chontae inar tharla an suí agus, ina dhiaidh sin, de réir an ábhair.

Conas a dhéantar cuardach ar ábhair chartlainne dhlíthiúla atá á gcoinneáil sa Chartlann Náisiúnta?

Níl formhór na dtaifead cúirte a cruthaíodh roimh an mbliain 1983 inchuardaithe sa chatalóg ar líne. Eisceacht ina leith sin is ea taifid thiomnacha. Tá féilire na n-uachtanna do gach bliain ar leith inchuardaithe ar líne.

Maidir le taifid eile chúirte, lena n-áirítear taifid na Cúirte Dúiche agus taifid na Cúirte Cuarda a cruthaíodh roimh an mbliain 1983, agus maidir le gach uaschúirt eile agus maidir lena gcomhlachtaí réamhtheachtacha, ní mór na háiseanna aimsithe a cheadú sa Seomra Léitheoireachta. Níl na sraitheanna taifead seo inchuardaithe faoi láthair sa chatalóg ar líne.

Mura bhfuil tú cinnte i dtaobh cén áit, nó cén tráth, ar seoladh cás dlíthiúil, ceadaigh na hábhair chartlainne atá ag nuachtáin áitiúla agus ag nuachtáin náisiúnta a bhfuil cuid mhór acu ar fáil ar líne anois. Tá cóipeanna micreascannáin ar fáil freisin i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (www.nli.ie). Is minic a bhíonn faisnéis ar fáil sna foinsí sin faoi shuíonna cúirte, mar aon le mionsonraí faoi na cásanna a bhí ann. Bíonn an fhaisnéis sin fíor-thábhachtach i dtaca le haon chomhaid nó doiciméid eile a d’fhéadfadh a bheith ar marthain a aimsiú. Gan faisnéis bhunúsach a bheith ann, amhail leibhéal na cúirte agus dáta an tsuí, ní dóigh go n-éireoidh le cuardach i dtaifid na cúirte ós rud é go bhfuil eagar curtha ar a bhformhór de réir an ábhair seachas de réir ainm daoine ar leith

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Taifid Chúirte a Choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta, le do thoil.

An ionann cuairt a thabhairt ar chartlann agus cuairt a thabhairt ar leabharlann?

Ní hionann. De ghnáth, cuireann leabharlanna rochtain ar fáil ar fhoilseacháin phriontáilte, agus is minic gurb ábhar é sin ar féidir é a athsholáthar. Cuireann an Chartlann Náisiúnta rochtain ar fáil ar thaifid bhunaidh a cruthaíodh mar chuid d’obair an rialtais, d’obair na gcúirteanna agus d’obair institiúidí nó daoine príobháideacha. Is doiciméid uathúla iad na hábhair chartlainne sin agus ní féidir iad a athsholáthar agus, dá bhrí sin, d’fheadfadh feidhm dhlíthiúil a bheith acu. Ós rud é gur taifid bhunaidh iad na hábhair chartlainne, tá cúrsaí slándála agus caomhantais ina gcuid dhílis den rochtain a chuirtear ar fail don phobal. Ní thugtar rochtain ach amháin do dhaoine den phobal ag a bhfuil Ticéad Léitheora bailí.

Conas a fhaightear rochtain ar ábhair chartlainne sa Seomra Léitheoireachta?

Tar éis don taighdeoir an cód tagartha ceart a shainaithint, cuirtear an cód sin isteach ar dhuillín buí ordaithe agus tugtar do dhuine den fhoireann é ag an gcuntar sa Seomra Léitheoireachta agus déanfaidh an duine den fhoireann socrú chun an t-ábhar a fháil ó na seilfeanna nó ó na limistéir stórála.

Tá formhór na dtaifead dlíthiúil á gcoimeád in áiteanna stórála ar shiúl ón láithreán. Baineann sé sin le gach taifead tiomnach a cruthaíodh roimh an mbliain 1975, agus le gach taifead de chuid Chúirteanna na Coróineach agus na Síochána, de chuid na hArd-Chúirte, de chuid na Cúirte Uachtaraí, de chuid na Cúirte Achomhairc Choiriúil agus de chuid luath-thaifid na Cúirte Cuarda a bhaineann leis an tréimhse roimh na blianta i lár na 1970-idí. Coimeádtar ábhar de chuid na Cúirte Dúiche ar an láithreán.

Chun faisnéis a fháil faoi ábhar a choinnítear in áiteanna ar shiúl ón láithreán, féach Ábhair Chartlainne a Ordú Roimh Ré, le do thoil.

D’fhéadfadh sé go mbeadh eagar curtha ar ábhair chartlainne mar ítim aonair, mar chomhad nó mar bhosca ítimí. Tá an t-ord inar ullmhaíodh na doiciméid thar a bheith tábhachtach agus ní ceart do thaighdeoirí riamh ord na n-ítimí atá ann i mbosca a athrú. Caomhnaíonn an t-ord ina gcuirtear an t-ábhar i láthair an córas comhdúcháin a bhí á úsáid ag an eagraíocht a chruthaigh an t-ábhar. Is minic a chuireann an córas comhdúcháin sin an oiread céanna faisnéise faoin ábhar cartlainne agus a chuireann na doiciméid ar fáil. Is é a d’fhéadfadh leanúint as iarracht an t-ord bunaidh a athrú ná cailleadh faisnéis a d’fhéadfadh a bheith an-tábhachtach agus ní ceart iarracht den sórt sin a dhéanamh riamh. Má tá aon amhras ar thaighdeoirí, nó má fhaigheann siad amach gur athraíodh comhad ar aon slí, is ceart an méid sin a chur in iúl don Chartlannaí Ar Dualgas sa Seomra Léitheoireachta.

Más eol duit go bhfuil na hábhair chartlainne ar mian leat iad a cheadú á gcoinneáil sa Chartlann Náisiúnta, tá roinnt beart le déanamh:

  1. Bain úsáid as an gcatalóg ar líne nó as na háiseanna aimsithe cruachóipe chun cód tagartha ceart a fháil. Go hiondúil, bíonn 3 chuid ann i gcóid tagartha sa chatalóg ar líne, mar shampla, 2015/44/13 nó TSCH/3/S1459.
  2. Faigh amach an bhfuil an t-ábhar ar fáil ina fhormáid bhunaidh nó an bhfuil digitiú déanta air. I gcás ábhair chartlainne dhlíthiúla, ní bhaineann sé seo ach le hábhar tiomnach. Is sa Seomra Léitheoireachta amháin atá na taifid chúirte go léir eile ar fáil do thaighdeoirí.
  3. Cuir eolas ar chóras riaracháin na gcúirteanna agus ar na feidhmeanna ar i ndáil leo atá freagracht ar gach leibhéal ar leith de na cúirteanna. Cumasóidh sé sin duit a chinneadh cén chúirt a chruthaigh na hábhair chartlainne lena mbaineann agus cén áit ina dtosóidh tú ag cuardach. Beidh sé sin ina chabhair freisin maidir lena fháil amach cén cineál taifead atá ar fáil. Mar shampla, cuimsíonn taifid na Cúirte Cuarda comhaid maidir le hionchoisní cróinéirí ach is é atá i dtaifid na Cúirte Dúiche ná cláir nach ngabhann aon chomhaid tacaíochta leo.
  4. Faigh tuiscint ar chóras na gcúirteanna in Éirinn agus ar na hathruithe atá déanta thar am, go háirithe nuair a bhíonn ábhar á lorg a bhaineann leis an tréimhse roimh shaoirse ón mBreatain. Tharla athruithe móra ar chóras na gcúirteanna i lár na 1920-idí agus is é a lean as sin ná go bhféadfadh sé gur tháinig athrú freisin ar na cineálacha taifead a cruthaíodh agus ar an tslí ina bhfaightear rochtain orthu.
  5. Bí cinnte go bhfuil na taifid atá á lorg agat 30 bliain d’aois ar a laghad. Ní bhaineann an tAcht um Chartlann Náisiúnta 1986 ach amháin le taifid atá níos sine ná 30 bliain. Cé go raibh sé de nós ag Oifig na dTaifead Poiblí glacadh le haistriú taifead cúirte nuair a bhí siad 20 bliain d’aois, scoireadh den chleachtas sin mar thoradh ar shrianta ó thaobh spáis de. Ní bheidh taifid nach bhfuil 30 bliain d’aois aistrithe fós chuig an gCartlann Náisiúnta. Más rud é nach ndearnadh na taifid atá á lorg agat a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta, is gá teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an gcomhlacht a chruthaigh na taifid. Eisceacht ina leith sin is ea taifid thiomnacha ón Oifig Phrobháide agus coimeádtar taifid den sórt sin a bhaineann leis an tréimhse suas go dtí an bhliain 1991.
Cóipeanna d’ábhair chartlainne a Ordú

Is féidir cóipeanna deimhnithe agus gnáthchóipeanna de thaifid dhlíthiúla a ordú. Is ar mhaithe le faisnéis, agus ar mhaithe leis sin amháin, a eisítear gnáthchóip. Is féidir cóip dheimhnithe a úsáid in imeachtaí dlíthiúla. Gearrtar táille i leith seirbhísí cóipeála. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi ghnáthchóipeanna agus faoi chóipeanna deimhnithe a ordú agus faoin sceideal táillí, féach Cóipeanna d’ábhair chartlainne a fháil, le do thoil.

Comhairle Fhóinteach

Tar éis duit an réimse spéise atá agat a chinneadh, tóg roinnt ama chun breathnú ar an láithreán gréasáin d’fhonn teacht ar fhaisnéis faoi na hábhair chartlainne ar mian leat iad a cheadú. Tá cuid mhór de na freagraí ar cheisteanna a chuirtear go minic le fáil ar an láithreán gréasáin. Más rud é nach n-aimsíonn tú an fhaisnéis atá á lorg agat Déan Teagmháil Linn, le do thoil.

Maidir le luath-thaifid chúirte a díothaíodh in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn i rith an Chogaidh Chathartha sa bhliain 1922, déan seiceáil ar chóipeanna ionadacha, lena n-áirítear iad siúd a fuarthas ó fhoinsí príobháideacha amhail bailiúcháin aturnaetha agus taifid ghnó nó trascríbhinní a cruthaíodh sular cailleadh na taifid. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Taifid Thiomnacha a Choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta, le do thoil.

Tá sé tábhachtach go gcoimeádfadh taighdeoirí cuntas ar aon ábhair chartlainne atá ceadaithe acu. Le go mbeidh tú in ann dul siar ar an obair atá déanta agat, más gá sin, déan deimhin de, le do thoil, go ndéanfaidh tú nótaí mionsonraithe faoi chóid tagartha nó faoi thuairiscí i gcás seantaifead agus i gcás inar thángthas ar fhaisnéis. I gcás nach gcoinnítear cuntas ar fhaisnéis bhunúsach, amhail cóid tagartha, d’fhéadfadh castachtaí gan ghá a bheith ann níos faide anonn, lena n-áirítear gan taighdeoirí a bheith in ann tagairt cheart a dhéanamh d’ábhair nó gan baill foirne na Cartlainne Náisiúnta a bheith in ann cabhair a thabhairt maidir le ceisteanna a chuirtear. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Tagairt a Dhéanamh d’Ábhair Chartlainne a Choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta, le do thoil.