Athraigh téacs
  • Normal text
  • Colour Text
  • Black and white text

Inrochtaineacht

 

An chuma atá ar ár leathanaigh

Tá ‘an chuma chéanna’ ar na leathanaigh go léir atá ar an láithreán. Ar bharr an leathanaigh, tá naisc leis an leathanach baile, an bosca chuardach agus nasc chun téacs agus dathanna a athrú. Tiocfaidh tú ar an bpríomhnascleanúint don láithreán ansin atá deighilte ina hocht dtopaic: Baile, Eolas fúinn, Tabhair cuairt orainn, Cuardaigh na cartlanna, Ginealas, Seirbhísí, Taighde agus Acmhainní digiteacha.

 

Ansin, roinntear an leathanach ina dhá cholún:

 

  • Athróidh an clár ar thaobh na láimhe clé de réir mar a bhrabhsálann tú trí na fo-ranna éagsúla

 

  • Tiocfaidh tú ar théacs an leathanaigh ar tháinig tú air trí bhrabhsáil sa cholún láir (colún ábhair)

 

 

Méid cló

Baintear úsáid as bileoga stíle ar an láithreán seo, trína bhféadfar méid cló a athrú ar shlí sholúbtha, chun freastal ar riachtanais an úsáideora. Ar bharr an leathanaigh, tugann an ‘Athraigh téacs’ agus dathú boscaí roghanna duit an téacs is fearr leat a roghnú.

 

Nó, má cheapann tú go bhfuil méid an chló ró-bheag, níl ort ach an méid cló réamhshocraithe a mhéadú i do chuid bogearraí brabhsálaí gréasáin – mar shampla, le Internet Explorer, is féidir méid an chló a athrú sa chlár ‘View’ faoi ‘Text Size’ (b’fhéidir nach n-oibreodh an ghné seo mar ba cheart i ngach brabhsálaí gréasáin).

 

 

Formáid PDF

Tá roinnt den eolas atá ar an láithrean gréasáin ar fáil i bhformáid .pdf mar éascaíocht do léitheoireacht agus do phriontáil as líne. Níl an fhormáid seo ar fáil go héasca d’úsáideoirí atá faoi mhíchumas ach táimid ag obair chun ár n-acmhainní ar-líne a chur ar fáil níos eascaí i leagan HTML.

 

 

Inis dúinn

Má bhíonn aon deacrachtaí agat an láithreán seo a úsáid, déan teagmháil linn, le do thoil.