Ginealas

Ár gcuid foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil

Réamhrá

Is réamhrá ginearálta é seo maidir leis na foinsí faisnéise atá ar fáil sa Chartlann Náisiúnta dóibh siúd atá ag dul i mbun taighde ar stair áitiúil agus ar stair theaghlaigh. Tá sé mar aidhm aige tuairisc a thabhairt ar na hábhair chartlainne lena mbaineann ach, ina theannta sin, tá sé mar aidhm aige faisnéis a thabhairt faoi fhoinsí ábhartha ionchasacha atá ar fáil i dtaisclanna eile. Mar réamhrá ginearálta, níl an liosta foinsí seo iomlán agus ní thugtar tuairisc ann ach amháin faoi na foinsí sin a bhaineann le daoine i gcoitinne. Tá digitiú déanta ar chuid de na bailiúcháin atá i gceist agus tá siad sin ar fáil ar líne; maidir le foinsí eile, bíonn gá le diantaighde deacair cartlainne ina leith nach mór é a dhéanamh i bpearsa sa Chartlann Náisiúnta. Tá tuilleadh faisnéise faoi dhul i mbun taighde cartlainne, mar aon le treoirleabhair faoi chuid de na bailiúcháin lena mbaineann, ar fáil faoi Taifid stairiúla.

Má tá ainm, áit agus tréimhse gharbh ar eolas agat, is iad seo a leanas na príomhábhair chartlainne atá ar fáil chun taighde a dhéanamh iontu:

  • Taifid Cheaproinnt na nDeachúna do dhaoine a mhair le linn bhlianta na 1820-idí nó 1830-idí;
  • Taifid na Luachála Príomha agus taifid luachála do dhaoine a mhair le linn bhlianta na 1840-idí, 1850-idí nó 1860-idí; agus
  • Tuairisceáin dhaonáirimh na mblianta 1901 agus 1911 do dhaoine a mhair sa chuid luath den 20ú haois.

Má tá dáta breithe, pósta nó báis sinsir ar eolas agat, is féidir tuilleadh mionsonraí a lorg i dtaifid a bhaineann le cúrsaí breithe, báis, pósta, baiste agus adhlactha.

Innéacsanna Ginealais & Foinsí Ar Líne

Mura bhfuil an paróiste nó an baile fearainn a raibh cónaí ar shinsear ann ar eolas agat, is féidir na cuardaigh agus na hinnéacsanna seo a leanas a úsáid chun cabhrú leat an cuardach a dhíriú ar limistéar geografach ar leith:

  • Is féidir cuardach a dhéanamh i Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna agus is féidir rochtain a fháil orthu ar líne ar ár láithreán gréasáin ginealais.

Má dhéantar cuardach simplí ar shloinne ar an láithreán gréasáin sin, gheofar torthaí trína sainaithneofar an baile fearainn, an paróiste agus an contae a luaitear an t-ainm ina leith i Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna.

  • Is féidir a dhéanamh sa Luacháil Phríomha a bhfuil rochtain ar líne ar fáil uirthi ag www.askaboutireland.ie.

Má dhéantar cuardach simplí ar shloinne ar an láithreán gréasáin sin, gheofar torthaí trína sainaithneofar an contae, an paróiste agus a luaitear an t-ainm ina leith sa Luacháil Phríomha agus, chomh maith leis sin, gheofar torthaí trína sainaithneofar ranna críochacha eile amhail barúntachtaí agus aontais.

  • Is féidir cuardach ar líne a dhéanamh i dtuairisceáin dhaonáirimh na mblianta 1901 agus 1911 agus in ábhar marthanach a bhaineann le daonáirimh na mblianta 1821, 1831, 1841 agus 1851 agus, chomh maith leis sin, tá foirmeacha cuardaigh daonáirimh ar fáil ar ár láithreán gréasáin ginealais.

Tá innéacsanna éagsúla ar fáil sa Seomra Léitheoireachta agus is féidir cuardach a dhéanamh iontu de réir sloinne, ábhair agus logainm, amhail innéacsanna a bhaineann le bannaí ceadúnas pósta, le hachomaireachtaí ginealais agus le taifid mharthanacha thiomnacha eile de chuid an 20ú haois agus le hábhair chartlainne eile.

Seomra léitheoireachta

Tá tuilleadh fáisneise ar Ticéid léitheoireachta agus seirbhísí don phobal ar fáil ar Tabhair cuairt orainn.