Ginealas

Seirbhís ghinealais

Soláthraímid Seirbhís Chomhairleach Ghinealais saor in aisce do thaighdeoirí. Is ar thaigheoirí atá ag déanamh taighde don chéad uair agus ar chuairteoirí atá ag tabhairt cuairte don chéad uair atá sé dírithe go bunúsach ach tá fáilte roimh thaighdeoirí a bhfuil taithí taighdeoireachta acu leas a bhaint as freisin.

Bíonn an tSeirbhís sin ar fáil ó Luan go hAoine, ó 10:00 go 17:00 (seachas sos ag am lóin, 13:00 – 14:00), d’aon duine a bhfuil ticéad léitheora bailí aige/aici.

Ginealeolaithe gairmiúla a chuireann an tseirbhís sin ar fáil agus is baill iad go léir de Accredited Genealogists of Ireland. Tá tuilleadh faisnéise faoi chuairt a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta agus faoi úsáid a bhaint as an tSeirbhís Ghinealais ar fáil faoi Tabhair cuairt orainn.