Athraigh téacs
  • Normal text
  • Colour Text
  • Black and white text

Ginealas

Réamheolas


Is sa Chartlann Náisiúnta atá go leor de na taifid a bhaineann le ginealach na hÉireann. Cé nach féidir leis an gCartlann taighde a dhéanamh thar ceann dhaoine den phobal, tá fáilte roimh chách teacht agus féachaint ar na foinsí atá againn ar stair an teaghlaigh agus ar stair áitiúil, agus na foinsí sin a iniúchadh.

 

Is mar threoir atá na leathanaigh seo a leanas ar acmhainní sa Chartlann Náisiúnta beartaithe do bhaill an phobail atá ag cur tús le cuardach ar stair a dteaghlaigh. Molaimid go bhféachfaidh tú ar an eolas seo sula dtugann tú cuairt ar an gCartlann Náisiúnta, mar go gcabhróidh sé leat cur amach a fháil ar ár bhfoinsí ginealais agus chomh maith leis sin go gcuirfidh sé ar chumas na foirne sa Seomra Léitheoireachta cabhrú le haon fhiosruithe a d’fhéadfadh a bheith agat.

 

Is féidir leis an bpobal freisin leas a bhaint as ár Seirbhís Ghinealais faoi dhíon ár dtí féin lena gcuireann ár nginealeolaithe gairmiúla seirbhís comhairliúcháin phearsanta, atá saor in aisce agus gearr, ar fáil do chuairteoirí chuig an gCartlann Náisiúnta a bhíonn ag déanamh taighde ar a gcraobha ginealaigh.