Ginealas
Ag tosnú
Maidir le cuardaigh ghinealais sa Chartlann Náisiúnta tá sé riachtanach an oiread eolais agus is féidir a bhailiú ar an teaghlach a bhfuil taighde á dhéanamh faoi agus is cabhair é na píosaí eolais seo a leanas a bheith agat:
- Sloinne an teaghlaigh
- An paróiste nó baile fearainn ina raibh cónaí ar an teaghlach
- Dáta breithe, pósta nó báis measta
Má tá ainm, áit agus dáta breithe, pósta nó báis measta ar eolas an áit is fearr le tosú ná:
- Do dhuine a mhair idir 1901 nó 1911: na tuairisceáin daonáirimh
- Do dhuine a mhair sna 1840idí, 1850idí agus 1860idí: an Luacháil Phríomha (ar a dtugtar Luacháil Griffith)
- Do dhuine a mhair sna 1820idí nó 1830idí: na Leabhair Leithroinnte Deachúna
Má tá dáta breithe, pósta nó báis ar eolas is féidir breis mionsonraí a fháil óna na taifid a bhfuil cuntas thíos orthu. Mura bhfuil an paróiste nó an baile fearainn ina raibh an teaghlach ina gcónaí ar eolas, d’fhéadfadh na foinsí thíos a bheith ina gcabhair bhreise, go háirithe más sloinne neamhghnách atá ann.
- Innéacs CD-ROM don Luacháil Phríomha (ar a dtugtar Luacháil Griffith);
- Innéacsanna de Shloinnte sa Luacháil Phríomha agus Na Leabhair Leithroinnte Deachúna (tá Imleabhar nó níos mó ann do gach contae);
- Tábla ag taispeáint sloinnte le cúig iontráil nó níos mó in innéacsanna breithe 1890 agus na príomhchontaetha ina bhfuarthas iad (Irish Genealogy, a Record Finder, pp 199–232);
- Innéacs cárta tiomnaithe agus innéacsanna eile ag dul le huachtanna agus taifid thiomnacha;
- Bannaí ceadúnas pósta;
- Innéacsanna do shleachta ginealais;
- Innéacs cártaí ilghnéitheacha;
- Manuscript Sources for the History of Irish Civilisation (féach Foilseacháin ghinealais).



