Athraigh téacs
  • Normal text
  • Colour Text
  • Black and white text

Eolas fúinn

Stair


Ghlac Cartlann Náisiúnta na hÉireann, a bunaíodh ar an t-aonú lá de Mheitheamh 1988, le feidhmeanna a chomhlíon Oifig na Stát-Pháipéar (1702) agus Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann (1867) roimhe sin. Bunaíodh an chéad oifig i 1702 mar thaisce do thaifid a bhain le riaracháin Fhir Ionaid an Rí (ionadaí Ríoga na Breataine in Éirinn), thug siadsan leo roimhe sin a gcuid taifead ar fad ar fhágáil oifige dóibh. Bhí Oifig na Stát-Pháipéar lonnaithe i gCaisleán Bhaile Átha Cliath go dtí 1990.

 

Lonnaithe in Ionad na gCeithre Cúirteanna, bunaíodh Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann faoi Acht na dTaifead Poiblí (Éire) 1867 chun taifid riaracháin, cúirte agus probháide os cionn fiche bliain d’aois a bhailiú. Le linn an Chogaidh Chathartha tógadh na Ceithre Cúirteanna agus scriosadh an foirgneamh taisce i dtine i Meitheamh 1922 chomh maith leis an gcuid ba mhó de na taifid a bhí ag dul siar go dtí an tríú haois déag.

 

I ndiaidh bhunú Shaorstát na hÉireann i 1922 lean Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann agus Oifig na Stát-Pháipéar ag feidhmiú go dtí 1986 nuair a chuir An tAcht um Chartlann Náisiúnta deireadh leis na hoifigí agus aistríodh a bhfeidhmeanna agus a gcuid sealbhas chuig an gCartlann Náisiúnta nuabhunaithe. Faoin reachtaíocht sin, aistrítear taifid na Ranna Rialtais agus a ngníomhaireachtaí chuig an gCartlann Náisiúnta nuair a bhíonn siad tríocha bliain d’aois.

 

I 1989 shann an Rialtas áitreabh i Sráid an Easpaig i mBaile Átha Cliath ar an gCartlann Náisiúnta. Fágadh áitreamh iarOifig na Stát-Pháipéar i dTúr na dTaifead i gCaisleán Bhaile Átha Cliath folamh i mí Lúnasa 1991 agus aistríodh ceannáras na Cartlainne Náisiúnta ón gCeithre Chúirt go Sráid an Easpaig i Meán Fómhair 1992 áit a bhfuilimid lonnaithe faoi láthair.

 

Rolla na nGiúisteoirí, 1317 (KB I/2)

Rolla na nGiúisteoirí, 1317 (KB I/2)