Feidhmeanna
Réamheolas
De réir an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986, áirítear iad seo a leanas ar fheidhmeanna na Cartlainne Náisiúnta maidir le cartlanna faoina cúram:
- Caomhnú, athchóiriú, réiteach agus cuntas ar na cartlanna;
- Treoracha, liostaí, innéacsanna agus cúnaimh chuardaigh eile maidir leis na cartlanna a ullmhú;
- Cartlanna a chur ar fáil d’iniúchadh poiblí;
- Cóipeanna de na cartlanna a dhéanamh agus a sholáthar;
- Foilseachán na gcartlann, cúnaimh chuardaigh agus ábhair eile a bhaineann leis na cartlanna;
- Seirbhísí oideachais a bhaineann leis na cartlanna a sholáthar.
Lenár gcuid oibre a dhéanamh tá an Chartlann Náisiúnta roinnte in aonaid fheidhmiúla a bhfuil na freagrachtaí seo a leanas orthu:
- Rannóg Stórála agus Chaomhnaithe Taifead
- Rannóg Seirbhísí Léitheoirí
- Rannóg Fála agus Tuairiscithe Taifead
- Rannóg na dTionscadal Speisialta



