Athraigh téacs
  • Normal text
  • Colour Text
  • Black and white text

Ceisteanna a chuirtear go minic

 

1. Ní raibh mé riamh sa Chartlann Náisiúnta, cad is ceart dom a dhéanamh?

 

Tá Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta oscailte do dhuine ar bith os cionn ocht mbliana déag d’aois a sholáthraíonn an dá phíosa aitheantais is gá. An chéad uair a thugann tú cuairt ar an gCartlann Náisiúnta, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora. Chun ticéad léitheora a fháil, beidh ort doiciméad/cárta aitheantais fótagrafach bailí – amhail pas nó ceadúnas tiománaí – a thabhairt leat, mar aon le cruthúnas ar do sheoladh buan, amhail bille fóntais nó doiciméid taistil a eisíodh le déanaí. Tá an ticéad léitheora bailí go ceann 3 bliana agus ní mór é a thabhairt ar aird gach uair a thugann tú cuairt ar an gCartlann Náisiúnta.

 

Mura bhfuil an doiciméad/cárta aitheantais ceart agus an cruthúnas ar do sheoladh agat, ní ligfear isteach sa Seomra Léitheoireachta thú. I gcás léitheoirí a bhfuil ticéad cothrom le dáta acu, ach a thagann ar cuairt gan an ticéad sin a bheith acu, féadfaidh siad ticéad dúblach a fháil más rud é (i) go ndéanann siad na cineálacha doiciméad/cártaí aitheantas a shonraítear thuas a thabhairt ar aird arís agus (ii) go n-íocann siad táille €5. Tá tuilleadh mionsonraí ar fáil ag an nasc seo a leanas: Ticéid léitheoirí.

 

 

2. An féidir le leanaí cuairt a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta?

Tá cáipéisí uathúla agus sobhriste sa Chartlann Náisiúnta nach mór do dhaoine a láimhseáil go cúramach. D’fhéadfadh nach mbeadh úsáid an tSeomra Léitheoireachta oiriúnach do mhionaoisigh agus ní mór dóibh siúd faoi bhun ocht mbliana déag d’aois teagmháil a dhéanamh leis an gCartlann Náisiúnta roimh a gcuairt chun a gcuid riachtanais taighde a phlé.

 

 

3. Cá bhfuil an Chartlann Náisiúnta suite?

 

Tá an Chartlann Náisiúnta suite ar Shráid an Easpaig i mBaile Átha Cliath 8. Tá sí suite in aice le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) ar Shráid Aungier agus le Stáisiún an Gharda Síochána ar Shráid Chaoimhín. Féach ar an léarscáil.

 

 

4. Cad iad na huaireanta oscailte?

 

Bíonn an Chartlann Náisiúnta ar oscailt ó Luan go hAoine, ó 9:15 go dtí 17:00. Ní dhúntar an Chartlann ag am lóin ach ní dhéanfar taifid a sholáthar idir 12:15 agus 13:30. Ní dhéanfar taifid a sholáthar tar éis 16:00. Is féidir taifid mhicreascannánaithe a sholáthar ó 9.15: go dtí 16:30. Ní bhíonn an Chartlann Náisiúnta ar oscailt go mall sa tráthnóna ná ag deireadh na seachtaine.

 

 

5. An bhfuil aon táille ann agus an gá dom áit a chur in áirithe?

 

Níl agus ní gá. Níl aon táille ann chun taifid a léamh. Gearrfar táille ar thaighdeoirí i leith cóipeanna d’ábhar cartlainne a dhéanann an fhoireann dóibh nó i leith cóipeanna clóite ó léitheoirí micreascannán. Ní gá áit a chur in áirithe roimh ré. Déantar roinnt taifead a stóráil in áiteanna lasmuigh den Chartlann agus ní bheidh teacht orthu ar lá do chuairte.

 

 

6. An bhfuil carrchlós agus saoráidí bialainne ann?

 

Níl. Ní mór do thaighdeoirí áiteanna páirceála poiblí a úsáid. Níl aon bhialann ann inar féidir bia agus deochanna teo a cheannach ach tá meaisín díola ann sa seomra locar poiblí. Tá raon leathan caiféanna agus bialanna, de chineálacha éagsúla, ann laistigh d’fhad siúil ón gCartlann Náisiúnta.

 

 

7. Cad iad na laethanta sa bhliain 2015 ar a mbeidh an Chartlann Náisiúnta dúnta?

 

Beidh an Seomra Léitheoireachta dúnta ar laethanta saoire poiblí agus ar feadh 3 lá ag tús mhí na Nollag 2017. Tá liosta iomlán de na dátaí dúnta sin ar fáil ag an nasc seo a leanas: Dátaí dúnta an tSeomra Léitheoireachta le linn 2017.
Tabharfar fógra roimh ré ar an láithreán gréasáin i gcás ina n-údaraíonn Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta aon dúnadh eile.

 

 

8. Cad iad na taifid a gheobhaidh mé sa Chartlann Náisiúnta?

 

Coimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid de chuid Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais atá níos sine ná 30 bliain d’aois, taifid chúirte (lena n-áirítear uachtanna), taifid daonáirimh, taifid ghnó agus aturnaetha a bhaineann go háirithe leis an tréimhse ón 19ú haois agus ó thús an 20ú haois, agus bailiúcháin phríobháideacha, lena n-áirítear roinnt bailiúchán a bhaineann le fearainn dhílse. Tá tuilleadh mionsonraí faoi na bailiúcháin is mó ráchairt atá againn ar fáil ag an nasc seo a leanas: Taifid sa Chartlann Náisiúnta.

 

 

9. An féidir liom cóipeanna de thaifid a fháil?

 

Is féidir, thig leat cóipeanna de thaifid a iarraidh. Tá mionsonraí faoi tháillí agus faoi sheirbhísí cóipeála ar fáil ag an nasc seo a leanas: Faigh cóipeanna de chartlanna.

 

 

10. An bhfuil cead agam grianghraif a ghlacadh?

 

Ceadaítear grianghrafadóireacht dhigiteach de réir choinníollacha áirithe. Chun cead a fháil grianghraif dhigiteacha a ghlacadh, ní mór duit labhairt leis an gCartlannaí atá ar dualgas sa Seomra Léitheoireachta. Ní cheadaítear tríchosaigh ná trealamh scanacháin a úsáid.

 

 

11. An féidir liom íoc as cóipeanna de thaifid trí úsáid a bhaint as cártaí creidmheasa/dochair?

 

Is féidir glacadh le híocaíocht le cárta creidmheasa/dochair ach tú a bheith i láthair sa Seomra Léitheoireachta. Ní ghlacfar le híocaíocht le teileafón. Is féidir íocaíocht a dhéanamh leis an bpost ar mhodh seic nó ordaithe poist nó ordaithe poist idirnáisiúnta ach é a bheith iníoctha leis an gCartlann Náisiúnta.

 

 

12. An féidir liom taifid a ordú sula dtagaim ar cuairt?

 

Is féidir, má tá ticéad léitheora bailí agat. Is féidir orduithe roimh ré a dhéanamh le ríomhphost (advanceorders@nationalarchives.ie) 3 lá oibre sula dtagann tú ar cuairt, ach sin i gcás ina bhfuil an cód tagartha ceart ar eolas agat.

 

 

13. An bhfuil na catalóga go léir ar fáil ar líne?

 

Níl. Níl na catalóga go léir ar fáil ar líne ach is féidir cuardach a dhéanamh sa chuid is mó de na taifid roinne agus sa chuid is mó den ábhar tiomnach trí úsáid a bhaint as an gcuid den láithreán gréasáin a bhaineann le cuardach, Cuardaigh na Cartlanna.

 

 

14. An féidir liom teacht ar thaifid ar líne?

 

Is i Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta amháin a bhíonn an chuid is mó den ábhar ar fáil. Tá líon beag bailiúchán ar fáil ar an láithreán gréasáin, go háirithe nithe a bhaineann le staidéar staire teaghlaigh, lena n-áirítear daonáirimh 1901 agus 1911, agus is féidir rochtain a fháil orthu sin ag an nasc seo a leanas: Láithreán Gréasáin Ginealais.

 

 

15. An bhfuil duine éigin ar fáil chun cuidiú liom maidir le stair mo theaghlaigh?

 

Soláthraíonn an Chartlann Náisiúnta Seirbhís Ghinealais saor in aisce ó Luan go hAoine, ó 9:30 go 17:00. Is féidir leis an nGinealeolaí comhairle a thabhairt i dtaobh conas do chraobh ghinealaigh a rianú agus tá comhairle ghinearálta faoi na bailiúcháin ar fáil ón gCartlannaí ar dualgas sa Seomra Léitheoireachta. Ní féidir coinne a dhéanamh leis an nginealeolaí roimh ré.

 

 

16. Cad é an difear idir uacht maille le deonú probháide agus deonú riaracháin?

 

Is é atá in uacht ná doiciméad ina léirítear mianta an duine éagtha. I gcás ina bhfaigheann duine ag a bhfuil sócmhainní, amhail talamh nó maoin nó sealúchais, bás ina d(h)íthiomnóir nó gan uacht, déantar iarratais chuig an Ard-Chúirt chun deonú riaracháin a fháil d’fhonn ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh amhail na ceanglais sin atá leagtha amach sna dlíthe a bhaineann le comharbas. Ní féidir deonú probháide nó deonú riaracháin a eisiúint ach amháin i gcás ina bhfuil duine tar éis bás a fháil. Tá tuilleadh faisnéise ar fail ag an nasc seo a leanas: Taifid Uachtanna agus Tiomnacha.

 

 

17. An gcoimeádann an Chartlann Náisiúnta cóipeanna de dheimhnithe breithe, báis agus pósta?

 

Ní choimeádann. Coimeádann Oifig an Ard-Chláraitheora, Sráid San Werburgh, Baile Átha Cliath 8, deimhnithe breithe, báis agus pósta.

 

 

18. An gcoimeádann an Chartlann Náisiúnta cláir pharóiste de chuid na hEaglaise Caitlicí?

 

Ní choimeádann. Déantar cláir pharóiste na hEaglaise Caitlicí a choimeád ar mhicreascannáin sa Leabharlann Náisiúnta. Coimeádann an Chartlann Náisiúnta cóipeanna de roinnt clár paróiste de chuid Eaglais na hÉireann agus tá an chuid is mó díobh sin ar fáil ar mhicreascannáin.