Ceisteanna
Ceisteanna a chuirtear go minic faoin gCartlann Naisiúnta
An bhfuil sé saor in aisce?
Níl aon táille i gceist chun cuairt a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta – níl táille iníoctha ach amháin sa chás go gceannaítear cártaí fotachóipeála agus chun íoc as fotachóipeáil doiciméad.
An gá dom cuairt a chur in áirithint?
Má thugann tú céannacht ghrianghraif leat, tabharfar ticéad léitheora duit a ligfidh duit na háiseanna go léir a úsáid gan iad a chur in áirithint. Má bhíonn tú ag teacht mar bhall de ghrúpa atá ar cuairt nó le haghaidh cainte tar éis uaire oibre, déan teagmháil linn roimh ré.
Cad iad na huaire oscailte agus na dátaí a mbeidh an Chartlann Náisiúnta dúnta le linn 2013?
Bíonn an Seomra Léitheoireachta sa Chartlann Náisiúnta ar oscailt do dhaoine a bhfuil ticéad léitheora bailí acu ó Luan go hAoine, 10.00 go dtí 17.00.
Beidh an Seomra Léitheoireachta dúnta na laethanta seo a leanas le linn 2013:
1ú Eanáir: lá saoire poiblí
18ú Márta: lá saoire poiblí
29ú Márta: lá saoire poiblí
1ú Aibreáin: lá saoire poiblí
6ú Bealtaine: lá saoire poiblí
3ú Meitheamh: lá saoire poiblí
5ú Lúnasa: lá saoire poiblí
28ú Deireadh Fómhair: lá saoire poiblí
4ú-6ú Nollaig: réamhthaispeántas na méan
24ú Nollaig (i.n.) go dtí 26ú Nollaig 2013 agus 1ú Eanáir 2014: dúnadh na Nollag 2013 agus na hAthbhliana 2014
An bhfuil carrchlós ag an gCartlann Náisiúnta?
Níl áiseanna páirceála ar fáil ar an láthair agus tá páirceáil sráide sa cheantar mór-thimpeall na Ceartlainne Náisiúnta an-teoranta. Mar sin féin, tá carrchlóis ilurlár tráchtála cóngarach don láthair ag Faiche Stiabhna agus ag Plás Theampall Chríost.
An bhfuil bialann ag an gCartlann Náisiúnta?
Cé go bhfuil meaisíní díola le caifé, tae, anraith, cannaí dí agus seacláid ar fáil sa Chartlann Náisiúnta, níl bialann againn – ach tá bialanna, caiféanna agus siopaí i gceantar Shráid an Easpaig.
Conas is féidir liom ticéad léitheora a iarraidh?
Is féidir ticéad léitheora a fháil saor in aisce ach foirm iarratais, atá ar fáil ar líne nó ón bhfáilteoir, a chomhlánú. Chun an nós imeachta eisiúna ticéad a éascú, iarrtar ar chuairteoirí céannacht ghrianghraif a thabhairt leo ar an gcéad chuairt – Is céannacht ghrianghraif inghlachta iad seo a leanas: pas; ceadúnas tiomána; cárta mic léinn (idirnáisiúnta); cárta leasa shóisialaigh; pas taistil nó céannacht fostaíochta. Eisítear na ticéid do thréimhsí suas go trí bliana agus níl siad bailí in institiúidí taighde eile.
Cá háit a dtosóidh mé mo thaighde?
Ar líne
Chun cabhrú leat níos mó a fhoghlaim faoi na taifid a choinnímid, soláthraíonn ár láithreán gréasáin eolas fúthu seo a leanas:
- Taifid a choinnítear (foinsí ginealais san áireamh)
- Treoirleabhair agus ailt taighde
- Cuardaigh na cartlanna
- Gníomhaireachtaí gaolmhara in Éirinn agus ar fud an domhain
Tabhair cuairt ar an gCartlann Náisiúnta
Más maith leat cuairt a thabhairt orainn, tugann ár láithreán gréasáin eolas ar:
- Uaire oscailte agus dátaí dúnta
- An tslí le ticéad léitheora a fháil
- An tslí le taifid a ordú, agus féachaint orthu, inár Seomra Léitheoireachta
An ndéanann an Chartlann Náisiúnta taighde thar ceann an phobail?
Ní dhéanann, ní féidir le foireann na Cartlainne Náisiúnta agus a Seirbhís Ginealais tabhairt faoi thaighde thar ceann an phobail. Ach soláthraíonn an tSeirbhís Ghinealais, lena ginealaithe gairmiúla, seirbhís chomhairliúcháin phearsanta saor in aisce do dhaoine a bhíonn i mbun taighde faoina muintir. Sa bhreis air sin, tá taighdeoirí gairmiúla, a dhéanann taighde íoctha ar ghinealas agus ar stair, liostaithe sa rannóg ghinealais. Ní ghlacann an Chartlann Náisiúnta freagracht ar bith as an obair a dhéanann na taighdeoirí gairmiúla ná as na táillí a ghearrann siad.
An féidir liom cóipeanna de thaifid a fháil?
Is féidir linn, faoi réir choinníollacha an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000, cóipeanna de dhoiciméid a sholáthar de ghnáth i bhfoirm fótachóipeanna, cóipeanna ó mhicreafhoirm agus cóipeanna ó íomhánna digiteacha. Ní féidir imleabhair cheangailte, léarscáileanna ná cáipeisí sobhriste a fhótachóipeáil agus ba chóir labhairt leis an gcartlannaí ar dualgas faoi mhodhanna eile cóipeála. D’fhonn breis sonraí a fháil ó thaobh ordú a dhéanamh, táillí agus postas srl. féach Faigh cóipeanna de chartlanna.
Cé chomh fada siar ar féidir liom mo shinsir Éireannacha a lorg?
Braitheann an tréimhse is féidir leat do shinsir a lorg go mór ar an eolas atá ar fáil cheana féin faoin duine a bhíonn i gceist. Le treoir sa bhreis a fháil faoi ghinealas féach ar Ag tosnú.
Ceisteanna a chuirtear go minic faoin ár láithreán gréasáin
Cad is féidir liom a dhéanamh ar an láithreán gréasáin seo?
Is féidir leat:
- Rogha de dhoiciméid bhunaidh a fheiceáil ar líne
- Ár liostaí agus catalóga a chuardach (áiseanna lorgtha)
- Ár sealbháin a iniúchadh agus breis eolais a fháil fúthu
An bhfuil sé saor in aisce?
Tá, níl aon táille ar dhoiciméid bhunaidh a fheiceáil ar líne ná ar chuardach a dhéanamh sna bunachair shonraí aimsithe.
An féidir liom doiciméid a fheiceáil ar líne?
Níl doiciméid bhunaidh ar fáil ar ár láithreán gréasáin seachas na doiciméid a chuirtear ar fáil mar íomhánna le fáil sa rannóg Acmhainní digiteacha. Is féidir, áfach, ár gcatalóga de thaifid ar líne a chuardach agus chomh maith leis sin fáiltímid roimh an bpobal cuairt a thabhairt orainn agus na taifid a léamh iad féin inár Seomra Léitheoireachta.
Tugann ár láithreán gréasáin eolas ginearálta faoin obair a bhíonn ar siúl againn, faoinár raon sealbhán, faoi na príomhfhoinsí don ábhar atá ar fáil le haghaidh taighde agus faoi na seirbhísí a sholáthraímid don Rialtas agus don phobal araon.



