Ár n-ábhair chartlainne

Páipéir Chláraithe Oifig an Phríomh-Rúnaí, 1818-1922

Is ionann taifid Oifig an Phríomh-Rúnaí agus ceann de na bailiúcháin is luachmhaire dá bhfuil ann agus ina gcuimsítear bunábhar foinse i gcomhair taighde ar Éirinn sa naoú haois déag agus ag tús an fichiú haois.

Is é is mó atá ann sna páipéir chláraithe ná comhfhreagras a tháinig isteach in Oifig an Phríomh-Rúnaí agus é ‘cláraithe’ ag cléireach de chuid na hoifige sin. I measc an chomhfhreagrais áirítear litreacha, achainíocha, meabhracháin, meamraim, mionnscríbhinní, moltaí, cuntais, tuarascálacha agus tuairisceáin. Tá foinse luachmhar ann sna páipéir do scoláirí i réimse stair pholaitíochta, shóisialta, eacnamaíochta agus oibreachais na hÉireann, agus i réimse stair na mban in Éirinn, agus, chomh maith leis sin, is foinse luachmhar eolais iad do staraithe áitiúla agus do ghinealeolaithe.

Tá catalóga le haghaidh na mblianta 1818-1833 agus doiciméid ina dtugtar comhthéacs tábhachtach staire ar fáil anois agus is féidir cuardach a dhéanamh san ábhar sin ar láithreán gréasáin Pháipéir Chláraithe Oifig an Phríomh-Rúnaí agus inár gcatalóg ar líne.

Card image cap

19.03.04

Deich mBliana na gCuimhneachán
Ar láithreán gréasáin na Cartlainne Náisiúnta a bhaineann le Deich mBliana na gCuimhneachán, tugtar léargas ar fhorbairt stairiúil na hÉireann...

Cuir eolas ar ár mBailiúcháin

Card image cap

19.02.06

Ár láithreán gréasáin ginealais
Tá láithreán gréasáin Ginealais forbartha ag an gCartlann Náisiúnta chun rochtain ar bhailiúcháin dhigitithe atá fóinteach le haghaidh taighde ar...

Cuir eolas ar ár mBailiúcháin