Ár n-ábhair chartlainne

Deich mBliana na gCuimhneachán

Ar láithreán gréasáin na Cartlainne Náisiúnta a bhaineann le Deich mBliana na gCuimhneachán, tugtar léargas ar fhorbairt stairiúil na hÉireann sa tréimhse ó 1912 go 1923, arbh í an tréimhse deich mbliana ba shuaite agus ba chlaochlaithí a bhí ann in Éirinn sa 20ú haois.

Nuair a tháinig deireadh leis an tréimhse sin, bhí an t-oileán deighilte ina dhá stát a raibh ceann amháin acu neamhspleách. Bhí an tír tar éis teacht trí Fhrithdhúnadh 1913, trí Chogadh Domhanda I, trí Éirí Amach na Cásca 1916, trí Chogadh na Saoirse agus trí chogadh cathartha a bhí thar a bheith achrannach.

Léiríonn an láithreán gréasáin fairsinge an ábhair a bhaineann leis an tréimhse fhíorthábhachtach deich mbliana sin agus atá á choimeád sa Chartlann Náisiúnta agus soláthraíonn sé rochtain ar an ábhar sin saor in aisce. Mar thoradh ar an tionscadal, tá roinnt bailiúchán curtha ar fáil ar an idirlíon cheana féin agus cuirfear lena líon sna blianta atá romhainn, rud a mhéadóidh líon na bhfoinsí príomha a bhfuil athrú á ndéanamh acu cheana féin ar thírdhreach an léinn agus ar an tírdhreach poiblí a bhaineann leis an tréimhse.

Card image cap

19.03.05

Páipéir Chláraithe Oifig an Phríomh-Rúnaí, 1818-1922
Is ionann taifid Oifig an Phríomh-Rúnaí agus ceann de na bailiúcháin is luachmhaire dá bhfuil ann agus ina gcuimsítear bunábhar...

Cuir eolas ar ár mBailiúcháin

Card image cap

19.02.06

Ár láithreán gréasáin ginealais
Tá láithreán gréasáin Ginealais forbartha ag an gCartlann Náisiúnta chun rochtain ar bhailiúcháin dhigitithe atá fóinteach le haghaidh taighde ar...

Cuir eolas ar ár mBailiúcháin