Seirbhísí don rialtas

Dualgais Oifigigh Foréilimh

Céard é Oifigeach Foréilimh?

  • Is é atá in Oifigeach Foréilimh ná duine a cheaptar faoi Rialachán 3(2) de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988, chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm alt 8(9) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 sa Roinn Stáit lena mbaineann sé nó sí.
  • Ní mór Oifigeach Foréilimh amháin ar a laghad a cheapadh i ngach Roinn Stáit de réir Rialachán 3(2). Tá míniú ar Roinn Stáit le fáil in alt 1(2) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 agus forléirítear é mar ní a chiallaíonn ní hamháin oifigeach ceannais Roinne agus a cuid fo-oifigí ach, freisin, mar ní a chiallaíonn oifigeach ceannais na gcúirteanna agus oifigeach ceannais na gcomhlachtaí atá liostaithe sa sceideal a ghabhann leis an Acht. Dá bhrí sin, baineann an téarma sin le beagnach gach comhlacht ar státseirbhísigh iad a gcuid ball foirne, lena náirítear Óglaigh na hÉireann agus An Garda Síochána.
  • Ní mór grád Oifigigh Feidhmiúcháin ar a laghad, nó grád atá comhionann leis sin, a bheith ag Oifigeach Foréilimh.

Céard iad a gcuid freagrachtaí?

  • Féadfaidh an tOifigeach Foréilimh, de réir Rialachán 11(1) de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988, a iarraidh go ndéanfar comhad atá aistrithe cheana féin chuig an gCartlann Náisiúnta, ach a bhfuil gá leis anois ar mhaithe le cúrsaí oibríochtúla, a athghlaoch.
  • Tá freagracht ar an Oifigeach Foréilimh i ndáil lena chinntiú go dtugtar an comhad ar ais don Chartlann Náisiúnta tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dháta an fhoréilimh mura rud é go mbeidh tréimhse fhadaithe comhaontaithe le Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta. Is de rogha Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, nó de rogha oifigigh de chuid na Cartlainne Náisiúnta atá ainmnithe chun na críche de réir Rialachán 11(2), a dheonófar aon fhadú den sórt sin.
  • Tá freagracht ar an Oifigeach Foréilimh i ndáil le socruithe a dhéanamh i gcomhair rochtain a thabhairt do dhaoine den phobal le linn an foréileamh sin a bheith i bhfeidhm, más gá sin.

 Conas a cheaptar Oifigeach Foréilimh?

  • Is é/í Ard-Rúnaí na Roinne Stáit lena mbaineann, nó oifigeach a bhfuil grád atá comhionann leis sin aige nó aici, a cheapann Oifigeach Foréilimh.
  • Ní mór litir ar pháipéarachas oifigiúil a bheith sínithe ag an Ard-Rúnaí agus ní mór í a sheoladh chuig Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta agus mionsonraí faoin duine, faoina ghrád/ghrád agus a mhionsonraí/mionsonraí teagmhála a áireamh inti.
  • Tá litir theimpléadach i leith Oifigeach Foréilimh a cheapadh ar fáil anseo.

 

Is ceart aon athruithe a bhaineann le hOifigigh Foréilimh, ó thaobh cúrsaí pearsanra nó mionsonraí teagmhála de, a chur in iúl don Chartlann Náisiúnta.