Seirbhísí don rialtas

Dualgais Oifigigh Deimhniúcháin

Céard é Oifigeach Deimhniúcháin?

  • Is é atá in Oifigeach Deimhniúcháin ná duine a cheaptar faoi Rialachán 3(1) de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988, chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Rialachán fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988, sa Roinn Stáit lena mbaineann sé nó sí.
  • Ní mór Oifigeach Deimhniúcháin amháin ar a laghad a cheapadh i ngach roinn nó i ngach oifig chúirte de réir Rialachán 3(1).
  • Ní mór grád Príomhoifigigh ar a laghad, nó grád atá comhionann leis sin, a bheith ag Oifigeach Deimhniúcháin.
  • In imthosca eisceachtúla, féadfar oifigeach arb ísle a ghrád nó a grád ná grád Príomhoifigigh, nó grád atá comhionann leis sin, a cheapadh mar Oifigeach Deimhniúcháin de réir Rialachán 3(1)(b), ach toiliú an Taoisigh a fháil ina leith sin.

Céard iad a gcuid freagrachtaí?

Aistriú
  • Tá freagracht ar an Oifigeach Deimhniúcháin i ndáil lena chinntiú go n-ullmhaíonn a roinn nó a n-oifig chúirte taifid lena n-aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta de réir alt 8 den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986.
  • Áiríonn sé sin deimhin a dhéanamh de go ndéantar taifid atá ar marthain le níos mó ná 30 bliain a eagrú, a uimhriú, a ghlanadh, a lipéadú agus a phacáistiú go cuí i mboscaí cartlainne. Tá freagracht orthu freisin i ndáil le socrú a dhéanamh maidir leis na taifid a iompar chuig áitreabh na Cartlainne Náisiúnta.
  • Tá freagracht ar Oifigigh Dheimhniúcháin i ndáil le deimhnithe a shíniú i leith aistriú agus scaoileadh taifead de réir alt 8(2) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 agus de réir Rialachán 5 de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988.
Coimeád/Coinneáil Siar
  • Tá freagracht ar Oifigigh Dheimhniúcháin i ndáil le deimhnithe a shíniú i leith taifid atá ann ina roinn nó ina n-oifig chúirte a choimeád nó a choinneáil siar de réir alt 8(2) agus 8(4) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 agus de réir Rialacháin 7 agus 8 de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988.
  • Ní mór deimhnithe a dhéantar faoi alt 8(2) agus a bhaineann le taifid atá i ngnáthúsáid i roinn nó in oifig chúirte a chur chuig an Oifigeach Toilithe i Roinn an Taoisigh agus chuig Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, de réir mar a cheanglaítear le Rialachán 7(2), agus ní mór sceideal na dtaifead, nó na sraithe taifead, a chur ag gabháil leo.
  • Ní mór deimhnithe a dhéantar faoi alt 8(4) agus a bhaineann le taifid a choinneáil siar ar na forais atá sonraithe san Acht a chur chuig Oifigeach Toilithe Roinn an Taoisigh lena mbreithniú agus le gníomh a dhéanamh ina leith, de réir mar a cheanglaítear le Rialachán 7(1), agus ní mór sceideal na dtaifead, nó na sraithe taifead, a chur ag gabháil leo.
  • Ní féidir éifeacht a bheith ag deimhniú a eisítear faoi alt 8(4) gan ceadú a fháil ina leith sin ó Oifigeach Toilithe Roinn an Taoisigh. Más rud é nach deimhin leis an Oifigeach Toilithe gur ceart taifead nó sraith taifead a choimeád agus/nó a choinneáil siar, ní mór an taifead a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta agus é a chur ar fáil lena iniúchadh ag an bpobal.
  • Ní mór don Oifigeach Deimhniúcháin deimhnithe a eisítear faoi alt 8(2) agus 8(4) a athbhreithniú gach 5 bliana de réir alt 8(6).
Diúscairt
  • Tá freagracht ar Oifigigh Dheimhniúcháin i ndáil le hiarratais ar dheimhnithe diúscartha de réir alt 7(4) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 agus de réir Rialachán 6 de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988, i leith taifid a measadh ina leith nach bhfuil aon luach fadtéarma acu a éilíonn iad a choimeád mar ábhair chartlainne.
  • Is sárú ar an Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 é aon taifid a dhiúscairt gan Deimhniú i leith Diúscairt Taifead Roinne atá sínithe ag Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta.
Conas a cheaptar Oifigeach Deimhniúcháin?
  • Is é/í Ard-Rúnaí na Roinne Stáit lena mbaineann a cheapann Oifigeach Deimhniúcháin.
  • Tá míniú ar Roinn Stáit le fáil in alt 1(2) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 agus forléirítear é mar ní a chiallaíonn ní hamháin oifigeach ceannais Roinne agus a cuid fo-oifigí ach, freisin, mar ní a chiallaíonn oifigeach ceannais na gcúirteanna agus oifigeach ceannais na gcomhlachtaí atá liostaithe sa sceideal a ghabhann leis an Acht. Dá bhrí sin, baineann an téarma sin le beagnach gach comhlacht ar státseirbhísigh iad a gcuid ball foirne, lena n-áirítear Óglaigh na hÉireann agus An Garda Síochána.
  • Ní mór litir ar pháipéarachas oifigiúil a bheith sínithe ar an Ard-Rúnaí agus ní mór í a sheoladh chuig Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta agus mionsonraí faoin duine, faoina ghrád/grád agus a mhionsonraí/mionsonraí teagmhála a áireamh ann.
  • Tá litir theimpléadach i leith Oifigeach Deimhniúcháin a cheapadh ar fáil anseo.
  • Is ceart iarratais ar choimeád, ar choinneáil siar agus ar dhiúscairt a dhéanamh ar na foirmeacha atá ar fáil sna foscríbhinní a ghabhann leis na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988.
  • Tá Deimhniú Samplach i leith Aistriú Taifead ar fáil ag Foscríbhinn 3 de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988.

 

Is ceart aon athruithe a bhaineann le hOifigigh Dheimhniúcháin, ó thaobh cúrsaí pearsanra nó mionsonraí teagmhála de, a chur in iúl don Chartlann Náisiúnta. Ní tharlaíonn aistriú phost an Oifigigh Deimhniúcháin go huathoibríoch mar thoradh ar athrú pearsanra.